Cruinniú práinneach idir Údarás agus Airí

Easpa airgid an Údaráis a bheas mar ábhar plé ag cruinniú práinneach atá iarrtha ag an eagraíocht le hAire agus Aire Stáit na Gaeltachta.

25/09/2014. Heather Humphreys.
An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys – cruinniú práinneach faoi mhaoiniú á lorg ag an Údarás léi mar gurb í atá ag bord an Rialtais. Pictúir : Sam Boal/Photocall Ireland

Níl aon tuar dóchais faighte ag Údarás na Gaeltachta go gcuirfear méadú ar a mbuiséad caipitil don bhliain seo romhainn, d’ainneoin go ndúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, go ndéanfadh sé a dhícheall tuilleadh maoinithe a lorg don eagraíocht.

Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta an Údaráis, a dúirt an méid sin le Tuairisc.ie.

Tá cruinniú ‘práinneach’ á lorg ag an Údarás leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus leis an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta le haird a tharraingt arís ar an ngéarghá atá le méadú ar mhaoiniú le go mbeidh sé ar a chumas ag an Údarás leanúint lena ról i bhforbairt fiontraíochta agus cruthú post.

Tá an cruinniú leis an Aire Sinsearach, Heather Humphreys, á lorg ag an Údarás mar gurb ise a bhíonn i láthair ag bord an Rialtais, a dúirt urlabhraí an Údaráis.

Ní fios fós an gcasfaidh an tÚdarás agus na polaiteoirí ar a chéile roimh Nollaig agus tá seans ann go gcaithfear fanacht go dtí tús na bliana úire don chruinniú.

Léirigh lucht bainistíochta an Údaráis a n-imní do bhaill bhord an Údaráis ag cruinniú an tseachtain seo faoin soláthar maoinithe atá ceadaithe don bhliain 2015.

Dúradh nach leor é chun tacú leis na fiosrúcháin ghnó atá idir lámha agus go gcaithfear an cheist seo a réiteach ar mhaithe le fás agus forbairt na Gaeltachta a chinntiú.

Dúradh i ráiteas tar éis an chruinnithe gur thug lucht bainistíochta an Údaráis le fios don Bhord gur ábhar dóchais dóibh an líon fiosrúcháin ghnó atá faighte ag an eagraíocht i dtaca le fiontair nua, na forbairtí nua atá pleanáilte ag a chliantchomhlachtaí reatha, agus an méadú ar infheistíocht agus ardú ar an líon poist nua a chruthófaí de bharr na bhforbairtí seo.

‘Tá na tograí nua seo tagtha chun cinn mar thoradh ar an straitéis forbartha réigiúnach éifeachtach atá á fheidhmiú ag an Údaráis le roinnt blianta anuas agus mar thoradh ar an fheabhas ginearálta atá ag teacht ar an gheilleagar áitiúil agus réigiúnach,’ a dúradh sa ráiteas.

Ag cruinniú na seachtaine seo, ceadaíodh tograí ina mbeifear ag súil go gcruthófar breis agus 100 post nua nuair a bheidh na forbairtí atá beartaithe curtha i gcrích.

Dúirt urlabhraí an Údaráis le Tuairisc.ie gur €6m. d’airgead caipitil atá á fháil ag an eagraíocht in aghaidh na bliana le ceithre bliana anuas agus go gcaithfí cur leis.

Cé go bhfuil buiséad na bliana seo romhainn socraithe, tá an tÚdarás ag súil go bhféadfadh cruinniú leis na hAirí tuilleadh maoinithe a fháil don eagraíocht i gcomhair 2015.

 

Fág freagra ar 'Cruinniú práinneach idir Údarás agus Airí'