Cruinniú le Brokenshire á lorg ag an Dream Dearg

Chuaigh toscaireacht ón Dream Dearg chuig áras cónaithe James Brokenshire i gContae an Dúin le hAcht Gaeilge don Tuaisceart a éileamh inniu

Cruinniú le Brokenshire á lorg ag an Dream Dearg

Tá cruinniú le Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, á éileamh ag an Dream Dearg leis an gcás ar son Achta Gaeilge ó thuaidh a phlé.

Chuaigh toscaireacht ón Dream Dearg agus baill eile de phobal na Gaeilge, daltaí scoileanna lán-Ghaeilge agus a dtuismitheoirí ina measc, chuig Hillsborough Castle i gContae an Dúin inniu, áras oifigiúil cónaithe Brokenskire, le litir a thabhairt ar láimh dó.

Bhí os cionn 60 duine i láthair ag an ócáid, agus bhí litir ag an uile dhuine acu – litir dá chuid féin, nó litir oifigiúil an ‘Dream Dearg’ –ag éileamh ar Brokenshire bualadh le hionadaithe ó phobal na Gaeilge chun reachtaíocht teanga a phlé.

Ligeadh le 100 balún dhearga taobh amuigh den chaisleán mar chuid den ócáid inniu. Tá an grúpa ag éileamh ar Brokenshire bualadh le lucht labhartha an Gaeilge mar ionadaí oifigiúil de chuid Rialtas na Breataine, “chun dualgais Rialtas na Breataine, mar chomh-shínitheoirí ar Chomhaontú Chill Rímhinn a léiriú go poiblí”.

Dúirt Gráinne Ní Ghillín, ón Dream Dearg, nach féidir le Rialtas Westminster “a beith ar an imeall a thuilleadh” agus go bhfuil sé “thar am” na dualgais atá orthu i leith na teanga a chomhlíonadh.

“Tháinig pobal na Gaeilge inniu chun tábhacht an phobail san fheachtas seo a threisiú arís eile, agus chun ról Rialtas na Breataine a athlua go soiléir. Tagann an t-éileamh don Acht Gaeilge díreach ónar sráideanna, ónár ndaoine óga, ónar dtuismitheoirí agus ónar scoileanna.

“Tá an pobal Gaeilge i ndiaidh an feachtas seo a thiomáint go croílár an dioscúrsa pholaitiúil agus ba mhian linn í a choinneáil ansin go mbainfear ár gcearta amach sa reachtaíocht,” a dúirt Gráinne Ní Ghillín.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhchóideachta le Conradh na Gaeilge, a bhí i láthair ag an ócáid inniu, go bhfuil pobal na Gaeilge “ag fanacht rófhada leis an stát” an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach.

“Is cearta daonna atá i gceist anseo agus anois an t-am don ghníomh. Tá muid ag éileamh go soiléir ar an Stát-Rúnaí Brokenshire teacht chun cruinnithe linn, chun suí síos leis an phobal agus ceist na Gaeilge a phlé linn.

“Táimid ag éileamh air fosta á ról a úsáid le linn na gcainteanna traspháirtí atá le tosú i mí Mheán Fómhair, le cinntiú go réiteofar an cheist seo faoi dheireadh agus go gcuirfear i bhfeidhm na gealltanais a tugadh i leith na Gaeilge,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Thagair sé freisin don tacaíocht atá léirithe do cheist an Achta Gaeilge, ag Comhairle na hEorpa, ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an gCoimisiún um Chearta an Duine anseo.

Fág freagra ar 'Cruinniú le Brokenshire á lorg ag an Dream Dearg'