Tá cruinniú iarrtha ag Sinn Féin le Foras na Gaeilge maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun ag an eagraíocht teanga i láthair na huaire faoin mbealach is fearr maoiniú a chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud na tíre.
Scríobh an t-iarAire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir, chuig Foras na Gaeilge inné ag iarraidh cruinniú leis an eagraíocht trasteorann mar gheall ar na moltaí atá sa cháipéis chomhairliúcháin i dtaobh airgead a bhaint de bhuiséad na gCultúrlann i mBéal Feirste agus i nDoire, le hairgead a chur ar fáil d’fhorbairt ionaid eile timpeall na tíre.
Ar cheann de na roghanna a bhfuiltear ag lorg tuairimí an phobail faoi, tá an moladh go gcuirfí uasmhéid €70,000 (£50,000) ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud na tíre agus go mbeadh maoiniú laghdaithe dá réir sin ag an dá Chultúrlann ó thuaidh.
Deirtear chomh maith go bhféadfaí an maoiniú bliantúil don dá chultúrlann ó thuaidh a laghdú thar thréimhse trí bliana (2018-2021), chun maoiniú a chur ar fáil do scéim úr na nIonad Gaeilge.
Dúirt Ó Muilleoir le Tuairisc.ie gur “meancóg” a bhí ann an dá Chultúrlann “a ionsaí” agus “ciorruithe crua” a chur i bhfeidhm ar an “dá ionad Gaeilge is mó sa tír”. Dúirt sé freisin nár cheart don Fhoras a bheith i mbun a leithéid de phróiseas comhairliúcháin nuair nach bhfuil an Feidhmeannas ó thuaidh ann.
“Ba cheart an próiseas comhairliúcháin a stopadh mar níl an Tionól ann. An dóigh a n-oibríonn na forais thrasteorann, de ghnáth, bíonn deis ag Stormont agus ag an Oireachtas na moltaí atá á ndéanamh a scrúdú, ach níl an feidhmeannas ann faoi láthair, agus níl Aire ann.
“De réir mo thaithí féin, ní bhíonn na forais thrasteorann eile ag tionscnamh rudaí úra agus an feidhmeannas ar scor. Tá sos anois fógartha ag Westminster, fiú, go dtí i ndiaidh an Olltoghcháin. Ní am stuama é le hé seo a dhéanamh, ba cheart go mbeadh an rialtas ó dheas agus ó thuaidh in ann déileáil leis mar is ceart,” a dúirt Ó Muilleoir.
Mhaígh sé go bhfuil “ré na gciorruithe móra” thart agus go bhfuil sé “300% in éadan na moltaí” go mbainfí airgead ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste agus ó Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire.
“Is meancóg atá ann gan méadú ar bith a dhéanamh ar an airgead a thugtar don Fhoras ó 2007. Tá ré sin na gciorruithe thart, agus bhí go leor argóintí agam leis an DUP faoi airgead breise a thabhairt don Fhoras. Tá fonn anois ar an rialtas ó dheas tuilleadh airgid a thabhairt, agus ba cheart an rud céanna a dhéanamh ó thuaidh,” a dúirt sé.
Dúirt sé nach é an “dóigh cheart é” a bheith ag caint faoi airgead na gCultúrlann ó thuaidh a chiorrú le hairgead a chur ar fáil do Chultúrlanna agus ionaid Ghaeilge in áiteanna eile in Éirinn, ach gur cheart an maoiniú a chuirtear ar fáil don dá áit a mhéadú agus airgead eile a chur ar fáil do na hionaid eile atá beartaithe faoin scéim nua mhaoinithe.
“Is eiseamláir iad don tír ar fad, spreagann siad labhairt na Gaeilge, cuidíonn siad an Ghaeilge a aistriú ó ghlúin go glúin, agus chruthaigh siad an tábhacht a bhaineann le lárionad don phobal. Is múnla atá sa Chultúrlann a bhfuil ag éirí leis.
“Agus is léir go gcreideann daoine ar fud na hÉireann gurbh fhiú agus gur chóir cultúrlanna a bhunú, mar bíonn toradh ar an obair sin. Ach ní hé seo an bealach is ceart é a dhéanamh,” a dúirt sé.
Tá “feachtas ollmhór” beartaithe ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich in éadan na moltaí atá curtha chun cinn ag an bhForas. Maíonn lucht stiúrtha na Cultúrlainne nach mbeadh an dara rogha ag an ionad cultúir ach “a gcuid doirse a dhruidim” dá nglacfaí leis na moltaí.
Dúirt stiúrthóir na Cultúrlainne, Aisling Ní Labhraí, gur “buille uafásach do phobal na Gaeilge” ar fud na hÉireann a bheadh ann dá ndúnfaí na Cultúrlanna ceal maoiniú a bheith ar fáil.
Éamonn Ó Gribín
Maith thú a Mháirtín, meancóg eile an Fhorais!