Cruachás Chorcaí – níl infreastruchtúr, airgead, cóitseálaithe ná plean ann

Tá lucht leanta dílis ag na hiománaithe agus bhí i gcónaí ach tá an t-am tagtha struchtúir nua-aimseartha a thabhairt isteach le go mbeidh foirne fiúntacha le leanúint acu

INPHO/Luke Duffy
INPHO/Luke Duffy

Tá cúrsaí CLG Chorcaí go mór sa treis sna meáin le tamall anuas. Mhúscail fíor-dhrochthaispeántais na bhfoirne sinsear an deireadh seachtaine seo caite na seancheisteanna arís agus fadhbanna Chorcaí i mbéal an phobail arís.

Dar ndóigh, ó thosach na mílaoise, bhí cúpla babhta easaontais idir an bord contae agus na himreoirí sinsear peile agus iomána. Tá scoilteanna na n-aighneas sin fós ann. Labhair an t-iar-chúlbáire Dónal Óg Cusack amach go han-láidir ar an Sunday Game an Domhnach seo caite. Chuaigh sé an-dian ar an mbord contae. Ó shin i leith, bhí an t-uafás ar na meáin faoin ábhar céanna.

Agus cad é go díreach cúis gearáin Dhónail Óig? Easpa tuisceana an bhoird ar riachtanais an spóirt mar a imrítear é ag an leibhéal is airde sa lá atá inniu ann? Nó b’fhéidir ba cheart dom a rá easpa tuisceana na gceannairí is mó a bhfuil cumhacht acu ar an mbord céanna. Dá bharr san, níl infreastruchtúr, airgead, cóitseálaithe ná plean cuimsitheach ann. Sin bun agus barr an scéil. Agus aontaím leis.

I gcónaí, bhíodh ardchaighdeáin ag na foirne iomána faoi aois i gCorcaigh. Bhuadar craobhacha go rialta. Níl faic buaite ag iománaithe mionúir an chontae ó 2001 nó faoi 21 ó 1998. Níor bhuaigh an fhoireann sinsir ach trí chraobh Éireann ó 1990 agus formhór na n-imreoirí céanna ar na trí fhoireann sin.

Is sa chontae is mó sa tír, Corcaigh, atá an méid is mó clubanna. Ba cheart do Chorcaigh bheith iomaíoch gach bliain. Ach ní bhíonn.

De réir Dhónail Óig, táimid ag crosbhóthar agus tá sé ag cur an mhilleáin ar an mbord contae. I mo thuairimse, tá cuid mhaith den fhírinne sa mhéid atá ráite aige. 

Tá sé in am caint faoi phlean straitéiseach nua a cheapadh d’iomáint sa chontae. Deineadh é seo cheana ach ní raibh dóthain guthanna éagsúla ag an mbord cruinnithe. Cuid de na daoine is fearr agus is cumasaí ann ní raibh aon mheas ag ceannairí cumhachtacha an bhoird orthu mar sheas siad i gcoinne an bhoird chéanna sna trí stailc a bhí ann ó 2002.

Tá sé in am tosnú as an nua agus na daoine sin a ligint isteach arís. Ní neart go cur le chéile mar a deir an seanrá. Tá sé in am don bhord agus do lucht tacaíochta Dónail Óig suí síos ar son na cúise i bhfóram oscailte. Dar ndóigh, is fusa é sin a rá ná a dhéanamh.

Tá sé de dhualgas ar an mbord sop a thairiscint anois dos na daoine atá i fágtha ar an imeall acu. Tá meas ag mórán ar an gCathaoirleach nua, Ger Lane, agus ar an Leas-Chathaoirleach, Tracey Kennedy. Caithfidh siadsan an próiseas seo a thosnú.

Tá lucht leanta dílis ag na hiománaithe agus bhí i gcónaí ach tá an t-am tagtha struchtúir nua-aimseartha a thabhairt isteach le go mbeidh foirne fiúntacha le leanúint acu. Tá sé in am ag an mbord contae agus na clubanna obair le chéile chun teacht ar an bplean straitéiseach nua seo a chuirfeadh le caighdeán ullmhúcháin na foirne. Is é an uair is treise a bhíonn an dorchadas ann ná díreach roimh adhmhaidin.

Fág freagra ar 'Cruachás Chorcaí – níl infreastruchtúr, airgead, cóitseálaithe ná plean ann'

  • cormac

    Is maith liom an nota dochais sin i ndeireadh an ailt ag John. Ta suil agam go bhfiorofar e. Caithfidh Frank Murphy eiri as chun go bhfeadfar aon dul chun cinn a dheanamh. Ta an nimh rite ro-dhomhain anois chun go suifeadh se timpeall ar aon bhord leis na daoine sin a sheas ina choinne sa stailc. D’fheadfa a ra nach bhfuil an stailc sin thart fos ar shli. Ni hamhain gurb e Corcaigh an contae is mo agus is lionmhaire clubanna ach duradh liom gurb e Bord Contae Chorcai an bord is saibhre sa tir chomh maith. Cen mhaith na tainte a bheith sa bhanc afach nuair atathar bocht dealbh ar gach sli eile? Beidh staid nua taibhsiuil againn an ‘Frankie Bowl’ ar bhruach na Laoi ach ni bheidh aon oidhre air sin ach tigh gle solais i lar portaigh mura gcuirtear an claiomh ar ais sa truaill.