Creimeadh cósta, cannabas agus Covid scagtha ag daltaí ó scoileanna lán-Ghaeilge

Dhá scór togra as Gaeilge atá ag Taispeántas Eolaí Óg BT 2022, dhá oiread níos mó ná mar a bhí ann anuraidh

Creimeadh cósta, cannabas agus Covid scagtha ag daltaí ó scoileanna lán-Ghaeilge

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá cosaint an chósta agus tionchar na paindéime Covid-19 go mór chun tosaigh i dtograí ag daltaí ó scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta atá ag glacadh páirt i dTaispeántas Eolaí Óg BT 2022.

Tá breis is 1,000 dalta ag glacadh páirt i dtaispeántas na bliana seo agus agus beagnach 100 duine acusan ag freastal ar scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ag cur a dtograí i láthair trí Ghaeilge.

Dhá scór togra as Gaeilge atá á dtaispeáint ag an bhféile i mbliana, dhá oiread níos mó ná mar a bhí ann anuraidh.

Tá Taispeántas Eolaí Óg BT 2022 á reáchtáil san RDS an tseachtain seo, an chéad uair a raibh deis ag daltaí agus an pobal teacht le chéile ó roimh an bpaindéim. Fógrófar buaiteoirí an taispeántais níos déanaí tráthnóna.

Tá dhá thogra ar taispeáint ag daltaí ó Choláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin agus baint ag an bpéire acu leis an bhfarraige. Baineann ceann leis an deis atá ann feamainn a úsáid chun dul i ngleic leis an gcreimeadh cósta. Baineann an togra eile ó dhaltaí Choláiste Naomh Eoin le húsáid micreathonnta chun sonraí a sheoladh ó Inis Meáin chuig longa ar an bhfarraige.

Cosaint cósta a bhí idir lámha ag daltaí ó Ghaelcholáiste Phort Láirge chomh maith. Rinne triúr daltaí ón scoil staidéar ar chruth ballaí mara chun fáil amach cé acu is fearr chun cumhacht tonnta a mhaolú.

Cúig thogra ar fad a tháinig ó Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn agus ceann eile a bhain le cúrsaí creimthe ina measc. Rinne an togra áirithe seo scagadh ar chumas plandaí éagsúla cosc a chur ar chreimeadh uisce.

Tá lorg na paindéime le feiceáil i gcuid mhaith den ábhar freisin. Rinne scoláire ó Choláiste an Phiarsaigh i gCorcaigh staidéar ar an mbuairt a bhí ar dhaoine óga a bhí buailte ag Covid i gcomparáid le daoine níos sine.

D’fhiosraigh daltaí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair cé acu an í an dianghlasáil nó na meáin shóisialta is cúis leis an líon ard daoine óga a bhfuil imní ag cur as dóibh.

I measc na dtograí Gaeilge suimiúla eile a cuireadh i láthair le cúpla lá anuas, d’fhiosraigh daltaí ó Ghaelscoil Gharman an tionchar a bhíonn ag buillí déchluasacha ar an gcodladh, rinne Coláiste Pobail Oileán Chiarraí staidéar ar dhearcadh déagóirí in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag maidir le foghlaim a dteangacha dúchais, d’fhiosraigh daltaí ó Choláiste Pobail Osraí cé acu is fearr glasbhealach nó iarnród agus cheistigh dalta ó Ghaelcholáiste Charraig Uí Leighin ar chóir cannabas a dhéanamh dleathach in Éirinn.

Chomh maith leis an bpríomhdhuais, ar fiú €7,500 é, tá scata duaiseanna eile le bronnadh ar thograí, duais don togra Gaeilge is fearr, urraithe ag 112/SOS, ina measc.

Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a sheol taispeántas 2023 an tseachtain seo agus an 59ú bliain a reáchtáladh an taispeántas. Chun leas na heolaíochta taobh amuigh den seomra ranga a léiriú a eagraíodh an chéad taispeántas i 1965 agus 230 iomaitheoir páirteach ann.

Fág freagra ar 'Creimeadh cósta, cannabas agus Covid scagtha ag daltaí ó scoileanna lán-Ghaeilge'