‘Creimeadh’ á dhéanamh ar sheirbhís Raidió na Gaeltachta de dheasca easpa acmhainní

Deir foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil ‘creimeadh’ á dhéanamh ar an tseirbhís a chuireann siad ar fáil de bharr easpa foirne agus maoinithe

‘Creimeadh’ á dhéanamh ar sheirbhís Raidió na Gaeltachta de dheasca easpa acmhainní

Tá ráite ag foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go bhfuil “creimeadh” á dhéanamh ar an tseirbhís a chuireann siad ar fáil mar gheall ar easpa acmhainní.

Deirtear in aighneacht a chuir baill an NUJ i RnaG faoi bhráid an Choimisiúin gurb í an Ghaeilge céad-teanga oifigiúil an Stáit agus go bhfuil dualgas ar an Rialtas dá réir maoiniú ar comhchéim a chur ar fáil do chraoltóireacht na Gaeilge agus an Bhéarla.

Maítear san aighneacht go bhfuil 30-40% níos lú daoine ag obair i RnaG ná mar a bhí in 2008.

Tá “bearnaí móra” dá réir sa tseirbhís a deirtear agus gan dóthain daoine ann le freastal ar “riachtanais an stáisiúin”.

Deirtear chomh miath gur chóir go gcuirfí foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar comhphá lena gcomhghleacaithe in RTÉ.

Tá an neamhréir idir an pá a fhaigheann iriseoirí i Raidió na Gaeltachta agus iriseoirí RTÉ agus Nuacht TG4 ina cnámh spairne le fada.

“Ó thaobh tuarastail de, níl an fhoireann sa stáisiún á híoc ar chomhchéim le oibrithe eile ar fud RTÉ, TG4 san áireamh, mar sin tá RnaG ar an ngannchuid ar roinnt bealaí éagsúla,” a deirtear san aighneacht.

Maítear gur chóir níos mó “smachta” a bheith ag Raidió na Gaeltachta ar a ngnóthaí féin chomh maith. 

Teastaíonn méadú suntasach ar bhuiséad RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ba cheart go mbeadh sé sin faoi smacht agus stiúir na heagraíochta féin. Ina thaobh seo, ba dhea-chleachtas a bheadh ann dá gcuirfí ceannasaí airgeadais sa stáisiún, mar a bhíodh san am a caitheadh, a bheadh ag plé go hiomlán le gnóthaí airgeadais RnaG, neamhspleách ó RTÉ.”

Maítear gurb é RTÉ Raidió na Gaeltachta “an tobar is tábhachtaí” atá ag pobal na hÉireann ó thaobh na teanga ach nach féidir aon fhorbairt a dhéanamh air ceal acmhainní. “Caillteanas mór é seo don phobal éisteachta san am amach romhainn,” a deirtear san aighneacht a chuir foireann RnaG faoi bhráid an Choimisiúin Um Thodhchaí na Meán.

Tá Raidió na Gaeltachta luaite uair amháin san aighneacht atá curtha ag RTÉ féin faoi bhráid an Choimisiúin:

“As an integral part of the Irish language community in the west of Ireland, Raidió na Gaeltachta provides a contemporary radio service for Irish speakers, both in the Gaeltacht and beyond.”

Luaitear an Ghaeilge chomh maith in aighneacht RTÉ agus deirtear go bhfuil “Irish-language programming, national sports and national games, and national cultural programming and features.. central to RTÉ’s role and remit.”

Fág freagra ar '‘Creimeadh’ á dhéanamh ar sheirbhís Raidió na Gaeltachta de dheasca easpa acmhainní'

  • Éisteoir de chuid RnaG

    Is mór an náire a laghad acmhainní a chuirtear ar fáil don stáisiún agus nach n-íoctar tuarastal cothrom leis an bhfoireann. Tá níos mó i gceist le RnaG ná díreach stáisiún raidió. Tá ról an-tábhachtach aige i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na Gaeilge, go háirithe sa nGaeltacht. Tá RnaG níos tábhachtaí ná aon stáisiún raidió eile sa tír. Is maith ann na stáisiúin eile (bhuel, cuid acu!) ach níl todhchaí teanga ag brath orthu. Seirbhís ar leith é an ‘radio’ a bhfuil dlúthchaidreamh aige leis na héisteoirí. Is é an t-aon áit é ar féidir le go leor daoine Gaeilge nádúrtha na Gaeltachta a chloisteáil agus is mó duine a d’fhoghlaim a chuid nó a cuid Gaeilge ó RnaG. Tá RnaG níos fearr ná aon scéim ná straitéis ná ciorcal comhrá. Fágaigí againn é. B’fhéidir go bhfuil sé in am ag RnaG neamhspleáchas a lorg mar a rinne TG4?

  • Breathnach

    Tá RnaG imigh tí diabhal ó mí Eanáir. Ní túisce láithreoir amháin acu ar chlár ná tá duine eile curtha ina n-áit. Níl cuma ná caoi ar na cláir lár an lae. Agus cá bhfuil na mná imigh? Go leor fir, le tamall anuas…agus anois teastaíonn tuilleadh airgead? Ní fiú iad!

  • S. Mac Muirí

    Is é a bhfuil againn, RnaG, 7 níl againn ach é i stáit bhéarla na hÉireann. Bhíodh sé ina fhoras aon teanga Gaeilge (24/7, ó 2002 measaim) ach thosaigh scata beag amadán i saol na Gaeilge ag feachtasaíocht ar son ‘na liricí Béarla’, mar a d’abraíodh siad, agus d’éirigh leo. Tháinig deireadh le craoladh go hiomlán i nGaeilg amháin 7 níor maíodh ó shoin gur mhéadaigh na huaireanta craoladh soin i mbéarla an líon éisteoirí oiread is duine amháin eile den aos óg. Ní fhéadfadh sé a bheith. Beag an baol go meallfaí an dream óg le seantruflais bhréagach de chuid cine geal Mheiriceá, a chraoltar i mbéarla. Níl éinne ag dréim le haon taighde ar an ábhar a fheiceáil ach oiread, maidir le mealladh na n-óg chun éisteachta lena 3 huaire de na ‘liríci béarla’.
    Anois, craoltar i nGaeilg go 21.00 breac le hathchraoltaí as cartlainn BhÁC ann go barra bachaill. Tá an fhoireann scáinte amach 7 níl le labhairt ar son na foirne ach ceardchumann Sasanach a bhfuil ‘irish chapel’ acu san ardchathair abhus a fheidhmíonn i mbéarla amháin.
    Is scéal gan leigheas é, go cinnte. Ghlacfadh sé an dream óg dearg iad féin a eagrú agus Domhnach Broc a chur faoi léigear deireadh 7ine éicint amach anseo.