‘Cré na Cille’ molta ag iris ghalánta uasaicme shóisialta Stáit Aontaithe Mheiriceá

In alt a bhí acu le déanaí faoin scannán ‘The Banshees of Inisherin’ a mhol ‘Town and Country’ dá léitheoirí mórshaothar an Chadhnaigh a léamh

‘Cré na Cille’ molta ag iris ghalánta uasaicme shóisialta Stáit Aontaithe Mheiriceá

Is iomaí sin áit a mbíonn tóir ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain ach is san iris ghalánta nós maireachtála Town and Country, is déanaí a mholtar do na léitheoirí Cré na Cille a léamh.

Is iondúil go luaitear an iris sheanbhunaithe seo leis an uasaicme shóisialta i Meiriceá agus tá sí ar an iris nós maireachtála is sine dá leithéid i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ba in alt a bhí acu le déanaí faoin scannán The Banshees of Inisherin, a ainmníodh Cré na Cille ar cheann de na leabhair ba chóir dá léitheoirí “a léamh tar éis dóibh an scannán a fheiceáil”.

Ar ndóigh is mór i gceist an scannán seo a bhfuil naoi n-ainmniúchán do ghradaim Oscar faighte aige agus atá á shruthú ag Disney+.

“Ar mhaith leat tuilleadh scéalta as Éirinn ina bhfuil an greann dubh faoi chairdeas, cailliúint agus uaigneas? Seo chugat iad,” a deirtear san iris agus a liosta á chur ar fáil.

Dar le lucht Town and Country is “sárshaothar nua-litríochta na hÉireann” é Cré na Cille, agus molann an dá aistriúchán Béarla – Graveyard Clay a rinne Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson agus The Dirty Dust, a rinne Alan Titley.

“Tá an scéal ar fad lonnaithe sa reilig agus na daoine a bhásaigh le déanaí ag cadráil faoi bhéadán na háite, ag spallaíocht agus ag cothú aighnis. Tá sé aorach, lán le greann dubh agus comhrá atá ann ó thús go deireadh.”

Leabhar eile atá ar liosta léitheoireachta Town and County dá cuid léitheoirí a chonaic scannán Mhartin McDonagh is ea A Ghost in The Throat le Doireann Ní Ghríofa, mar a bhfíonn an t-údar dátheangach saol Eibhlín Dubh Ní Chonaill, a chum an caoineadh cáiliúil dá fear ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, le saol máthar óig sa lá atá inniu ann.

Ar an liosta 14 leabhar sin de chuid na hÉireann tá saothair le Claire Keegan, John Banville, Anna Burns, Edna O’Brien agus Feargal Keane. Tugtar achoimre ghairid faoi théama na saothar uilig.

Fág freagra ar '‘Cré na Cille’ molta ag iris ghalánta uasaicme shóisialta Stáit Aontaithe Mheiriceá'