Craobh na hÉireann tugtha leo ag Ard Mhacha agus Gaillimh cloíte i ngéarchoimhlint eile

Bua aon phointe amháin a bhí ag Ard Mhacha ar Ghaillimh sa chluiche ceannais agus beidh an-aiféala ar Ghaillimh nár éirigh leo am breise fiú a bhaint amach

Craobh na hÉireann tugtha leo ag Ard Mhacha agus Gaillimh cloíte i ngéarchoimhlint eile
Ard Mhacha 1-11 Gaillimh 0-13

Dhá bhliain is fiche tar éis dó a bheith ina chaptaen ar an t-aon fhoireann ó Ard Mhacha a bhuaigh Corn Mhig Uidhir, tá Kieran McGeeney tar éis a chontae dúchais a stiúradh chuig Craobh na hÉireann mar bhainisteoir agus Gaillimh cloíte acu i gcluiche ceannais na hÉireann.

Arís, bhí fíorbheagán idir na foirne. Dá mbeadh iarracht ó Dylan McHugh sa 75ú nóiméad cúpla orlach ar chlé, bheadh am breise ann.agus nuair a bhí an ghaoth chomh láidir sin i seolta na Gaillimhe, cá bhfios nach mbeadh an cluiche tugtha leo acu.

Mar a tharla sé, ba é an pointe a d’aimsigh Oisín O’Neill sa 65ú nóiméad an ceann a bhuaigh an cluiche ceannais d’Ard Mhacha ar deireadh. Ceithre lá tar éis d’Oisín agus a dheartháir Rian a n-uncail, Pádraig O’Neill, a chur, bhí baint mhór acu le bua Ard Mhacha.

Bóthar crua atá curtha díobh ag Ard Mhacha le blianta beaga anuas. Chlis orthu i gcluichí móra i gCluain Eois agus i bPáirc an Chrócaigh le blianta beaga anuas ach tá tír tairngire bainte amach acu faoi dheireadh agus déarfar feasta go ndearna na cailliúintí sin an fhoireann níos crua.

Tháinig an scór cinniúnach 10 nóiméad isteach sa dara leath nuair a scóráil Aaron McKay cúl d’Ard Mhacha. Ní raibh Stefan Campbell ach cúpla nóiméad ar an bpáirc nuair a ghearr sé isteach ó thaobh Ardán Uí Chiosóig. Chuir sé pas trasna an chúil agus tháinig an lánchúlaí McKay de rúid chun an liathróid a chur san eangach.

Aaron McKay tar éis cúl a fháíl d’Ard Mhacha. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

D’fhág an cúl Ard Mhacha chun tosaigh den chéad uair, 1-9 in aghaidh 0-10, agus 25 nóiméad fágtha ach tháinig Gaillimh ar ais. Fuair Céin D’Arcy, a bhí ar fheabhas ar fad do Ghaillimh, an chéad scór eile  ach theip orthu cúilín an chomhscóir a fháil. Beidh foireann na Gaillimhe  á gciapadh go ceann i bhfad ag cuid de na hiarrachtaí a chur siad amú sa dara leath, go háirithe i lár an dara leath nuair a bhuail ráig mhíchruinnis iad. Tar éis chúilín D’Arcy, chuir Gaillimh cúig cinn d’iarrachtaí amú agus scaoil siad le hArd Mhacha.

Fuair Niall Grimley agus Oisín O’Neill scóranna spreagúla chun cúl glan a chur idir na foirne arís ach níor ghéill Gaillimh agus bhí freagra arís ag foireann Phádraic Joyce. D’aimsigh Céin D’Arcy agus Cillian McDaid pointí chun an bhearna is lú a chur idir na foirne agus am cúitimh le teacht. Ag an bpointe sin, bhí Ard Mhacha i mbaol titim as a chéile agus bhí deis eile ag Gaillimh teacht ar comhscór nuair a bronnadh cic saor orthu 40m amach ón gcúl.  Ach thit an iarracht ó Shane Walsh, nach raibh istigh leis féin i gcaitheamh an lae, i mbéal an chúil. Bhuail McHugh an cuaille leis an gcéad iarracht eile agus fiú ag an deireadh ar fad, bhí leathsheans ag Paul Conroy os comhair an chúil.  Bhí sé go mór faoi bhrú, áfach, agus d’éirigh le Niall Grimley a iarracht a bhlocáil.

Rinne Gaillimh go leor ceart i dtaobh na cosanta agus líne lántosach Ard Mhacha coinnithe gan scór acu, ach bhí Grimley agus Ben Crealey ar fheabhas i lár na páirce agus bhí an 1-3 a d’aimsigh cosantóirí Ard Mhacha thar a bheith tábhachtach chomh maith.

Bhí an imirt sa chéad leath den chluiche ceannais teann, crua agus cluiche leamh go maith a bhí ann dá bharr. Thosaigh Gaillimh go maith le pointe iontach ó Phaul Conroy, a bhí ina fhathach arís do Ghaillimh, ach bhí freagra i gcónaí ag Ard Mhacha agus Oisín Conaty, a fuair 0-3 d’Ard Mhacha, ag cur na nUltach ar ais ar comhscór ar an bpointe.

Bhí Gaillimh cráite ag gortuithe i gcaitheamh na bliana agus bhain ceann eile dóibh luath sa chluiche ceannais nuair a bhí ar Rob Finnerty an pháirc a fhágáil agus deich nóiméad imeartha. Léiríodh tábhacht Finnerty níos déanaí sa leath nuair a rinne Walsh praiseach de chic saor lena chiotóg, ceann a bheadh slánaithe ag Finnerty de ghnáth.

Ba iad Conaty, John Maher agus Céin D’Arcy na himreoirí ab fhearr ar an bpáirc sa chéad leath agus d’aimsigh an triúr scóranna nuair a tugadh deiseanna dóibh.

Céín D’arcy ag tabhairt faoi iarracht. Pic: Seán Ó Mainnín

Ar comhscór a bhí na foirne ag leath ama, 0-6 an taobh, ach Gaillimh ba láidre a thosaigh an dara leath  agus pointí aimsithe ag Paul Conroy agus Cillian McDaid. D’fhreagair Ard Mhacha le scóranna ó Conaty agus Rian O’Neill ach chuir Shane Walsh Gaillimh chun tosaigh arís le scór deas agus an imirt ag oscailt suas de bheagán.

Bhí an chuma ar an scéal ag an bpointe sin go rachadh Walsh agus McDaid i bhfeidhm ar an gcluiche mar a rinneadar sa chluiche ceannais i gcoinne Chiarraí dhá bhliain ó shin ach níor tharla sé. Cuirfear tús le Seachtain na Rásaí i nGaillimh Dé Luain ach is in Ard Mhacha a bheidh an chóisir as seo go ceann tamaill.

Gaillimh: C Gleeson; J McGrath, S Fitzgerald, J Glynn; D McHugh, L Silke (0-1), S Ó Maoilchiaráin; P Conroy (0-3), J Maher; M Tierney, C D’Arcy (0-3), C McDaid (0-2); R Finnerty (0-1 ó chic saor), D Comer, R Finnerty (0-2, 0-1 ó chic saor). Fir Ionaid: J Heaney in áit Finnerty (10 nóim), S Kelly in áit J Glynn (44 nóim), T Culhane in áit Comer (65 nóim), D O’Flaherty in áit Tierney (65 nóim), J Heaney in áit K Molloy (70+4 nóim).

Ard Mhacha: B Hughes; B McCambridge (0-1), A McKay (1-0), P Burns; C Mackin, T Kelly (0-1), A Forker (0-1); N Grimley (0-1), B Crealey (0-2); J McElroy, R O’Neill (0-1), O Conaty (0-3); R Grugan, A Murnin, C Turbitt. Fir Ionaid: S Campbell in áit Turbitt (45 nóim), R McQuillan in áit Kelly (45 nóim), O O’Neill (0-1) in áit Grugan (51 nóim), J Burns in áit Mackin (59 nóim), J Duffy in áit Forker (70+4 nóim).

Réiteoir: Seán Hurson (Tír Eoghain).

Fág freagra ar 'Craobh na hÉireann tugtha leo ag Ard Mhacha agus Gaillimh cloíte i ngéarchoimhlint eile'