Craobh Idirchúige Leadóige na Sinsear ag teacht chuig Port Láirge

Dhá fhoireann is tríocha a bheas ar an láthair, mar aon lena muintir is lucht leanúna, agus suas le tríocha cloigeann acu ina n-imreoirí agus ina n-iarimreoirí idirnáisiúnta

2015 Davis Cup by BNP Paribas Euro/Africa Zone Group II Round 1, Castleknock Lawn Tennis Club, Dublin 6/3/2015 Ireland vs Belarus General view of tennis balls Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tá Craobh Mumhan de Leadóg Éireann thar a bheith sásta fáilte chroíúil a fhearadh roimh imreoirí as na ceithre chúige chuig Cumann Leadóige Naomh Áine i bPort Láirge an deireadh seachtaine seo chugainn, an 11 agus an 12 Meán Fomhair.  Is é seo príomhócáid na bliana le haghaidh na n-imreoirí ós cionn cúig bliana dhéag is fiche. 

Dhá fhoireann is tríocha a bheas ar an láthair, mar aon lena muintir is lucht leanúna, agus suas le tríocha cloigeann acu ina n-imreoirí agus ina n-iarimreoirí idirnáisiúnta.

Is cluiche faoi bhláth é an leadóg shinsear in Éireann agus ar fud na cruinne, agus deis ag imreoirí coinneáil orthu beag beann ar an gcríonnacht, le cúig chomórtas déag, suas le céad go leith imreoir ag glacadh páirte i ngach ceann acu, á reáchtáil ar fud na tíre go bliantúil, agus scoth na hiomaíochta ag baint leo, ní áirím a bhfuil de spraoi ann!

“Is mór an onóir dúinn an ócáid seo a bheith ag dul ar aghaidh i gCúige Mumhan. Is cuid lárnach den chluiche leadóige in Éireann iad na comórtais sinsear, agus táimid ag déanamh ár seacht ndícheall an leadóg a chur chun cinn, agus imreoirí a mhealladh, is cuma cén aois atá acu”, a dúirt Joe Power, Uachtarán Chraobh Leadóige na Mumhan.

“Tá obair na gcapall déanta ag Captaen na Foirne, Dick McCarthy, agus Niamh Kennedy, Captaen Chumann Naomh Áine agus a comhghleacaithe, chun go mbeadh an láthair réidh don ócáid seo, agus níl aon dabht ach go mbeidh deireadh seachtaine thar na bearta ann”, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Craobh Idirchúige Leadóige na Sinsear ag teacht chuig Port Láirge'