Craobh an Domhain sa tréantógáil meáchan buaite ag bean as Conamara

Bhuaigh Sharon Ní Chonaire, as Cor na Rón in Indreabhán, Craobh Tréantógála Meáchan WDFPF an Domhain, san Iodáil ag an deireadh seachtaine agus curiarracht dhomhanda sáraithe aici chomh maith

Craobh an Domhain sa tréantógáil meáchan buaite ag bean as Conamara

Is bean as Cor na Rón i gCois Fharraige atá ina curadh Chraobh Tréantógála Meáchan an Domhain tar éis di an comórtas WDFPF a bhuachan san Iodáil ag an deireadh seachtaine. Ní hamháin gur éirigh le Sharon Ní Chonaire an chraobh a thabhairt léi, ach d’éirigh léi curiarracht dhomhanda a bhaint amach ag an am céanna nuair a chroch sí 180kg sa ngróigeadh droma.

Níl Sharon ag crochadh meáchan ach le cúpla bliain anuas ach is í seo an dara huair aici duais a bhuachan. Fuair sí an dara háit i gcraobh an domhain anuraidh.

Agus an taithí sin aici, bhí Sharon muiníneach go maith agus í ag tabhairt aghaidh ar chomórtas an deireadh seachtaine, a reáchtáladh i Lake Garda i dtuaisceart na hIodáile.

“Bhí sé ráite agam ag dul anonn go raibh mé ag iarraidh é a thabhairt abhaile, caithfidh tú a bheith ‘positive’ faoi ar aon nós,” a deir Sharon agus í ag labhairt ar Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ar maidin. “Bhí a fhios agam go mbeadh go leor i m’aghaidh ach bhí an-obair déanta agam agus bhí a fhios agam go ndéanfainn go maith mar bhí mo chuid uimhreacha sách ard.”

Bhí trí chineál tógáil meáchan le déanamh don chomórtas, an t-ardú ó bhinse, an t-ardú caoch (deadlift), agus an gróigeadh droma. D’éirigh thar cionn le Sharon san ardú ó bhinse (90kg) agus san ardú caoch (165kg), ach ba ar an ngróigeadh droma a bhí sí dírithe.

“Bhí 180kg déanta sa giom agam an tseachtain seo caite agus bhí mé an-sásta leis sin, mar sin é an churiarracht. Ach ansin chuir mé suas ruainne beag é le haghaidh an churiarracht a bhaint amach. Bhí mé ag ceapadh go raibh níos mó sa tanc agam ach bhí faitíos orm an iomarca a chur ar an mbarra mar go raibh sé chrochadh eile le déanamh agam ina dhiaidh ain agus ní raibh mé ag iarraidh mé féin a mharú amach!”

Cé nach bhfuil Sharon ag glacadh páirte sa spórt ach le cúpla bliain anuas, is cinnte go bhfuil sí ag tabhairt faoi le díocas. Cé go bhfuil sí ag rith a gnó féin, sciamhlann darbh ainm Beauty Within by Sharon, déanann an bhean as Conamara cinnte de go bhfuil am aici chun a chuid diantraenála a dhéanamh.

“Mar gheall go mbíonn mé ag obair dom féin, níl mórán ama agam le bheith istigh sa giom sa tráthnóna ach bím istigh trí huaire in aghaidh na seachtaine agus bheinn an traenáil suas le trí huaire an chloig, Dé Luain, Dé Céadaoin agus Dé hAoine. Scaití, triailim dul isteach ag an deireadh seachtaine chomh maith chun ruainne ‘mobility’ a dhéanamh. Tá tiomantas mór millteach ag teastáil ach is breá liom é.”

Agus í ag dul anonn chun na hIodáile chun páirt a ghlacadh sa chomórtas seo, bhí ar Sharon a cuid cliant a chur ar an eolas nach mbeadh sí ar fáil don obair ar feadh cúpla lá, agus dar léi féin, ba mhór an t-iontas a bhí ar chuid acu nuair a chuala siad céard a thug as baile í.

“Níl a fhios ag leath de mo chuid cliant gur ‘powerlifter’ mé. Sular fhág mé, bhí orm téacs a chur amach ag rá go mbeinn imithe ar feadh seachtaine. Níor chreid leath acu mé nuair a dúirt mé go raibh mé ag dul sall go craobh an domhain ag crochadh meáchan. Deirimse leo gurb é sin an fáth go bhfuil mé chomh maith ag waxáil!”

Fág freagra ar 'Craobh an Domhain sa tréantógáil meáchan buaite ag bean as Conamara'