Tá os cionn dhá mhilliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan faoin tráth seo.
De réir an áirimh atá á dhéanamh ag Ollscoil Johns Hopkins ar líon na gcásanna de Covid-19 ar fud an domhain, baineadh an chloch mhíle sin amach tráthnóna. Tá os cionn 128,000 duine curtha den saol ag an ngalar.
Is i Meiriceá is mó atá cásanna den choróinvíreas deimhnithe agus nach mór 610,000 cás ansin.
Meiriceá, an Iodáil agus an Spáinn na tíortha is measa atá buailte maidir le líon na mbásanna de thoradh na paindéime. An Fhrainc gus an Ríocht Aontaithe na háiteanna eile is measa atá buailte, de réir na bhfigiúirí is déanaí.
546 duine atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 406 duine ó dheas den teorainn agus 140 duine ó thuaidh di. 13,567 cás anois atá in Éirinn, 2,088 acu ó thuaidh agus 11,479 ó dheas.
Fógraíodh níos túisce tráthnóna go raibh seisear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.
Idir an dá linn, chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, plean oibre ar fáil inniu faoina bhféadfaí na srianta a scaoileadh de réir a chéile sna 27 ballstát.
Líon na gcásanna
SAM | 609,696 |
An Spáinn | 177,633 |
An Iodáil | 162,488 |
An Ghearmáin | 132,321 |
An Fhrainc | 131,362 |
An Ríocht Aontaithe | 94,854 |
An tSín | 83,389 |
An Iaráin | 76,389 |
An Tuirc | 65,111 |
An Bheilg | 33,573 |
Thug sí foláireamh, áfach, nach comhartha a bhí sa bplean seo gur chóir na srianta sin a scaoileadh ar an bpointe boise.
Leag sí amach na coinníollacha a bheadh ag teastáil sula ndéanfaí amhlaidh – go mbeadh laghdú suntasach ar scaipeadh Covid-19, go mbeadh an acmhainn sa gcóras sláinte le freastal ar othair agus go mbeifí ábalta faireachas agus monatóireacht a dhéanamh.
Dúirt von der Leyen go mbeadh comhdháil do dheontóirí ar siúl ar líne mar a bhféadfadh rialtais agus eagraíochtaí airgead a ghealladh le cuidiú leis an taighde chun vacsaín in aghaidh an víris a fháil
Tá fainic curtha ag an Aontas Eorpach ar na ballstáit nach mór dóibh a bheith fíorchúramach agus iad ag cur deireadh de réir a chéile leis na bearta dianghlasála.
Tá leanaí faoi bhun 11 bliain d’aois ag filleadh ar naíonraí agus scoileanna sa Danmhairg, an chéad tír inar maolaíodh na srianta a bhí curtha ar an gcóras oideachais de bharr an choróinvíris.
Chuir an Príomh-Aire Mette Frederiksen fáilte roimh na leanaí agus iad ag filleadh ar an scoil sa bpríomhchathair, Cóbanhávan.
Bhí an Danmhairg ar cheann de na chéad tíortha a chuir an dianghlasáil i bhfeidhm agus dúnadh na scoileanna sa tír ar an 12 Márta. Tá an cinneadh cáinte ag daoine a deir gur straitéis chontúirteach é na scoileanna a athoscailt faoi láthair.
Líon na mbásanna
An Iodáil | 21,067 bás |
An Spáinn | 18,579 bás |
An Fhrainc | 15,729 bás |
An Ríocht Aontaithe | 12,107 bás |
Cathair Nua-Eabhrac Nua-Eabhrac SAM | 7,905 bás |
An Iaráin | 4,777 bás |
An Bheilg | 4,440 bás |
An Ghearmáin | 3,502 bás |
Hubei tSín | 3,222 bás |
An Ísiltír | 3,134 bás |
Tá rialtas na Spáinne ag tosú ag déanamh maolú teoranta ar na bearta dianghlasála ach fógraíodh inniu go raibh an t-ardú is mó le cúig lá tagtha ar líon na gcásanna sa tír. 5,100 cás nua a tuairiscíodh inniu agus 177,633 cás ar fad deimhnithe sa tír anois.
Sa tír is measa atá buailte ag an bpaindéim, cáineadh Donald Trump inné nuair a d’fhógair sé go raibh na Stáit Aontaithe chun bac a chur ar na híocaíochtaí a bhíodar féin a dhéanamh leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte mar gheall ar an gcaoi a bhfuil sí sin ag déileáil le paindéim an choróinvíris. Cuireadh i leith an Uachtaráin go raibh beatha go leor daoine á cur i mbaol aige.
Dúirt an tUachtarán Trump go gcoinneofaí siar an maoiniú go ceann 60 go 90 lá fad a bheadh athbhreithniú á dhéanamh ar na rabhaidh a chuir an WHO amach faoin gcoróinvíreas agus an tSín.
Chuir sé i leith na heagraíochta domhanda go ndearna siad “míbhainistiú an-dona agus ceilt” ar an mbagairt a bhain leis an víreas agus gur ghlac siad gan cheist leis an eolas a tháinig ón tSín.
An 30 Eanáir a d’fhógair an WHO gur éigeandáil sláinte phoiblí a bhí sa gcoróinvíreas ach lean Trump air ina dhiaidh sin ag déanamh a bheag den bhagairt.
Dúirt sé gur gheall leis an ngnáthfhliú an coróinvíreas agus go n-imeodh sé leis arís san Aibreán.
Ar an 14 Eanáir chuir an WHO tvuít amach nár éirigh leis na chéad fhiosrúcháin a rinne na Sínigh aon fhianaise shoiléir a fháil go raibh an galar “á scaipeadh ó dhuine go duine”.
Ar an 22 Eanáir, chuir an WHO ráiteas amach go raibh chuile chosúlacht air go raibh an víreas “á scaipeadh ó dhuine go duine” in Wuhan na Síne.
I mí an Mhárta sheol an WHO achainí ag iarraidh $675 milliún le dul i ngleic le paindéim an choróinvíris agus tuairiscítear go bhfuil achainí eile ar na bacáin acu agus ar a laghad $1 billiún á lorg le déileáil leis an víreas.
Is iad na Stáit Aontaithe is mó a chuireann maoiniú ar fáil don WHO agus thug siad breis is $400 milliún don eagraíocht in 2019.
Ag tagairt dó do chinneadh Donald Trump ar Twitter, dúirt Bill Gates, bunaitheoir Microsoft agus daonchara:
“Tá sé chomh contúirteach agus a bhreathnaíonn sé maoiniú a choinneáil ón WHO i lár géarchéim sláinte dhomhanda”
Fág freagra ar 'Os cionn dhá mhilliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan'