Cothromaíocht inscne ar Bhord Údarás na Gaeltachta le plé i dTeach Laighean

Tá iarrtha ag an Rialtas ar Choiste Gaeilge an Oireachtais scrúdú a dhéanamh ar bhealaí chun cothromaíocht inscne a bhaint amach sa phróiseas roghnúcháin agus toghcháin

Cothromaíocht inscne ar Bhord Údarás na Gaeltachta le plé i dTeach Laighean

Déanfar scrúdú i dTeach Laighean go gairid ar cén chaoi gur féidir níos mó ban a mhealladh chun seasamh do thoghcháin Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le cothromaíocht inscne a bhaint amach.

Cuirfear tús amárach leis an scrúdú réamhreachtaíochta ar an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022, reachtaíocht a ligfidh don Rialtas toghchán Bhord an Údaráis a thabhairt ar ais an bhliain seo chugainn.

Tá Coiste Gaeilge an Oireachtais le ceannteidil an bhille a phlé ag sraith cruinnithe speisialta i dTeach Laighean agus é iarrtha ag an Rialtas ar an gcoiste sin scrúdú a dhéanamh ar bhealaí chun cothromaíocht inscne a bhaint amach sa phróiseas roghnúcháin agus toghcháin.

Tá sé mar sprioc ag an Rialtas go mbeadh ionadaíocht 40% ag mná ar Bhoird Stáit agus tá ionadaithe ón eagraíocht Women for Elections le teacht os comhair Choiste na Gaeilge chun an cheist a phlé .

Nuair a fhillfidh toghcháin an Údaráis, déanfaidh an pobal deichniúr ball a thoghadh agus roghnófar seisear eile trí chomórtas poiblí.

Le linn an chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh anuraidh ar thoghcháin an Údaráis, léirigh aighneachtaí amhras go bhféadfaí cothromaíocht idir fir agus mná a bhaint amach i dtoghchán do Bhord an Údarás.

Cé go bhfuil dualgas ar pháirtithe polaitiúla a chinntiú gur mná 40% dá gcuid iarrthóirí in olltoghchán (d’ardaigh an céatadán ó 30% i mbliana), ní fhéadfaí an dualgas céanna a chur i bhfeidhm i dtoghchán an Údaráis toisc nach mbeidh na hiarrthóirí ag seasamh ar son páirtí.

Dheimhnigh Aire na Gaeltachta an tseachtain seo caite go bhfuil sé mar sprioc aici go reáchtálfar an toghchán don Údarás an bhliain seo chugainn. Measadh ar dtús nach mbeadh an reachtaíocht réidh chun na toghcháin a reáchtáil in 2024 ach deir an tAire Catherine Martin gurb í sprioc an Rialtais go reáchtálfaí iad ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha.

Beidh ar gach iarrthóir toghcháin, agus gach duine a chuirfidh isteach ar an gcomórtas poiblí, scrúdú scríofa agus cainte dhá uair go leith a dhéanamh sa Ghaeilge.

Beidh caighdeán B2 TEG ag teastáil do chomhaltaí an Bhoird, an caighdeán céanna a mbítear ag súil leis chun go bhféadfadh duine dul faoi oiliúint mar mhúinteoir bunscoile.

Bíonn scrúdú cainte, cluastuiscint, léamhthuiscint agus scríbhneoireacht mar chuid den scrúdú do Theastas Eorpach na Gaeilge agus caithfidh duine ar a laghad marc 50% a fháil chun pas a shaothrú.

Ní reáchtáiltear an scrúdú le haghaidh creidiúint iomlán a fháil ach uair amháin sa bhliain, mí Aibreáin nó mí Bealtaine de ghnáth.

Fág freagra ar 'Cothromaíocht inscne ar Bhord Údarás na Gaeltachta le plé i dTeach Laighean'