Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, thug fórsaí na Breataine ruathar ar Árainn

Uaireanta tagann na cáipéisí atá againn ó Chogadh na Saoirse agus cuimhne na ndaoine salach ar a chéile

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, thug fórsaí na Breataine ruathar ar Árainn

Ní minic a luaitear oileáin Árann le scrios agus uafás Chogadh na nDúchrónach, ach céad bliain ó shin thug fórsaí na Breataine ruathar ar Árainn, eachtra inar mharaigh siad Laurence ‘Larry’ Mac Donnacha, ón Mainistir, Inis Mór.

Is ag a deich a chlog istoíche, Dé Sathairn an 18 Nollag 1920, a chuaigh dhá chéad go leith d’fhórsaí na Breataine ar bord na loinge i nGaillimh le seoladh go hÁrainn. Meascán d’arm Shasana, Dúchrónaigh agus póilíní an RIC a bhí ar an long. Chuadar i dtír i gCill Mhuirbhigh agus i gCill Rónáin ar an dá thaobh den oileán, ionas go mbeadh sé deacair éalú uathu, fad is a bhí siad ag cuardach an oileáin.

Faoin tráth seo bhí beairic na bpóilíní in Árainn tréigthe agus is talamh slán a bhí i gceantracha ar nós Oileáin Árann do phoblachtánaigh a bhí ar a dteitheadh. Bhí Thomas Fleming, a bhí ina Óglach i nGaillimh, ina measc siúd a bhí ar an oileán. Bhí Thomas pósta ar dhuine de mhuintir Uí Fhlatharta agus bhí sé ag fanacht i dteach na bhFlathartach i nGort na gCapall.

Bhí scéal i nuachtáin na linne sin faoi fhear a bhí ar a theitheadh ach a d’éalaigh roimh an gcuardach. De réir na tuairisce, léim an fear thar aill isteach i riasc, mar ar éirigh leis éalú. Ní raibh tásc ná tuairisc air seachas gunna agus aon bhróg amháin a bhí fágtha ina ndiaidh aige.

Agus fórsaí na corónach ag cuardach leo i gCill Rónáin, lean siad a ngnáthnósanna – ag imeaglú an phobail agus ag bagairt orthu. Deirtear go raibh beirt i mbaol a mbáis ó na saighdiúirí ach gur tháinig fear as an áit i gcabhair orthu. Bhí an fear seo i gcabhlach Shasana tráth. Ghléas sé ina sheanchulaith chabhlaigh agus d’éirigh leis an bheirt a shábháil ón ngábh sin.

Rinne an Lieut. Honeywood, 17th Lancers cur síos ar an gcur chuige a bhí acu agus iad i mbun cuardaigh. Dar leis-sean, bhíodar le hurchar rabhaidh a scaoileadh mura stopfadh duine de mhuintir na háite, agus dá ndéanfadh an duine iarracht éalú uathu ansin scaoilfidís leis. Mar thoradh air sin, deir sé gur gabhadh roinnt daoine agus goineadh duine nó dhó de bharr “cuid maith scaoileadh” bheith ar siúl acu. Bhí Laurence Mac Donnacha ar dhuine díobh siúd a gortaíodh.

Maidin Dé Domhnaigh an 19 Nollag 1920 a caitheadh Laurence Mac Donnacha, ag tuairim is leathuair tar éis a naoi ar maidin agus é ar a bhealach chuig an Aifreann. Feirmeoir agus iascaire sna tríochaidí ab ea Laurence.

Glactar leis go raibh Laurence ag siúl soir an bóthar íseal ó thuaidh nuair a caitheadh ó thalamh ard é, nó b’fhéidir ó theach.

De réir nuachtáin na linne, is sa chliabhrach a scaoileadh Laurence ach de réir fhianaise an Dochtúra Michael O’Brien as Cill Rónáin, sa droim a scaoileadh é. Seans gur míthuiscint atá sa nuachtán mar de réir an dochtúra, bhí cneá bheag piléir isteach ina dhroim agus cneá mhór amach ina chliabhrach. Cibé acu é, bhí Laurence gonta go dona agus an-dochar déanta dá scamhóg dheas agus dá chnámh droma.

Tháinig na comharsana ar Laurence agus é gonta agus é ina luí ar na mbóthar ó thuaidh. Ina measc siúd a d’iompair abhaile é bhí col ceathrar leis agus a dheirfiúr Lizzie. Rinne a mhuintir agus an dochtúir chuile iarracht cabhrú leis ach d’éag Laurence trí lá níos déanaí ar an gCéadaoin, an 22 Nollag, 1920, tuairim is a sé a chlog tráthnóna.

De réir leagan an tsaighdiúra, bhí Laurence ag iarraidh éalú uathu nuair a caitheadh leis. Thug an Bleachtaire Cigire J. McGlynn fianaise gur admhaigh Laurence dó féin gur rith sé anuas ón mBóthar Ard le dul i bhfolach taobh thiar den chlaí, áit a bhfuarthas é ar deireadh. An mar sin a thit rudaí amach?

An ndearna Laurence iarracht éalú uathu trí dhul anuas go dtí an Bóthar Íseal agus dul i bhfolach faoin gclaí? Nó an amhlaidh go raibh scéalta á gcumadh ag na póilíní, lena chinntiú nach mbeadh aon locht ar fhórsaí na Breataine?

Sa tuairisc oifigiúil ar a bhás, dúradh go bhfuair Laurence Mac Donncha bás de bharr gortú a tharla dá scamhóg dheas agus an rith fola a bhain dó ó philéar raidhfil. Chinn an chúirt go hoifigiúil gur tharla an eachtra agus na saighdiúirí i mbun a ndualgais mar is ceart agus gur tugadh an rabhadh dó sular scaoileadh Laurence agus é ag éalú.

In ainneoin bhreith na cúirte gur dúnmharú inchosanta a bhí ann, is léir go raibh imní ar arm na Breataine go mbeadh an iomarca drochphoiblíochta ag baint léi. Ní rabhadar ag iarraidh go scaipfeadh an scéal go raibh duine neamhurchóideach maraithe acu go fealltach agus é ar a bhealach go hAifreann an Domhnaigh. Cé nár admhaigh siad aon locht, d’íoc siad cúiteamh £120 le muintir Laurence as ucht an dúnmharaithe.

Beagán le hais leath lae a chaith fórsaí na Breataine in Árainn, ghlan siad leo tuairim is meán lae Dé Domhnaigh le filleadh ar Ghaillimh. Gabhadh roinnt de muintir na háite agus tugadh go Gaillimh iad mar phríosúnaigh. Ina measc bhí roinnt iascairí as Cill Rónáin – Joseph Doyle, Michael J. Gill, Martin Walsh agus Patrick Fitzpatrick. Gabhadh Edward Gill, an gabha Joe Mullins, Anthony O’Kelly, Thomas Hernon agus J.H Quinn.

Seo cuid de scéal ruathar Shasana ar Árainn, deireadh seachtaine amháin go gairid roimh na Nollaig sa bhliain 1920, mar ar maraíodh Laurence Mac Donnacha go fealltach.

Uaireanta tagann na cáipéisí atá againn ón ré sin agus cuimhne na ndaoine salach ar a chéile.

Tá sé tábhachtach, áfach, cuimhneamh i gcónaí gur tháinig ár agus sceon Chogadh na nDúchrónach chomh fada le hÁrainn agus fórsaí Shasana ag iarraidh an tír seo a chur faoi chois.

Fág freagra ar 'Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, thug fórsaí na Breataine ruathar ar Árainn'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Tuairisc an-mhaith