Cothrom an lae inniu dhá bhliain ó shin, toghadh Leo Varadkar ina Thaoiseach…

Siombail is ea Leo Varadkar don Éire nua liobrálach ilchultúrtha, ach cén chaoi a bhfuil ag éirí leis mar Thaoiseach?

Cothrom an lae inniu dhá bhliain ó shin, toghadh Leo Varadkar ina Thaoiseach…

Nuair a toghadh Leo Eric Varadkar ina Thaoiseach dhá bhliain agus an lá inniu, b’iomaí sin gné as an ngnáth a bhain leis an ócáid.

Ní raibh sé ach ocht mbliana déag agus fiche d’aois. Is as an India a athair. Is homaighnéasach é nach bhfuil aon cheilt aige air. Dúirt sé féin an lá ar toghadh é go raibh buíochas go leor ag dul don té a tháinig roimhe, Enda Kenny, as athruithe a stiúradh in Éirinn a chuir ar chumas a leithéid féin a bheith ina Thaoiseach.

Siombail is ea Varadkar don Éire nua liobrálach ilchultúrtha. Léargas é freisin ar an rath atá ar Fhine Gael sa bpolaitíocht le tamall de blianta – iad i rialtas anois ó 2011 agus beirt Taoiseach ón bpáirtí tofa as a chéile. Ach cén chaoi a bhfuil ag éirí leis mar Thaoiseach? Agus cé na leidí atá le fáil faoin tréimhse seo atá romhainn ón méid atá tarlaithe go dtí seo?

Tá sé de cháil ar Leo Varadkar go mbíonn sé béalscaoilte agus ró-abartha uaireanta. Tharraing a chuid cainte ag moladh sceithirí sna Gardaí agus é ina Aire Iompair achrann air. Anois agus muid ag breathnú siar ar an scéal sin, d’fhéadfaí a rá nach aon bhotún a bhí sa ráiteas áirithe sin. Ar bhotún a bhí sa nath siúd faoi na ‘daoine a éiríonn moch ar maidin’ le linn feachtas ceannaireachta Fhine Gael? Nó a thagairt do Love Actually le linn a chéad chuairt oifigiúil ar Shráid Downing? Nó an scéal faoi iarratas pleanála sa Dún Beag a d’inis sé le linn dó a bheith ar cuairt ar Washington?  Ainneoin a cháil mar dhuine stuama cumasach cuireann na nithe a deir sé iontas orainn ar fad ó am go ham.

Is aisteach an rud é le rá faoi fhear a bhain an oifig pholaitiúil is sinsearaí sa tír amach agus é óg, ach deirtear faoi Leo Varadkar go minic nach polaiteoir nádúrtha é.  Tá sé cúthaileach agus ciúin agus braitheann tú go minic go mbíonn sé míchompordach i gcomhluadar daoine eile.

Murab ionann agus Enda Kenny a fáisceadh as an tseanstocaireacht thraidisiúnta a dhéantaí tar éis an Aifrinn Dé Domhnaigh nó ag cluichí peile Mhaigh Eo, ní maith le Varadkar a bheith ag dul ó dhoras go doras. Is in aghaidh a thola a dhéanann sé é agus b’fhearr leis díriú ar na sonraí a bhaineann le polasaithe.

Sin a fhágann go mbeidh obair mhór roimhe nuair a chinnfidh sé féin toghchán a fhógairt nó nuair a chinneann Fianna Fáil olltoghchán a thionscnamh.

Le cúpla toghchán anois bhí an feachtasaíocht bunaithe go mór ar phearsanachtaí cheannairí na bpáirtithe. Ag Varadkar a bheidh an t-ualach sin le hiompar an babhta seo.  Cé gur leis a bhí an lá i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael, ba é Simon Coveney is mó a chuaigh i gcion ar bhaill an pháirtí. Is fada Fianna Fáil ag maíomh gur buachaillí ardnósacha atá i bhFine Gael. An mbeidh Varadkar in ann an dearcadh sin a bhréagnú le linn feachtas toghcháin? Caithfidh sé greim a choinneáil ar a theanga agus an cumas atá ann a léiriú ar bhealach níos éifeachtaí. Tá dhá bhliain caite aige ag fás, meas tú an mbeidh sé anois faoi bhláth?

Fág freagra ar 'Cothrom an lae inniu dhá bhliain ó shin, toghadh Leo Varadkar ina Thaoiseach…'