Cothrom an lae seo i 1906 bhí ciorruithe ar oideachas Gaeilge á phlé i Westminster

“It is the wish of the Irish Government to give every proper help to the teaching of Irish, subject to the condition that other essential subjects are not interfered with" a dúirt James Bryce i Westminster ar an 19 Meitheamh 1906

Westminster

Cothrom an lae seo sa bhliain 1906 bhí plé i Westminster faoi mhúineadh na Gaeilge in Éirinn. Chuir an Feisire Parlaiminte do Chiarraí John Boland ceist ar Ard-Rúnaí Fhear Ionaid an Rí, James Bryce, faoin deireadh a cuireadh le ranganna Gaeilge in Éirinn de bharr scéim nua a tugadh isteach do mhúineadh na Gaeilge agus don oideachas dátheangach sa tír seo.

Bhain an Rialtas £6,000 ón gciste do mhúineadh na Gaeilge le tuilleadh múinteoirí cúnta i scoileanna na hÉireann a íoc. Thagair an Feisire Boland do mholtaí a rinne Conradh na Gaeilge ag an am faoi leasuithe ba cheart a dhéanamh ar an scéim nua.

Thug James Bryce, an tArd-Rúnaí, le fios don Fheisire Boland nach raibh sé ar an eolas faoi na moltaí a bhí déanta ag an gConradh agus go raibh gach deis ag aon duine ar spéis leo múineadh na Gaeilge a dtuairimí ar an ábhar a nochtadh agus moltaí a dhéanamh ina leith.

“I have myself frequently invited suggestions, but though I have received objections and remarks on the general question, I have had hardly any positive suggestions for the improvement of the particular plan,” a dúirt an tArd-Rúnaí Bryce.

Dúirt sé go raibh sé ag súil go mbeadh toradh níos fearr ar fhoghlaim na Gaeilge faoin scéim in ainneoin na gciorruithe a rinneadh ar an airgead a chuirfí ar fáil lena haghaidh.

“It is the wish of the Irish Government to give every proper help to the teaching of Irish, subject to the condition that other essential subjects are not interfered with,” a mhaígh sé.

Cuireadh an cheist arís i mí Dheireadh Fómhair na bliana agus thug an tArd-Rúnaí le fios go raibh moltaí an Chonartha feicthe aige faoin tráth sin agus go raibh na moltaí sin curtha ar aghaidh aige chuig Coimisinéirí an Oideachais Náisiúnta. Dúirt sé go raibh na moltaí le plé ag an gcéad chruinniú eile a bheadh ag na Coimisinéirí.

D’fhiafraigh an Feisire Boland den Ard-Rúnaí arís eile faoin scéim i mí Shamhna na bliana céanna ach ní raibh aon dul chun cinn déanta faoin am sin.

“I am not yet in a position to state what action, if any, the Commissioners of National Education propose to take in the matter mentioned,” a mhínigh an tArd-Rúnaí Bryce.

Bhí na Coimisinéirí fós i mbun plé agus comhfhreagrais faoin ábhar aimsir na Nollag 1906.

Fág freagra ar 'Cothrom an lae seo i 1906 bhí ciorruithe ar oideachas Gaeilge á phlé i Westminster'

  • Gearóid de Grás

    Chuirfeadh sé an Plean 20 Bliain i gcuimhne duit: an siar is aniar ar fad a bhí ann roimh a fhoilsiú agus ansin tiomantas ár bpolaiteoirí agus a gcuid státseirbhísigh “every proper help” a thabhairt don teanga ina dhiaidh sin. Níor athraigh mórán le céad bliain anuas.