Cosc iomlán ar dhó móna i dtithe na tíre seo molta i dtuarascáil nua

Tá ag teip ar an tír seo spriocanna a bhaint amach maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide agus tá cosc ar ghual agus ar mhóin molta dá bharr

Cosc iomlán ar dhó móna i dtithe na tíre seo molta i dtuarascáil nua

Tá cosc iomlán ar mhóin a úsáid mar ábhar tine i dtithe na tíre seo ar cheann amháin de na moltaí atá déanta i dtuairisc a d’fhoilsigh an eagraíocht stáit a bunaíodh le comhairle a chur ar an Rialtas le dul i ngleic le hathrú aeráide anseo inné.

Deir an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide go gcaithfear straitéis a fhorbairt le deireadh a chuir le gual agus móin mar fhoinsí cumhachta má táthar le cloí le spriocanna atá leagtha síos don tír seo le dul i ngleic le hathrú aeráide agus más fúinn fíneálacha nó íocaíochtaí eile a sheachaint.

D’fhéadfaí fíneálacha nó costais suas le €600 milliún a leagan ar an tír seo mura mbaintear amach na spriocanna fuinnimh a bhí geallta faoin mbliain 2020.

Tá rabhadh soiléir tugtha ag an gComhairle Chomhairleach freisin gur cosúil go dteipfidh ar an tír seo spriocanna eile a bhaineann le laghdú ar astaíochtaí carbóin faoin mbliain 2050 a bhaint amach.

Is dá thoradh sin atá cosc ar úsáid a bhaint as gual agus móin do ghiniúint leictreachais agus mar ábhar teasa i dtithe cónaithe na tíre á mholadh anois. 

Deirtear sa tuarascáil nuafhoilsithe go bhfuil an tír seo ar an tríú ceann is airde per capita san Aontas Eorpach maidir le hastaíochtaí carbóin. Tá ráta ard na tíre seo ann mar thoradh ar an mbéim ar ghual agus ar mhóin agus de bharr laghad na húsáide a bhaintear as córais fuinnimh in-athnuaite anseo.

In airde, ag ráta 3.7%, a chuaigh astaíochtaí gáis na tíre seo sa bhliain 2015, rud a chiallaíonn nach ndearnadh dícheangal idir an fhorbairt eacnamaíochta agus na gáis seo atá ar cheann de na cúiseanna le hathrú aeráide, dar le húdair na tuarascála nua.

“Theastódh ardú suntasach a chur ar cháin charbóin agus, de réir a chéile, éirí as úsáid a bheith á baint as gual agus móin chun tithe a théamh nó leictreachas a ghiniúint,” a dúirt Cathaoirleach na Comhairle Comhairlí um Athrú Aeráide, an tOllamh John Fitzgerald.

Tugadh le fios sa daonáireamh is deireanaí (2016) go raibh 176,640 teach sa stát a ag baint úsáid as gual nó móin mar phríomhfhoinse fuinnimh, ardú 10% ar dhaonáireamh na bliana 2011 tráth gur 157,783 teach a bhí i gceist.

Thug an Chomhairle Chomhairleach le fios go raibh sé deacair tomhas cruinn a dhéanamh ar an méid móna a bhí á húsáid sa tír seo, go háirithe agus móin á baint ag daoine ar a gcuid portach féin. Dúradh, áfach, go raibh “negative implications for air quality” mar thoradh ar dhó na móna sin.

Mhol an Chomhaire freisin gur cheart éirí as fóirdheontais a íoc chun leictreachas a ghiniúint as dó móna agus dúirt go mbeadh sé tráthúil sin a dhéanamh sa bhliain 2019 nuair a thiocfadh deireadh leis na socruithe reatha maidir leis na fóirdheontais sin.

Seo í an chéad tuarascáil ón gComhairle Chomhairleach a bunaíodh anuraidh mar eagraíocht neamhspleách le hanailís a dhéanamh agus léirmheasanna a fhoilsiú go bliantúil ar an mbealach a bhfuiltear ag dul i ngleic leis an laghdú ar astaíochtaí carbóin agus le hathrú aeráide sa tír seo.

Fág freagra ar 'Cosc iomlán ar dhó móna i dtithe na tíre seo molta i dtuarascáil nua'