Tá an togra Gaeilge ‘Cosán Mata’ Zú Bhaile Átha Cliath ar fáil go digiteach do dhaltaí ó cheann ceann na tíre. COGG, Seachtain Mhata na hÉireann, Súile Mata, agus Zú Bhaile Átha Cliath a chruthaigh ‘Cosán Mata’ leis an mata a chur chun cinn i mbunscoileanna,.
Is togra “nuálach” é an Cosán Mata a bhfuil sé mar aidhm aige an mhatamaitic a chur i láthair ar “bhealach taitneamhach, praiticiúil, agus idirghníomhach”.
Bhí Seachtain na Matamaitice ar siúl ó thús na seachtaine agus imeachtaí éagsúla ar bun ó cheann ceann na tíre. Beidh breis agus 200 dalta Gaelscoile, in éineacht lena múinteoirí, ag glacadh páirt in imeacht mór i Zú Bhaile Átha Cliath inniu leis an tseachtain mhór a cheiliúradh. Cuirfidh daltaí Ghaelscoil Bharra, sa Chabrach, agus daltaí Ghaelscoil Inse Chór, clabhsúr ar an tseachtain ag an gCosán Mata i nGairdín na nAinmhithe.
Caithfidh na daltaí Gaelscoile an mhaidin ag dul i ngleic le mata “sa saol timpeall orthu” agus iad ag déanamh meastacháin ar mhéid na n-ainmnithe agus ag aithint cruthanna agus patrúin sna gnáthóga atá sa Zú. Deir lucht a heagraithe go spreagfadh an ócáid “fiosracht, samhlaíocht, agus tuiscint ar an matamaitic sa timpeallacht nádúrtha”.
Tá leagan “fíorúil” den chosán ar fáil freisin. San áireamh leis an leagan digiteach den chosán tá físeáin ghearra a taifeadadh sa zú, ceisteanna do ranganna sinsearacha agus sóisearacha atá agus léarscáil idirghníomhach den zú.
“Tá sé mar aidhm ag an tionscadal spéis agus grá don Mhatamaitic a chothú, timpeallacht dhinimiciúil a chruthú le haghaidh foghlama agus spraoi, agus tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí chun an Mhatamaitic a thabhairt beo sa seomra ranga agus lasmuigh de,” a deirtear.
Tá an Cosán Mata sa zú mar fhorbairt ar an gCosán Mata sa Spidéal a forbraíodh den chéad uair anuraidh agus atá ar fáil arís i mbliana ag Céibh an Spidéil do bhunscoileanna Chonamara.
Tá leagan fíorúil ar fáil ar shuíomh COGG freisin.
Fág freagra ar 'Cosán Mata Zú Bhaile Átha Cliath ar fáil i nGaeilge do dhaltaí ar fud na hÉireann'