Cosaint déanta ag Raidió na Gaeltachta ar tvuíteáil i mBéarla amháin

Thug cuid mhaith daoine suntas aréir do tvuít i mBéarla amháin a seoladh ó chuntas oifigiúil an stáisiúin Ghaeilge

Cosaint déanta ag Raidió na Gaeltachta ar tvuíteáil i mBéarla amháin

Deir RTÉ Raidió na Gaeltachta gur cuid de ghnáthchleachtas poiblíochta an stáisiúin é a bheith ag tvúiteáil i mBéarla óna gcuntas oifigiúil.

Thug cuid mhaith daoine suntas aréir do tvuít i mBéarla amháin a seoladh ó chuntas an stáisiúin.

Thuill an tvuít, ar cuireadh leagan Gaeilge di amach ar dtús, cáineadh sna tráchtanna a fágadh faoi, ach deir RTÉ RnaG nach raibh aon pholasaí nua i gceist leis an gcumarsáid i mBéarla leis an bpobal.

Shíl roinnt daoine, áfach, gur rud aisteach é go mbeadh an stáisiún Gaeilge ag tvuíteáil i mBéarla agus chuir an tvuít samhnas ar dhaoine áirithe.

Chaith iriseoirí Gaeilge eile amhras chomh maith ar chur chuige teanga RnaG sa chás seo.

Nuair a mhaígh RnaG féin gur “chun aitheantas agus creidiúint” a fháil don stáisiún agus a gcuid oibre iriseoireachta é, dúradh go raibh “bealaí” eile ann sin a dhéanamh seachas tvuíteanna i mBéarla amháin a chur amach.

Bhíodar ann a chosain cur chuige RnaG chomh maith.

Dúradh i ráiteas a chuir RTÉ RnaG ar fáil do Tuairisc.ie.

“Is gnáthchleachtas é do RTÉ Raidió na Gaeltachta scéalta a bhristear ar an stáisiún a meastar go mbeadh spéis iontu taobh amuigh de phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur amach trí Bhéarla freisin, go hiondúil i bhfoirm preasráitis. 

“Déantar é seo chun aitheantas agus creidiúint a fháil don stáisiún ar an obair iriseoireachta atá curtha i gcrích ar an scéal, agus chun aird a tharraingt ar obair na seirbhíse tré chéile.”  

Dúradh gur “sampla” de ghnáthchleachtas poiblíochta an stáisiúin a bhí sa tvuít Bhéarla.

“Eisíodh an t-eolas i nGaeilge ar dtús, ach measadh go raibh go leor meáin i gcontae na Gaillimhe a mbeadh spéis acu sa scéal taobh amuigh de phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus is é sin an fáth gur eisíodh leagan Béarla freisin, i ndiaidh dúinn an leagan Gaeilge a chur amach. Níl aon pholasaí nua i gceist,” a dúradh i ráiteas RnaG.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag Raidió na Gaeltachta ar tvuíteáil i mBéarla amháin'

  • Tuairisg

    Gnáthchleachtas? Cén uair deireadh a ndearna siad é? Cosaint sheafóideach. Tá siad ag déanamh díluacháil ar an nuacht agus obair eile ar fad a dhéanann siad. Nach dóthain níos mó a bheith ag freastal ar phobal na Gaeilge?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Samhnasach!

    An craoltóir náisiúnta Gaeilge de chuid RTÉ anois ag brú Béarla ar phobal na Gaeilge!! Tá mé dubh dóite ag éisteacht leis an sean leithscéal seo ‘ní thuigfidh pobal an Bhéarla é’ ó dhreamanna a deir go mbíonn siad ‘i bhfách na Gaeilge’!! Is cosúil nach bhfuil polasaí láidir ar bith ag Raidió na Gaeltachta i dtaca le cumarsáid a dhéanamh le saol an Bhéarla, le craoltóirí eile nach bhfuil ag craoladh/foilsiú faic i nGaeilg nó le RTÉ féin. Mar shampla, má bhíonn ar iriseoir teagmháil a dhéanamh le rannóg áirithe i RTÉ i mBÁC an i nGaeilg nó i mBéarla a dhéantar é? An bhfuil RTÉ i mBÁC ag déanamh cumarsáid i mBéarla le RnaG?? Má tá, is mór an náire iad ag brú Béarla chainteoirí Gaeilge. Agus nach gceistítear an mhodh cumarsáide seo taobh istigh de RTÉ? Nach ndiúltaíonn oibrithe RnaG cumarsáid a dhéanamh trí Bhéarla le ranna/hoifigigh eile i RTÉ? Is stáitseirbhísigh iad uilig agus, dála an scéil, tá an phrácás céanna in achan eagraíocht stáit sa tír seo…

    I mo thuairimse bhí RnaG ag tabhairt aitheantais don fear gnó Jarlath Conneely (an bhfuil Gaeilg ag an duine seo??) atá anois i mbun úinéireacht ar an t-aerlíne seo Aer Arann. An raibh coinníoll Gaeilge leis an chonradh nuair a dhíol Pádraig Ó Céidigh an t-aerlíne? Ach nach comhlacht Béarla é Aer Arann cibé ar bith? Ní fheicim aitheantas ar bith don Ghaeltacht ná aon rud déanta go hiomlán trí Ghaeilg ag an gcomhlacht seo atá suite i gceantar Ghaeltachta agus a fhaigheann neart maoinithe ón rialtas (an rud ceannann céanna ag tarlú le hAerfort Charraig Finne i nDún na nGall nó ‘Donegal Airport’ mar is fearr aithne air).

  • Tadhg Ó Súilleabháin

    Nár dúirt Catherine Conolly TD i mí na Samhna 2019 – “Tá an teachtaireacht ag dul amach anois má tá rud tábhachtach le rá abair i mBéarla é!

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Más ar an mBéarla atá RnaG ag seasamh chun ‘aitheantas agus creidiúint’ a fháil, tá deireadh leo.