Cosaint déanta ag Príomh-Eagarthóir nua Nuacht TG4/RTÉ ar an gclúdach i nGaeilge ar reifreann an Ochtú Leasú

Labhair Joe Reddington, Príomh-Eagarthóir nua Nuacht TG4/RTÉ, tráthnóna faoi chur chuige Nuacht TG4 aimsir an reifrinn agus faoi fhigiúirí féachana an chláir nuachta

Cosaint déanta ag Príomh-Eagarthóir nua Nuacht TG4/RTÉ ar an gclúdach i nGaeilge ar reifreann an Ochtú Leasú

Is ar RTÉ seachas TG4 a bhíonn daoine ag brath i gcás scéalta móra atá díreach ag briseadh, ar nós scéal thoradh reifreann an ghinmhillte le déanaí, dar le Príomh-Eagarthóir nua Nuacht TG4/RTÉ, Joe Reddington.

Ag labhairt dó ar an gclár Pléscéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna, rinne sé cosaint ar chur chuige Nuacht TG4 aimsir an reifrinn agus ar fhigiúirí féachana an fheasacháin nuachta ar an stáisiún Gaeilge.

Nuair a cheistigh an craoltóir Cormac Ó hEadhra é faoin mbearna ‘24 uair a chloig’ i gclúdach teilifíse TG4 ar scéal an reifrinn, dúirt Eagarthóir nuacheaptha Nuacht TG4/RTÉ nach ionann “na hacmhainní [ag Nuacht TG4] ná an freastal a dhéanann TG4 ar an bpobal” agus “go mbeifí ag súil leis go mbeadh daoine ag iompú ar RTÉ 1 le haghaidh an cineál sin freastail”.

Dúirt sé gur craoladh trí fheasachán nuachta teilifíse i nGaeilge ar lá na dtorthaí – ag 1.45pm (ar RTÉ 1) ag 5.45pm (RTÉ 1) agus ag 8.30pm (TG4). Dúirt sé gur craoladh “clár an-chuimsitheach ar fad ar an reifreann ar TG4 agus ar an anailís ar thorthaí an reifrinn” agus go raibh díospóireacht bheo faoin ábhar ar 7Lá ar an stáisiún céanna seachtain an reifrinn.

“Craoladh trí chlár ar lá an chomhairimh agus chlúdaigh muid an comhaireamh agus an reifreann tábhachtach sin ar bhealach an-chuimsitheach agus ar bhealach an-reigiúnach ó thús an lae,” a dúirt sé.

Maidir leis an maíomh go mbíonn níos lú ná míle duine, ar an meán, ag féachaint ar Nuacht TG4 oícheanta áirithe, dúirt Reddington gur léirigh na figiúirí is déanaí a bhí feicthe aige gur idir 8,000-10,000 duine, ar an meán, a d’fhéach gach lá ar Nuacht TG4  mí Aibreáin na bliana seo.

Inniu a fógraíodh go bhfuil Joe Reddington ceaptha ina Phríomh-Eagarthóir ar Nuacht TG4/RTÉ.

Is é Reddington, an dara duine riamh an cúram sin a bheith air agus é ag teacht i gcomharbacht ar Mhichael Lally a d’éirigh as le déanaí tar éis 22 bliain sa phost.

Dúirt Bainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Jon Williams go raibh “áthas” air gurb é Reddington a bheadh i bhfeighil na nuachta feasta.

“Le scór bliain, tá sé ag croí na foirne a chuir Nuacht i lár an aonaigh. Le gairid, is é a bhí i gceann athsheoladh na seirbhíse, na sraithe nua cúrsaí reatha, agus seoladh an stiúideo nua i mBaile na hAbhann. Tá Nuacht ag croílár mhisean RTÉ. Tá go leor bainte amach againn ach tá go leor fós le déanamh.

“Tá ríméad orm gurb é Joe a bheidh i gceann ar an gcéad chaibidil eile i scéal na Nuachta. Le scór bliain, tá sé ag croí na foirne a chuir Nuacht i lár an aonaigh. Le gairid, is é a bhí i gceann athsheoladh na seirbhíse, na sraithe nua cúrsaí reatha, agus seoladh an stiúideo nua i mBaile na hAbhann. Tá Nuacht ag croí-lár mhisean RTÉ. Tá go leor bainte amach againn ach tá go leor fós le déanamh. Tá ríméad orm gurb é Joe a bheidh i gceann ar an gcéad chaibidil eile i scéal na Nuachta,” a dúirt Jon Williams.

Chuir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, fáilte roimh an gceapachán chomh maith.

‘Tá tuiscint an-mhaith ag Joe Reddington ar fhís TG4 agus na dúshláin a bhaineann le soláthar seirbhísí nuachta comhaimseartha, i saol atá ag athrú de shíor. Fáiltímid go mór roimh a cheapachán. Tá taithí na mblianta ag Joe ar a bheith ag obair linn sa cheannáras anseo i mBaile na hAbhann agus cuireann sé a chroí agus a anam san obair a dhéanann sé i gcónaí.

“‘Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis sna blianta romhainn, ag freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ag cur le hacmhainní agus le scóp iriseoireacht na Gaeilge,” a dúirt Alan Esslemont.

Dúirt Joe Reddington féin gur “údar mór bróid” dó a cheapachán.  

“Údar bróid dom freisin an fhoireann a bhfuil mé i gceann uirthi anois. Gan an fhoireann seo, ní bheadh an t-éacht atá déanta againn le bliain anuas, agus go deimhin ó 1996 i leith, déanta. I bpáirt lenár gcomhghleacaithe ar fud RTÉ, cuirfidh muid bonn láidir agus fuinniúil faoi thodhchaí na Nuachta,” a dúirt Joe Reddington.

 

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag Príomh-Eagarthóir nua Nuacht TG4/RTÉ ar an gclúdach i nGaeilge ar reifreann an Ochtú Leasú'