Ní ghlacann Foras na Gaeilge leis gur sháraigh siad Acht na dTeangacha nuair a dhiúltaigh siad comhfhreagras freagra i mBéarla a thabhairt ar chomhfhreagras i mBéarla ón iarchomhalta boird, Éamonn Ó Gribín.
Rinne Ó Gribín gearán leis an gCoimisinéir Teanga toisc nár fhreagair an Foras comhfhreagras i mBéarla uaidh sa teanga sin.
De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie, tá an Foras ag maíomh gur bhain an comhfhreagras atá i gceist go sonrach le próiseas inmheánach idir iad féin agus Ó Gribín ina cháil mar chomhalta boird de chuid na heagraíochta.
Deir an Foras dá bharr gur chuid d’obair na heagraíochta a bhí i gceist leis an bpróiseas agus gurb í an Ghaeilge teanga oibre an Fhorais.
De réir an eolais atá faighte ag Tuairisc.ie, thug an Foras le fios d’Oifig an Choimisinéara Teanga gurb í an Ghaeilge atá sainithe “mar theanga chumarsáide inmheánach” na heagraíochta sa reachtaíocht faoinar bunaíodh í, agus gur i nGaeilge ba cheart an obair sin a dhéanamh dá réir.
Is léir go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga anois ag scrúdú argóintí an Fhorais agus an cás á bhreithniú acu i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Rinne Ó Gribín gearán foirmiúil le hOifig an Choimisinéara Teanga mí na Samhna seo caite toisc go raibh an Foras ag tabhairt freagra i nGaeilge ar cheisteanna bhí á gcur aige i mBéarla.
Bhain na ceisteanna sin le cinneadh Fhoras na Gaeilge Ó Gribín a bhriseadh as a chúram mar bhall de Bhord na heagraíochta trasteorann.
D’iarr Ó Gribín ar an bhForas comhfhreagras agus cáipéisí eile a bhain lena chás a chur ar fáil i mBéarla ionas go mbeadh an dlíodóir atá aige in ann iad a thuiscint. Dúirt Ó Gribín nár éirigh leis, cheal ama, dlíodóir le dóthain Gaeilge a fháil lena chás a phlé sa teanga sin.
Bhain gearán Uí Ghribín le hAlt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. De réir an ailt sin, sa chás go ndéanann duine cumarsáid i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, tá dualgas ar an gcomhlacht poiblí an chumarsáid sin a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna.
Fág freagra ar 'Freagra tugtha ag Foras na Gaeilge ar ghearán comhalta boird leis an gCoimisinéir Teanga'