Corraíl agus míshuaimhneas faoi mhianta Rialtas na Breataine

Má chuireann an Bhreatain Airteagal 16 i bhfeidhm mar thoradh ar easpa dul chun cinn sna cainteanna atá ar siúl, beifear ag plé an Bhreatimeachta go ceann scaithimh eile

Corraíl agus míshuaimhneas faoi mhianta Rialtas na Breataine

Boris Johnson. Pictiúr: Andrew Parsons/No10 Downing Street

Nuair a bheidh deireadh ráite an deireadh seachtaine seo ag Cop26, más maith nó olc an toradh, beidh aird rialtas na Breataine arís ar an méid atá i gceist acu a dhéanamh faoi phrótacal Thuaisceart Éireann.

Tá sé tugtha le fios go láidir ag an Tiarna Frost go bhfuil rún acu Airteagal 16 den phrótacal a chur i bhfeidhm. Nuair a rinneadh socrú idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach Oíche Nollag anuraidh leis an bpróiseas Breatimeachta a thabhairt chun críche is beag a cheap go leor go mbeadh an cur agus cúiteamh faoi Thuaisceart Éireann agus an prótacal fós á phlé.

Mar is eol dúinn, tá an prótacal tagtha in áit an chúltaca agus tá na pleananna seo ar fad á ndéanamh in iarracht an teorainn ar an oileán seo a choinneáil oscailte.

Seift atá in Airteagal 16 den phrótacal céanna le bealach éalaithe a thabhairt don Aontas Eorpach nó don Bhreatain sa gcás agus go gcreideann ceachtar dream go bhfuil an prótacal agus an comhaontú idir an tAontas agus an Bhreatain ag cothú deacrachtaí tromchúiseacha. Is léir anois le roinnt seachtainí nár chreid an Bhreatain ón gcéad lá go mbeadh an plean seo le cur i gcrích.

Tá iliomad óráid agus ráiteas eisithe acu ag cur i leith na hEorpa nach bhfuil siad sásta a bheith solúbtha maidir le cur i bhfeidhm an phrótacail. Deir an Eoraip nach féidir mianta na Breataine i leith an phrótacail a chur i gcrích faoi mar atá siad leagtha amach acu. An bhfuil aon duine eile ag teacht ar an tuairim gur ionann ‘solúbthacht’ na hEorpa agus an Bhreatain a bheith ar a comhairle féin?

Beidh cainteanna inniu ag David Frost agus Maroš Šefčovič agus tá an tuairim go forleathan ann go mbeidh an Bhreatain ag fógairt go bhfuil siad le hAirteagal 16 a chur i bhfeidhm mar gheall ar easpa tuisceana lucht an Aontais Eorpaigh. Idir an dá linn tá lucht gnó i dTuaisceart Éireann ag fulaingt ceal treorach cé go bhfeiceann siad na suáilcí a bhaineann leis an bprótacal.

Tá easpa muiníne ag an dá dhream as a chéile. Deir lucht gnó i dTuaisceart Éireann nach bhfuil an toil i measc na aosa pholaitiúil réiteach a aimsiú ar an scéal. Is deacair milleán a chur ar údaráis an Aontais a dteastaíonn uathu a gcuid margaí a chosaint agus a chinntiú freisin nach mbeidh an oiread fonn ar aon bhallstát eile tabhairt faoin Aontas a fhágáil.

Maíonn an dá dhream go bhfuil a ndícheall déanta acu margadh a aimsiú a bheadh cóiriúil do chách. Má chuireann an Bhreatain Airteagal 16 i bhfeidhm as seo go ceann seachtaine mar thoradh ar easpa dul chun cinn sna cainteanna inniu, is féidir linn a bheith ag súil le plé agus díospóireacht faoin mBreatimeacht go ceann scaithimh eile.

Is féidir a bheith ag súil freisin le corraíl agus míshuaimhneas sa bpolaitíocht ar an taobh ó thuaidh den teorainn. I ndeireadh an lae, an aidhm a bhí luaite leis an bprótacal ná an tsíocháin ar an oileán seo a chaomhnú. An bhfeicfidh muid sna seachtainí seo romhainn gurb é a mhalairt a tharlóidh ó tharla nach bhfuair David Frost, Boris Johnson agus rialtas na Breataine cead a gcinn?

Fág freagra ar 'Corraíl agus míshuaimhneas faoi mhianta Rialtas na Breataine'