Corn na gCuradh chugainn arís agus na cúigí réidh chun chatha

Agus tús á chur leis na comórtais Eorpacha bhí neart le foghlaim ó thorthaí na gcluichí idirchúige a imríodh an deireadh seachtaine seo caite

Corn na gCuradh chugainn arís agus na cúigí réidh chun chatha

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Is cinnte go bhfuil neart le foghlaim ó thorthaí na gcluichí idirchúige a imríodh an deireadh seachtaine seo caite. Is maith an t-údar gleo agus bróid a bhíonn ag cúige ar bith a thugann an lá leo agus b’amhlaidh mar a bhí tar éis bhua iontach Chúige Laighean ar Chúige Mumhan.

Is cinnte go gcuireann bainistíocht na bhfoirne béim ollmhór ar na cluichí seo mar réiteach do na comórtais Eorpacha a bheidh á n-imirt an deireadh seachtaine seo. Seans dá bhrí sin gur beag tairbhe dóibh an cluiche a d’imir na hUltaigh i gcoinne na gConnachtach roimh chuairt Wasps Londan ar Bhéal Feirste tráthnóna i gcomórtas na gCuradh. Cé nach raibh tada idir na foirne ag leath ama sa gcluiche sin, bhí na hUltaigh i bhfad róláidir do Chonnachta sa dara leath, rud a chinntigh bua éasca dóibh. Mar sin is mór ann leas do na hUltaigh gur in aghaidh foireann atá sa 10ú háit ar thábla an Aviva Premiership, mar atá Wasps faoi láthair, a bheidh siad. Níor éirigh le Wasps ach dhá chluiche as sé cinn a bhuachan go dtí seo ina gcomórtas baile. Ní hionann an cás ag na hUltaigh, foireann a bhuaigh cúig chluiche as sé cinn.

Is ag na hUltaigh atá buntáiste an bhaile sa gcluiche seo rud a fhágann gur orthu atá an brú ar fad roimh an gcluiche. Beidh an-díomá ar a lucht leanaúna má theipeann orthu.

Beidh lucht leanta Chúige Laighean ag súil le bua san RDS Dé Sathairn agus iadsan ag fáiltiú roimh Montpelier ó dheisceart na Fraince. Tá Montpelier sa dara háit ar thábla Top 14 na Fraince faoi láthair agus cúig chluiche as seacht gcinn buaite acu. Cé gur sa tríú háit ar a dtábla féin atá Cúige Laighean, tá cúig chluiche buaite acu, an ceann i gcoinne na Mumhan an Satharn seo caite san áireamh. 

Má éiríonn le Cúige Laighean an cur chuige céanna a thug siad chun páirce leo  i gcoinne na Mumhan a thabhairt leo arís an Satharn seo, is deacair bua a thuar do na cuairteoirí, go háirithe má chuirtear na deacrachtaí a bhíonn ag foirne ón bhFrainc agus iad ag imirt thar lear san áireamh.

Thar lear go deisceart na Fraince atá triall na Muimhneach an Domhnach seo le tabhairt faoi Castres, foireann atá sa 11ú háit ar thábla an Top 14. Go teoiriciúil, níor cheart go mbeadh mórán stró ar na Muimhnigh ach má imríonn siad mar a d’imir siad i gcoinne Chúige Laighean agus má thugann siad an oiread céanna ciceanna éirice uathu cuirfidh siad an-bhrú orthu féin. Beidh gá le hathrú mór, ach má éiríonn le Cúige Mumhan sin a dhéanamh, beidh an-seans ar bhua as baile acu. 

Is sa gcomórtas sóisearach, Corn an Dúshláin, a bheas na Connachtaigh ag imirt an séasúr seo. As baile sa bhFrainc i gcoinne US Oyonnax, foireann atá sáinnithe ag bun an Top14 (12ú háit), a bheidh siad. Go deimhin ní dóigh go mbeidh mórán idir na foirne seo. Tá go leor deacrachtaí ag na Connachtaigh féin an séasúr seo. Níor éirigh leo ach bua amháin a thabhairt leo as sé chluiche go dtí seo. 

Tá na geallghlacadóirí ag taobhú le fir an bhaile, ach tá mise sásta seasamh le fir an iarthair, díreach de bhrí go bhfuil siad faoi bhrú damanta agus go bhfuil bua ag teastáil go géar uathu. 

Fág freagra ar 'Corn na gCuradh chugainn arís agus na cúigí réidh chun chatha'