Corcaigh agus Luimneach ag súil le leanúint lena n-aistear

Is beag a bheidh idir Corcaigh agus Luimneach agus iad ag dul chun páirce i gcluiche leathcheannais na hÉireann tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh

Corcaigh agus Luimneach ag súil le leanúint lena n-aistear

Colm Spillane (Corcaigh) agus Barry Murphy (Luimneach). Pictúr: INPHO/James Crombie

Tá CLG ag súil le slua ollmhór i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna nuair a thabharfaidh Corcaigh agus Luimneach aghaidh ar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann, agus ní haon iontas é sin.

Tá Luimneach ar ais sna babhtaí leathcheannais den chéad uair ó 2014, nuair a chaill siad in aghaidh Chill Chainnigh, agus lucht tacaíochta an chontae an-tógtha leis an bhfoireann óg chumasach seo atá faoi cheannas John Kiely.

In aghaidh Chorcaí a bheidh siad don dara uair i gcraobh na bliana seo, foireann a bhfuil Craobh na Mumhan buaite acu dhá bhliain as a chéile agus atá aitheanta i measc an dá nó na trí fhoireann is fearr sa tír le tamall.

Bhí cluiche den scoth idir na foirne i gCraobh na Mumhan níos luaithe i mbliana, cluiche a chríochnaigh ar comhscór, agus údar iontais a bheadh ann mura mbeadh coimhlint chomh maith céanna tráthnóna ann.

Ba iad Corcaigh a bhain áit amach i gcluiche ceannais an chúige, cluiche ina ndearnadar teacht aniar iontach i gcoinne an Chláir. Beidh siad lán de mhuinín dá bharr, ach níl cluiche imeartha acu ó shin.

Tá Luimneach imithe chun páirce faoi dhó san achar ama céanna. Bhí bua neafaiseach go leor acu ar Cheatharlach ach is suntasaí ar fad scéal a mbua in aghaidh Chait Chill Chainnigh sa chluiche ceathrú ceannais.

Bua iontach atá ag Luimneach nach mbíonn siad ag brath rómhór ar aon ghné amháin den imirt. Má tá Gaillimh mór agus láidir agus Corcaigh agus contae an Chláir tapa agus spleodrach, tá cothromaíocht i bhfoireann Luimnigh. Tá an-neart i leithéidí Declan Hannon agus Séamus Flanagan, an-scil ag leithéidí Aaron Gillane agus Cian Lynch agus luas ag imreoirí mar Dan Morrissey agus Graeme Mulcahy. Mura mbíonn ag éirí le stíl amháin, bíonn siad in ann í a athrú gan mórán stró.

Taithí an rud atá in easnamh ar go leor acu, áfach. Cé go ndearna siad go maith sa tsraith agus i gCraobh na Mumhan i mbliana, is beag cleachtadh atá ag leaids óga Luimnigh ar laethanta móra mar seo i bPáirc an Chrócaigh.

Sin rud nach mbeidh ag cur as do Chorcaigh agus blaiseadh faighte acu de na laethanta móra le cúpla bliain anuas. Anuas air sin, beidh siad ar a ndícheall ag iarraidh dul céim níos faide ná mar a rinne siad anuraidh nuair a chaill siad sna babhtaí leathcheannais in aghaidh Phort Láirge.

Deirtear go bhfuil gortú beag ag cur as do chaptaen Chorcaí, Séamus Harnedy, agus beidh biseach á ghuí ag a lucht leanúna air mar tá sé ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ar an bhfoireann. Má éiríonn le leithéidí Harnedy, Patrick Horgan agus Conor Lehane dul i bhfeidhm ar an imirt, beidh an-seans acu ach is beag a bheidh idir na foirne.

Rogha Tuairisc.ie: Luimneach

Fág freagra ar 'Corcaigh agus Luimneach ag súil le leanúint lena n-aistear'