Corcaigh ag filleadh ar Pháirc an Chrócaigh agus Ros Comáin ag súil le teacht slán as Páirc de hÍde

Imreofar an chéad bhabhta i gcomórtas an tSár-Ochtair tráthnóna nuair a chasfaidh Ros Comáin agus Tír Eoghain ar a chéile i bPáirc de hÍde sula rachaidh Corcaigh go Páirc an Chrócaigh chun aghaidh a thabhairt ar sheaimpíní na hÉireann

Corcaigh ag filleadh ar Pháirc an Chrócaigh agus Ros Comáin ag súil le teacht slán as Páirc de hÍde

Pádraig Hampsey (Tír Eoghain) agus Cathal Compton (Ros Comáin). Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ros Comáin v Tír Eoghain – Páirc de hÍde, 5.00pm (Beo ar Sky Sports)

Seans go bhfuil peileadóirí Ros Comáin ag súil go mór le cluiche an lae inniu i gcoinne Thír Eoghain agus deis anois ag seaimpíní Chonnacht rudaí a chur ina gceart i ndiaidh thubaiste na bliana seo caite.

Chas na foirne céanna seo ar a chéile sa chéad bhabhta de chluichí an tSár-Ochtair anuraidh agus bhuail Tír Eoghain greadadh uafásach ar Ros Comáin i bPáirc an Chrócaigh, 4-24 in aghaidh 1-12. Chuir an cliseadh sin fir Ros Comáin trína chéile agus fuair Dún na nGall agus Áth Cliath an ceann is fearr orthu go héasca sa dá chluiche eile sa ghrúpa.

Is buntáiste mór dóibh go bhfuil athrú tagtha ar struchtúr chomórtas an tSár-Ochtair i mbliana. Anuraidh, d’imir siad an chéad chluiche sin i gcoinne Thír Eoghain i bPáirc an Chrócaigh ach is i bPáirc de hÍde a bheidh cluiche an lae inniu agus beidh slua mór ann ag tacú leis an bhfoireann bhaile.

Tabharfaidh a mbua i gcraobh Chonnacht an-mhisneach d’fhoireann Anthony Cunningham chomh maith. Measadh gurb iad Maigh Eo agus Gaillimh na foirne ba láidre sa chúige i mbliana ach fuair Ros Comáin an ceann is fearr ar an bpéire acu.

Tá cosantóirí Ros Comáin níos díograisí i mbliana ná a bhí siad anuraidh, níor cheart go ngéillfeadh siad 4-24 tráthnóna, agus is iontach an cúnamh don fhoireann é Conor Cox i measc na dtosaithe.

Mar sin féin ná bídís ag súil go bhfaighidh siad tada bog ó Thír Eoghain. Mar a tharla i gcás fhoirne Mickey Harte go minic cheana, tá Tír Eoghain imithe ó neart go neart i rith na craoibhe.

Bhí siad i bhfad róláidir don Chabhán an tseachtain seo caite, cluiche inar éirigh le naonúr imreoirí éagsúla scóranna a aimsiú do Thír Eoghain. Bhí stíl imeartha níos oscailte acu go dtí seo i mbliana agus má choinníonn siad orthu ag imirt mar sin, ba cheart go mbeadh cluiche taitneamhach againn tráthnóna.

Ó tharla Áth Cliath cinnte d’áit a bhaint amach sna cluichí leathcheannais, cluiche thar a bheith tábhachtach é ceann an lae inniu don dá fhoireann seo ach tharlódh go mbeadh taithí bhreise Thír Eoghain cinniúnach.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Bainisteoir Chorcaí, Ronan McCarthy. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Áth Cliath v Corcaigh – Páirc an Chrócaigh, 7.00pm (Beo ar RTÉ)

Bheadh trua agat ar bhealach do pheileadóirí Chorcaí. Tar éis dóibh trí chluiche mhaithe i ndiaidh a chéile a imirt, tá beagán misnigh sa chontae den chéad uair le fada, ach tá oíche fhada rompu anocht agus iad ag tabhairt aghaidh ar Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh.

Níl aon amhras ach go bhfuil dul chun cinn déanta ag Corcaigh i gcraobh na bliana seo. Beidh siad ag imirt i Roinn 3 na sraithe an bhliain seo chugainn tar éis a ndíbeartha as Roinn 2 san earrach ach go dtí seo, tá cuma i bhfad níos láidre orthu sa chraobh.

Rinne siad scrios ar Laois an deireadh seachtaine seo caite, cluiche inar aimsigh na Corcaígh 4-20, agus tá an bheirt naoscairí as Gleann Bearcháin, Mark Collins agus Brian Hurley, ag imirt ar fheabhas ar fad dá gcontae.

Tá 1-25 aimsithe ag Collins go dtí seo sa chraobh agus tá 5-4 faighte ag Hurley sna trí chluiche atá imeartha ag Corcaigh. Bhí an mí-ádh dearg ar Hurley le blianta beaga anuas agus tréimhsí fada caite aige ag teacht chuige féin ó ghortuithe ach tá cuma na maitheasa air arís.

Beidh taispeántais den scoth eile ag teastáil ó Hurley agus ó Collins má tá Corcaigh chun seans ar bith a bheith acu anocht, agus b’fhéidir go dtabharfaidh cluiche ceannais Laighean idir Áth Cliath agus an Mhí beagán dóchais dóibh.

Cé gur bhuaigh Áth Cliath an cluiche go héasca ar deireadh, thóg sé tamaillín orthu an Mhí a chur de dhroim seoil. Chruthaigh an Mhí ualach deiseanna sa chluiche sin, ach ar an drochuair dóibh féin, chuir siad an chuid is mó díobh amú.

Tá Jonny Cooper fós ar iarraidh ar Jim Gavin, mar atá James McCarthy, agus cé go bhfuil Rory O’Carroll fillte ar an bhfoireann arís i mbliana, is beag atá feicthe againn den lánchúlaí go dtí seo.

Fiú agus duine nó dhó fós ar iarraidh ar Áth Cliath, ba cheart go mbeidís i bhfad róláidir do Chorcaigh anocht. Tá a lán taithí acu agus fiú mura raibh siad gan locht i gcraobh Laighean, éiríonn leo i gcónaí rudaí a chur ina gceart nuair is gá.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Corcaigh ag filleadh ar Pháirc an Chrócaigh agus Ros Comáin ag súil le teacht slán as Páirc de hÍde'