Cora Finne ar thairseach na staire i bPáirc an Chrócaigh

Casfaidh Cora Finne agus Cill Chua ar a chéile i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na gClubanna tráthnóna agus fir na Gaillimhe ag iarraidh éacht a dhéanamh nach ndearnadh cheana

Cora Finne ar thairseach na staire i bPáirc an Chrócaigh

Kieran Molloy agus Jason Leonard. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cluiche Ceannais Shinsir Peile na gClubanna

Cora Finne (Gaillimh) v Cill Chua (An Dún)

Páirc an Chrócaigh, 4.00pm

Beo ar TG4

Beidh éacht déanta ag sárfhoireann seo Chora Finne má éiríonn leo Corn Andy Merrigan a thabhairt leo anoir as Páirc an Chrócaigh tráthnóna.

Má fhaigheann seaimpíní na Gaillimhe an ceann is fearr ar Chill Chua inniu, beidh Craobh Shinsir na gClubanna tugtha leo ag Cora Finne an tríú bliain as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta ag aon chumann eile i gcraobhacha peile ná iomána na bhfear.

D’éirigh le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Cumann Bharra Naofa agus Raonaithe na Croise (faoi dhó) an chraobh sa pheil a bhuachan dhá bhliain as a chéile ach má bhuann Cora Finne inniu, beidh siad á lua ar an bhfoireann is fearr riamh a d’imir i gcraobh na gclubanna.

Tá imreoirí den scoth acu fud fad na páirce. Tá Liam Silke, Kieran Fitzgerald agus Kieran Molloy i measc na gcosantóirí acu, tá Ronan Steede agus Daithí Burke i lár na páirce acu agus is cinnte go bhfuil grúpa tosaithe níos fearr acu ná mar atá ag aon chumann eile. Tá scrios déanta ar fhoirne ag Mike Farragher, Gary Sice, Jason Leonard, Micheál Lundy, Martin Farragher agus Ian Burke le roinnt blianta anuas.

Cé nach raibh Cora Finne i mbarr a maitheasa i gcraobh na Gaillimhe in 2019, tháinig siad slán aisti agus tá gach dúshlán a tháinig rompu ó shin sáraithe acu chomh maith. Bhíothas ag ceapadh go mbeadh cluiche crua idir iad féin agus seaimpíní na Mumhan, Raonaithe Nemo, ach d’aimsigh Cora Finne cúl sa chéad nóiméad agus bhí an bua acu gan mórán dua.

Tá Raonaithe Nemo ar cheann de na foirne a thuigeann go maith a dheacra atá sé Cora Finne a chloí, go háirithe i bPáirc an Chrócaigh. Is breá leis na Gaillimhigh an talamh crua agus an spás a bhíonn acu ar an bpáirc mhór. Rinne siad slad sa chluiche ceannais le cúpla bliain anuas, bua cúig phointe dhéag a bhí acu ar Raonaithe Nemo in 2018 agus bhí farasbarr dhá phointe dhéag acu ar Chrócaigh Chill Airne anuraidh.

Is maith is eol d’imreoirí Chill Chua go gcaithfidh siad an taispeántas is fearr dár thug siad riamh a thabhairt tráthnóna más leo Cora Finne a shárú ach ní bheidh aon doicheall ar sheaimpíní an Dúin roimh an dúshlán sin. Mar atá fíor faoi Chora Finne iad féin, tá Cill Chua imithe ó neart go neart ó bhuaigh siad craobh an chontae mí Dheireadh Fómhair seo caite, an seachtú craobh atá buaite acu le hocht mbliana anuas.

Bhí cluichí crua acu i gcoinne Mhachaire Fíolta agus i gcoinne Dhoire Ó gConaíle i gCraobh Uladh ach bhí Cill Chua ar fheabhas i gcoinne Naomh Conaill sa chluiche ceannais agus bhí siad níos fearr fós i gcoinne Bhaile Bhuadáin i mbabhta leathcheannais na hÉireann, cé nár tugadh mórán seans do na hUltaigh roimh an gcluiche sin.

Tá painéal láidir ag Cill Chua agus an-tionchar ag muintir Branagan ar an bhfoireann, Darryl agus Aaron go háirithe. Imreoirí cumasacha iad Jerome Johnston, Conor Laverty agus Paul Devlin i measc na dtosaithe chomh maith ach beidh ar Chill Chua gach deis a thapú má leo an chraobh a bhaint.

Ceann de na cúiseanna is mó leis an dul chun cinn atá déanta ag Cill Chua an séasúr seo ná go bhfuil Mickey Moran anois i gceannas orthu. Tá Moran aitheanta ar dhuine de na bainisteoirí is fearr sa tír le tamall fada agus ní hé seo an chéad uair dó aghaidh a thabhairt ar Chora Finne i gcluiche ceannais na hÉireann.

Bhí Moran i gceannas ar fhoireann Shleacht Néill a chaill in aghaidh Chora Finne in 2015 agus beidh tuairim mhaith aigesean céard atá le déanamh chun iad a stopadh. Is rud eile é an plean sin a chur i bhfeidhm ar an bpáirc.

Rogha Tuairisc.ie: Cora Finne

Fág freagra ar 'Cora Finne ar thairseach na staire i bPáirc an Chrócaigh'