Conspóid i gCeanada agus páirtithe an fhreasúra ag cur i gcoinne ainmniúchán an Choimisinéara Teanga nua

Tá iarrtha ag an dá pháirtí sa fhreasúra ar Cheann Comhairle Pharlaimint Cheanada athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas a bhain le hainmniú chomharba Graham Fraser, mar Choimisinéir Teangacha Cheanada

Conspóid i gCeanada agus páirtithe an fhreasúra ag cur i gcoinne ainmniúchán an Choimisinéara Teanga nua

Tá páirtithe an fhreasúra i gCeanada ag iarraidh stop a chur le ceapachán Madeleine Meilleur ina Coimisinéir Teangacha sa tír sin. Maíonn na Caomhaigh agus na Daonlathaigh Nua nach ndeachaigh Príomh-Aire Cheanada, Justin Trudeau, i gcomhairle leo sular roghnaigh sé Meilleur don phost.

Tá iarrtha anois ag an dá pháirtí ar Cheann Comhairle Pharlaimint Cheanada athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas a bhí ar bun ag na Liobrálaigh, páirtí Trudeau, maidir le comharba Graham Fraser, iarChoimisinéir Teangacha Cheanada, a roghnú.

Dúirt ceannaire na nDaonlathach nua sa pharlaimint, Murray Rankin, nach bhfuil fadhb ag a pháirtí le Meilleur, ach go bhfuil ceisteanna acu maidir leis an bpróiseas ceapacháin.

Tá cosaint déanta ag an Aire Oidhreachta, Melanie Joly, áfach, ar an ainmniúchán agus í ag maíomh gurb í Meilleur an duine is fearr agus “is cáilithe” don phost.

Dúirt sí go raibh an próiseas ainmniúcháin “oscailte” agus bunaithe “ar bhuanna an duine”. Shéan sí go raibh baint ag polaitíocht na bpáirtithe leis an gceapachán, mar a bhí curtha i leith na Liobrálach ag Rankin.

Is ball de na Liobrálaigh í Meilleur agus bhí sí ina ball tofa den pháirtí ar feadh 13 bliain i dtoghcheantar Ottawa-Vanier in Ontario. Is cainteoir Fraincise í a chaith a saol ag troid ar son cearta na bhFrainciseoirí i gCeanada. Bhí sí ina hAire Gnóthaí Frainciseoirí agus ina hArd-Aighne i rialtas an réigiúin chomh maith.

Dúirt sí ag cruinniú Coiste Parlaiminte an tseachtain seo gur labhair sí le Trudeau faoi phost a fháil i Rialtas na Cónaidhme i ndiaidh di an pholaitíocht a fhágáil ina diaidh. Thug sí le fios go raibh spéis aici sa Seanad ach go ndúradh léi nach nglactar le hiarpholaiteoirí i Seanad Cheanada.

Chas sí le ceann foirne agus comhairleoirí Trudeau freisin agus dúirt sí leo siúd chomh maith gur theastaigh post sa Chónaidhm uaithi. Tá airgead tugtha aici don pháirtí agus d’fheachtas ceannaireachta Trudeau féin, freisin.

Dúirt sí leis na meáin i gCeanada nach raibh aon súil aici leis an raic a tharraing a hainmniúchán agus go gcreideann sí gur aici atá na cáilíochtaí is fearr don phost.

Caithfidh an Pharlaimint agus an Seanad i gCeanada a mbeannacht a thabhairt do cheapachán Meilleur. Tá iarrtha ag páirtithe an fhreasúra an vóta sin a chur siar go dtí go mbeidh próiseas comhairliúcháin le gach páirtí curtha i gcrích.

Deir siad nach raibh aon phróiseas “ceart” comhairliúcháin ann go dtí seo, ach go bhfuair gach páirtí litir ón rialtas ag tús na míosa le rá gurbh í Meilleur rogha Trudeau agus go raibh tuairimí na bpáirtithe á lorg faoin rogha sin.

Dúirt John Nater, ceannaire na gCaomhach i gCeanada gur léir nach raibh oscailteacht ná follasacht ag baint leis an bpróiseas ceapacháin.

“There has obviously been direct intervention by the Prime Minister’s Office. The candidate has met with key officials in the Prime Minister’s Office. It is a disappointing outcome to see a distinguished provincial politician have to be put through a process where she is being tainted by the actions of the Prime Minister,” a dúirt sé.