Conspóid faoi easpa Gaeilge ar an ‘Toy Show’ le cur san áireamh agus clár 2020 á ullmhú

Deir RTÉ go gcuirfear san áireamh an bhliain seo chugainn an scéala ‘gur fágadh ar an trá fholamh’ pobal na teanga ar Late Late Toy Show na bliana seo

Conspóid faoi easpa Gaeilge ar an ‘Toy Show’ le cur san áireamh agus clár 2020 á ullmhú

Tá ráite ag RTÉ go gcuirfidh foireann an Late Late Toy Show san áireamh an chonspóid faoin easpa Gaeilge ar chlár na bliana seo agus iad ag ullmhú do chlár na bliana seo chugainn.

Cé nach raibh RTÉ sásta geallúint a thabhairt go mbeidh Gaeilge le cloisteáil ar chlár na bliana seo chugainn, dúirt urlabhraí ón gcraoltóir le Tuairisc.ie go gcuirfí san áireamh an bhliain seo chugainn an scéala “gur fágadh ar an trá fholamh” pobal na teanga i mbliana.

Thug an t-urlabhraí le fios go bhféachfaí ar cheist na Gaeilge ar an gclár iomráiteach mar chuid den athbhreithniú a dhéanann lucht an Toy Show gach bliain ar mhaithe le féachaint “ar bhealaí” ina bhféadfaí “feabhas” a chur air.

“Féachann RTÉ le bheith chomh hionchuimsitheach agus is féidir agus tuigimid gur tharla i mbliana, gur bhraith daoine a labhraíonn Gaeilge gur fágadh ar an trá fholamh iad mar nár craoladh na míreanna Gaeilge a bhí sa sceideal ar an gclár de bharr srianta ama.  

“Tabharfaidh an fhoireann é seo chun aire agus iad ag ullmhú do Toy Show na bliana 2020.

Mar a tugadh le fios roimhe seo fáiltíonn RTÉ roimh iarratais i nGaeilge agus i mBéarla,” a dúirt urlabhraí RTÉ.

Ní baileach gur thug an craoltóir geallúint áfach go mbeadh Gaeilgeoirí ar chlár na bliana seo chugainn.

“Próiseas cothrom agus neamhspleách é an próiseas chun taispeántóirí bréagán a roghnú.  Is mar a chéile a dhéantar gach iarratas a mheas,” a dúirt an t-urlabhraí.

Ní mó ná sásta a bhí lucht na Gaeilge ar líne faoin scéala nach raibh aon pháiste ag labhairt as Gaeilge, ná aon Ghaeilge in aon chor, ar an gclár mór-ráchairte bliantúil.

Ghabh RTÉ leithscéal Dé Luain faoi gan aon Ghaeilge a bheith ar an gclár.

Dúirt lucht an stáisiúin go raibh “brón” orthu nach raibh aon Ghaeilge le cloisteáil ar an gclár agus dúradh gurbh amhlaidh go raibh mír le Gaeilgeoirí óga socraithe ach nár éirigh leo teacht chucu de bharr “srianta ama”.

Fág freagra ar 'Conspóid faoi easpa Gaeilge ar an ‘Toy Show’ le cur san áireamh agus clár 2020 á ullmhú'