‘Brón’ ar RTÉ nach raibh aon Ghaeilge ar an Late Late Toy Show

Dúirt RTÉ go raibh mír le Gaeilgeoirí óga socraithe do chlár na hAoine seo caite ach nár thángthas chucu de bharr ‘srianta ama’

‘Brón’ ar RTÉ nach raibh aon Ghaeilge ar an Late Late Toy Show

Tá leithscéal gafa ag RTÉ faoi gan aon Ghaeilge a bheith ar an Late Late Toy Show i mbliana.

Deir lucht an stáisiúin go bhfuil “brón” orthu nach raibh aon Ghaeilge le cloisteáil ar an gclár.

Dúradh gurbh amhlaidh go raibh mír le Gaeilgeoirí óga socraithe ach nár éirigh leo teacht chucu de bharr “srianta ama”.

Ní mó ná sásta a bhí lucht na Gaeilge ar líne faoin scéala nach raibh aon pháiste ag labhairt as Gaeilge, ná aon Ghaeilge in aon chor, ar an gclár mór-ráchairte bliantúil.

I ráiteas a chuir RTÉ ar fáil do Tuairisc.ie tráthnóna, dúradh gur easpa ama ba chúis le gan aon Ghaeilge a bheith le cloisteáil ar an gclár.

De réir an ráitis bhí mír beartaithe don chlár faoi roinnt leabhar Gaeilge ach b’amhlaidh nach raibh dóthain ama ann do na páistí le Gaeilge a bhí le bheith mar chuid den seó.

“Bhí an Late Late Toy Show Dé hAoine seo caite bunaithe ar leanaí agus ar a dtaithí agus ar a gcuid scéalta pearsanta suimiúla féin.  Bhí cainteoirí Gaeilge sa sceideal againn.  Faraor, de bharr an méid brú a bhaineann le clar beo teilifíse, níor éirigh linn na míreanna ar fad a bhí pleanáilte a dhéanamh sa deireadh thiar thall.  Is amhlaidh a bhí an scéal i gcás na leabhar Gaeilge agus bhí siad san áireamh san ord reatha a leagadh síos ar dtús. 

“Bhí sé beartaithe againn go mbeadh cainteoirí Gaeilge agus leabhair Ghaeilge mar chuid den chlár, faraor, de bharr srianta ama ar an oíche, níor éirigh linn na míreanna sin a chur ar an aer.”

Dúradh go raibh brón ar RTÉ nach raibh aon Ghaeilge le clositeáil ar an gclár. 

“Déanann foireann an Toyshow gach iarracht guth a thabhairt agus ionadaíocht a dhéanamh ar gach páiste in Éirinn.

“Tá brón ar RTÉ nár éirigh linn é seo a dhéanamh i leith na Gaeilge oíche Dé hAoine agus go bhfuil daoine díomách dá bharr.”

I mí Mheán Fómhair, thug RTÉ le fios nach bhféadfaí aon gheallúint a thabhairt go mbeadh Gaeilgeoir ar chlár na mbréagán i mbliana.

Chuir lucht na Gaeilge a míshástacht faoi easpa Gaeilge chlár na hAoine in iúl ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar '‘Brón’ ar RTÉ nach raibh aon Ghaeilge ar an Late Late Toy Show'

  • Daor Mac an tSaoir

    Caor thine ar an gclár. Cén mhaith atá ann ar aon chaoi?

  • An Teanga Bheo

    Teanga n tíre curtha go leath taobh !