Conradh na Gaeilge agus Sinn Féin ‘ag teacht salach’ ar a chéile faoin Acht Gaeilge

Deir iarcheannaire an UUP Mike Nesbitt gur chuir Sinn Féin cáipéis Chonradh na Gaeilge chun cinn go láidir sna cainteanna le déanaí, ach go bhfuil an páirtí anois ‘ar fud an bhaill’ maidir lena éileamh ar Acht Gaeilge

Conradh na Gaeilge agus Sinn Féin ‘ag teacht salach’ ar a chéile faoin Acht Gaeilge

Mike Nesbitt. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Tá difríocht mhór tagtha chun solais idir an t-éileamh atá ag Conradh na Gaeilge agus an t-éileamh atá ag Sinn Féin ar reachtaíocht don Ghaeilge ó thuaidh.

Dheimhnigh Sinn Féin inniu go bhfuil na héilimh atá á ndéanamh acu maidir le hAcht Gaeilge sna cainteanna ó thuaidh bunaithe ar dhréachtreachtaíocht a foilsíodh in 2015, ach nach bhfuil cuóta de chainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís á lorg acu, bunéileamh i bplécháipéis Chonradh na Gaeilge a seoladh níos luaithe i mbliana.

Dheimhnigh Sinn Féin don chlár raidió de chuid an BBC The Nolan Show go bhfuil an méid atá á éileamh acu i dtaobh na reachtaíochta Gaeilge bunaithe ar na moltaí  a d’eascair as próiseas comhairliúcháin a bhí ar bun ag an iar-aire Carál Ní Chuilín in 2015.

Thug Sinn Féin le fios gurb ionann na moltaí sin agus “bunús na gcainteanna” leis an DUP faoi cheist chonspóideach an Achta Gaeilge, atá ar an dris chosáin is mó roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Tharraing iarcheannaire an UUP Mike Nesbitt aird tráthnóna ar an difríocht idir moltaí an Chonartha agus moltaí Shinn Féin.

Dúirt Nesbitt gur léir anois go bhfuil Sinn Féin “ar fud an bhaill” maidir lena n-éileamh ar Acht Gaeilge.

Dúirt Nesbitt go raibh ‘an t-idirdhealú dearfach’ ina dhlúthchuid de na cáipéisí a d’fhoilsigh Carál Ní Chuilín in 2015 agus an cháipéis a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge i mbliana, ach go raibh Sinn Féin anois agus gan fios acu cad atá uathu.

“Cé gur mhol Sinn Féin go hard na cáipéisí seo cheana – agus tuigtear dom gur chuir siad cáipéis Chonradh na Gaeilge chun cinn go láidir sna cainteanna le déanaí – tá siad anois ag rá nach dteastaíonn idirdhealú dearfach uathu. Tá siad breá ábalta a rá linn go bhfuil Acht Gaeilge uathu ach tá an chuma air nach bhfuil siad ábalta a insint dúinn cad ba chóir a bheith ann.

Tá sé “go hiomlán mícheart” go bhfuil Sinn Féin sásta “an próiseas polaitiúil a choinneáil i ngreim” fad is atá “an ghéarchéim sa chóras sláinte agus oideachais ag éirí níos measa”, a dúirt Nesbitt tráthnóna.

Tá a moltaí féin maidir le hAcht Gaeilge déanta ag na heagraíochtaí teanga, Conradh na Gaeilge agus Pobal.

Dúirt Stiúrthóir Pobal Janet Muller inniu go bhfuil an chuma ar mholtaí Shinn Féin gur forbraíodh iad ‘píosa ar phíosa’ agus go bhfuil lorg an ‘pick ‘n mix’ orthu.

Tá difríocht mhór chomh maith idir moltaí phlécháipéis Chonradh na Gaeilge agus moltaí Shinn Féin.

Deirtear i gcáipéis Chonradh na Gaeilge “gur chóir go mbeadh Gaeilge labhartha agus scríofa ag ar a laghad 10% de dhaoine a cheapfar sa státseirbhís amach anseo”. Tá an moladh sin ina chnámh spairne ó foilsíodh an phlécháipéis agus imní ar pholaiteoirí aontachtacha go ndéanfar “leithcheal” ar dhaoine gan Ghaeilge sa phróiseas earcaíochta.

Níl a leithéid de mholadh déanta ag Sinn Féin agus dúirt urlabhraí de chuid an pháirtí nach mbeadh cuóta cainteoirí Gaeilge don státseirbhís mar chuid den Acht Gaeilge atá á mholadh acu in aon chainteanna maidir le hathbhunú Stormont.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, le Tuairisc.ie inniu gurb í tuairim an Chonartha gur gá go mbeadh cuóta ann lena chinntiú go mbeifear in ann seirbhísí riachtanacha a sholáthar i nGaeilge.

Dúirt de Spáinn gur chóir go gcuirfí moltaí eile seachas moltaí Shinn Féin san áireamh sa phlé faoin Acht.

“Sin iad na moltaí atá ag teacht ó Shinn Féin sna cainteanna, agus tá cuid mhaith de na rudaí atá molta acu molta againne freisin, ach caithfear rudaí eile uainne agus ón Alliance agus páirtithe eile a chur san áireamh freisin.

“Tá idirphlé fós ag dul ar aghaidh, beidh caint agus plé ann, ach má tá siad chun a chinntiú go mbeidh dóthain daoine ar féidir leo seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, beidh orthu céatadán áirithe a thabhairt isteach,” a dúirt sé.

Dúirt de Spáinn go gcaithfear “iniúchadh a dhéanamh” ar cé hiad na daoine sa státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu, cad iad na seirbhísí riachtanacha atá ann agus cé mhéad duine le Gaeilge is gá a fhostú leis na seirbhísí sin a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge agus Sinn Féin ‘ag teacht salach’ ar a chéile faoin Acht Gaeilge'

  • Mánus

    Rud siombalach atá san Acht Teanga seo atá a chiceáil timpeall ag SF sa Tuaisceart. Rud siombalach gur cuma le SF faoin chur chuige praiticiúil dála mar atá déanta ag rialtas FFFG ó dheas.