Conradh na Gaeilge ag súil le tuairim an Aire Tithíochta faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a athrú

Tá tugtha le fios ag an Aire Darragh O’Brien, áfach, nach gceapann sé go bhfuil gá leis an gcóras pleanála atá i bhfeidhm faoi láthair a athrú

Conradh na Gaeilge ag súil le tuairim an Aire Tithíochta faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a athrú

Tá moltaí Chonradh na Gaeilge maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht á bplé sa Roinn Tithíochta i láthair nua huaire.

Sa pholasaí nua i dtaobh na pleanála atá seolta ag Conradh na Gaeilge, moltar gur ar Údarás na Gaeltachta a bheadh cúram na pleanála sa Ghaeltacht feasta.

Bhí cruinniú ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, le gairid agus gheall an Aire go bpléifí an scéal arís roimh an Nollaig.

“Bhí an-áthas orm bualadh le Conradh na Gaeilge an tseachtain seo caite maidir le roinnt nithe an-tábhachtach,” a dúirt an tAire O’Brien le Tuairisc.ie. “Tá mo Roinn chun na moltaí a phlé agus leanfaidh sí ag dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge.”

Tá sé tugtha le fios ag an Aire chomh maith, áfach, nach gceapann sé go bhfuil gá leis an gcóras pleanála atá i bhfeidhm faoi láthair a athrú agus nach bhfuil sé ar son cumhachtaí pleanála a aistriú go dtí Údarás na Gaeltachta.

I bhfreagra a thug sé ar cheist ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht le déanaí, dúirt an tAire O’Brien gurb iad na Comhairlí Contae is fearr chun an córas pleanála a chur i bhfeidhm agus go raibh cosaint don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa chóras mar atá.

“Nuair a chuireann tú san áireamh na cúinsí spásúla agus teanga faoi leith a bhaineann le gach ceantar Gaeltachta, agus na difríochtaí idir pobail éagsúla agus na comhthéacsanna ina labhraítear an Ghaeilge, creidimse gurb iad na húdaráis phleanála áitiúla is fearr a chuirfidh an creat reachtaíochta, polasaí agus treorach i bhfeidhm.

“Tá mise sásta go bhfuil an mheicníocht chuí ann chun maoirseacht  agus ráthaíocht a dhéanamh ar chúrsaí pleanála, ag áireamh Oifig an Rialálaí Pleanála agus An Bord Pleanála,” a dúirt an tAire.

Mar sin féin, tá Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, dóchasach go n-éireoidh le Conradh na Gaeilge intinn an Aire athrú.

“Bhí an tAire an-láidir faoi seo, creideann sé go gcaithfear cosaint a thabhairt do na Gaeltachtaí agus tá sé chun breathnú ar na moltaí ar fad agus teacht ar ais chugainn.

“Is maith linn freisin go ndeir sé go mbeidh sé ar ais chugainn roimh an Nollaig. Léiríonn sé go bhfuil sé ag gníomhú mar gheall ar seo. Tuigeann sé go bhfuil práinn leis.”

Dúirt de Spáinn gur léirigh an tAire O’Brien an-spéis sna moltaí agus go raibh an Teachta Dála eile de chuid Fhianna Fáil, Dara Calleary, a bhí i láthair ag an gcruinniú chomh maith, in ann a thaithí féin ar na fadhbanna pleanála i nGaeltacht Mhaigh Eo a chur ina láthair.

Deir de Spáinn go bhfuil gá leis an gcóras pleanála sa Ghaeltacht a athrú mar nach bhfuil na treoirlínte atá ann faoi láthair á gcur i bhfeidhm ag na Comhairlí Contae.

Deir sé “amhail Acht na dTeangacha Oifigiúla” nach bhfuil na dualgais a leagadh ar na húdaráis á leanúint agus go bhfuil gá anois le treoracha ón Aire.

Dar le Conradh na Gaeilge, bheadh sé níos fearr cúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht a chur faoi chúram Údarás na Gaeltachta ós rud é gurb iadsan atá ag plé leis an bpleanáil teanga.

“Tá plean teanga i Ráth Chairn chun an Ghaeilge a láidriú ach tá forbairt ceadaithe a d’fhéadfadh deireadh a chur le Gaeltacht Ráth Chairn. Níl an dá rud ag teacht le chéile. Dhéanfadh sé níos mó céille dá mbeadh an dá rud faoi aon teach amháin.”

Tá cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail le roinnt míonna anuas.

Mhol an Teachta Éamon Ó Cuív an tseachtain seo go nglaofaí os comhair Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais ionadaithe ó na seacht gcomhairle contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram agus mhaígh sé go bhfuil “scigmhagadh” á dhéanamh den choinníoll maidir le tithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí nua sa Ghaeltacht.

Tá cuid de mhuintir na Gaeltachta i Ráth Chairn agus sa Rinn go mór i gcoinne cead pleanála a thabhairt d’fhorbairtí tithíochta sna ceantair sin agus imní ann faoin tionchar a bheadh acu ar an nGaeilge.

Moltar i bpolasaí nua Chonradh na Gaeilge go gcuirfí tithe ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i 90% de na tithe nua in eastát tithíochta sna ceantair Ghaeltachta is láidre agus gur 35% a bheadh i gceist sna ceantair is laige ó thaobh na teanga.

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh chomh maith go mbeadh gá le hinniúlacht ar leith sa Ghaeilge ag duine a bheadh ag tógáil nó ag ceannach tí i gceantair Ghaeltachta.

Moltar go mbeadh gá le caighdeán Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) B2 nó níos airde sa Ghaeilge labhartha ag duine a bheadh ag iarraidh lonnú sa Ghaeltacht.

Deirtear sa pholasaí nua nach gá go mbeadh coinníollacha teanga ann do dhuine atá ag cur isteach ar chead pleanála chun teach a thógáil sa cheantar arb as dó ó dhúchas.

Deir Conradh na Gaeilge, áfach, gur cheart go mbeadh srian ar theach a dhíol ar aghaidh nó a ligean go fadtéarmach. Moltar nach mbeadh cead ag duine teach nua a dhíol ach le cainteoir Gaeilge ar feadh 20 bliain ar a laghad agus go mbeadh cosc an teach a ligean níos faide ná trí mhí in aon bhliain amháin le duine nach cainteoir Gaeilge é.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge ag súil le tuairim an Aire Tithíochta faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a athrú'

  • Máire Ní C

    Níl aon tuiscint ag Conradh ar an nGaeltacht agus níl an tÚdarás “fit for purpose” le roinnt blianta anois, níor cheart a bheith ag tabhairt tuilleadh dualgaisí dhóibh go ndéanfaidh iniúchadh iomlán ar an gcaoi a bhfuil siad ag feidhmiú.

  • MVO

    Tá suim i ndáiríre ag Conradh i gcúrsaí Gaeltachta, ach tá easpa tuiscint agus is contúirt é sin.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Glacaim leis gurb é aidhm bhunúsach an Chonradh, leis an bpolasaí nua pleanála atá foilsithe, ná cosaint níos fearr a thabhairt don Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil sí fós in usáid. I gcead don Chonradh ceapaim go bhfuil siad ag leanacht an chúrsa mí-cheart a bheith ag iarraidh reáchtaíocht pleanála a leasú le cumhachtaí pleanála a bhaint de na Comhairlí Contae agus iad a thabhairt ar láimhe do Údarás na Gaeltachta.

    Ar trí chúis ceapaim gur botún atá ann:
    (i) Tá an reachtaíocht pleanála an láidir mar atá sé ó thaobh dualgas a leagan ar na húdaráis pleanála i dtaobh cosaint na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.
    (ii) Ó mo thaithíse, níl aon chúis againn a bheith níos muiníní as Údarás na Gaeltachta i dtaobh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht ná as na Comhairlí Chontae dá olc iad.
    (iii) Fiú amháin dá bhféadfaí bheith muiníneach as Údarás na Gaeltachta, ní dóigh liom go bhfuil seans ar bith ann go ndéanfaidh an tAire Tithíochta seo ná aon Aire a thiocfas ina dhiaidh cumhachtaí pleanála a bhaint ó na húdaráis pleanála agus iad a chur i láimhe Údarás na Gaeltachta.

    B’fhearr don Chonradh meitheal a chur le chéile, a bheadh ionadaíocht de na pobail Ghaeltachta, le cásanna a throid ar son aon phobal Gaeltachta atá faoi bhrú ó fhorbairtí tithíochta.

    Tá mé th’éis scrúdú a dhéanamh ar an gcás i Ráth Chairn. Tugaim faoi deara NACH ndearna Údarás na Gaeltacht aon cheo a chur ag an mBord Pleanála. Fágadh faoi bheirt aonarach agus faoi Chomharchumann Ráth Chairn an cás a dhéanamh in aghaidh na forbartha. Is cosúil gurb é sin polasaí an Údaráis!

    Mholfainn don Chonradh, in áit a bheith ag brú ar an Aire Tithíochta leasú a dhéanamh ar an Acht Pleanála le cumhachtaí pleanála a thabhairt don Údarás, feachtas a chur ar bun le cur faoi ndear Údarás na Gaeltachta a bheith níos airdeallaí agus níos gníomhaí i dtaobh cúrsaí pleanála ná mar atá agus gan é a fhágaint faoi eagraíochtaí pobail agus daoine aonaracha.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Measaim go bhfuil Conradh na Gaeilge ar an mbóthar ceart comh fada agus nach bhfuil cúrsaí pleanála sásúil mar atá. Níl aon mhuinín anso ó dheas i gComhairle Contae Chiarraí, bíodh san na feidhmeannaigh nó na baill tofa. Is léir nach bhfuil an toil ann aird a bith a thabhairt don teanga i gcúrsaí pleanála, sin in ainneoin go bhfuil an Ghaeltacht agus tábhacht na teanga agus an chultúir luaite arís is arís eile i ngach plean forbartha an Chontae thar na blianta. Agus is ríléir ón méid atá ráite thuas ag an aire tithíochta, Darragh O’Brien, nach bhfuil tuiscint ar bith aige ar na fadhbanna seo agus dearcadh státseirbhíseachais á athinsint aige.
    Maidir le ról a bheith ag Údarás na Gaeltachta sa chúram, mar sheasann sé, níl an meon ná an toil ann ach oiread. Go dtí go mbeadh ionadaíocht daonlathach ag pobal na Gaeltachta lena mbaill tofa thar n-ais ar an mbord, ní bheinn ag braith orthu.

  • SanB.

    Is maith an rud Conradh na Gaeilge a fheiceáil ag cur dlús lena gcuid oibre ar son na teanga.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Léitear na moltaí go cúramach.
    Ní mholtar leasú reachtaíochta ach tarmligean, rialacháin agus treoracha faoin reachtaíocht atá ann cheana.
    Moltar gníomhaireacht/aonad nua ar leith le foireann nua as an bpíosa san Údarás iad oilte sa phleanáil fisiciúil agus sa phleanáil teanga chun an phleanáil a chur ag obair ar son na Gaeilge seachas go fiachmhar in aghaidh.

  • Breathnach

    Foireann nua as an bpíosa? An gcreideann tú go dtárlódh sé seo? Agus fiú á dtárlódh, cén mhaith nuair a bheadh an bhainistíocht céanna i gceist,

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘..a chur faoi chúram Údarás na Gaeltachta ós rud é gurb iadsan atá ag plé leis an bpleanáil teanga.’

    An bhfuil ‘pleanáil teanga’ ar siúl an aimsir seo?? Caithfidh mé ‘rá nach gcluinim féin faic faoi ach tá siopaí agus gnónna na ‘Gaeltachta’ truaillithe le fógraí agus póstaeirí agus greamáin Béarla ón FSS ag iarraidh orainn cloígh le scaradh sóisialta agus caitheamh mascanna…

    Bíonn cuid mhór i gceist le hiarratais pleanála an aimsir seo. Déantar seiceáil agus scrúdú ar bhealtaí, ar uiscebhealaí, ar ithir agus mar sin de. Ach ní dhéanann an rannóg pleanála sa chomhairle contae an obair seo – cuirtear an t-iarratas ar aghaidh chuig saineolaithe agus eagraíochtaí stáit eile leis an t-eolas seo a bhailiú. Cad chuige, mar sin, nach mbeadh eagraíocht ar leith ann d’iarrataisí Gaeltachta – go háirithe ó thaobh labhairt na Gaeilge de? An bhfuil eagraíocht úr a dhith leis an mhonatóireacht seo a dhéanamh…?

    ‘Deirtear sa pholasaí nua nach gá go mbeadh coinníollacha teanga ann do dhuine atá ag cur isteach ar chead pleanála chun teach a thógáil sa cheantar arb as dó ó dhúchas.’

    Nach bhfuil sé riachtanach ag na daoine seo cumas labhairt agus scríobh na Gaeilge bheith acu?? Go leor daoine as Sasain agus Albain abhus anseo i dTír Chonaill!! Iad siúd ‘a phill ‘na bhaile’ agus gan focal Gaeilge ina smut acu. Agus, i mo thuairimse, níl iarracht ar bith a dhéanamh acu an Ghaeilg a fhoghlaim ná a labhairt. Muintir na ‘Gaeltachta’ lán sásta Béarla a labhairt leo dála an scéil.. Tá go leor daoine anois a tógadh sa ‘Ghaeltacht’ agus nár labhair focal amháin Gaeilge i rith an ama sin. Agus má tá achan rud ag bogadh ‘ar líne’ anois caidé fan oideachas? Nach mbeadh sé indéanta ag teaghlach de chainteoirí Béarla – nó teangaidh ar bith eile – cuir fúthu sa Ghaeltacht agus oideachas trí mheán an Bhéarla – nó teangaidh ar bith eile – ar fáil do na páistí ‘ar líne’?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Nár cheart plean forbartha ar leith bheith ar fáil don Ghaeltacht?? Tá altannaí beaga anseo is ansúid faoin phlean forbartha contae anseo i dTír Chonaill ach is beag aitheantais a fhaigheann siad agus is cosúil go ndéantar neamhaird daofa. Tá an chuma air go bhfuil comhairlí contae ag iarraidh achan cheantar sa chontae a chuir faoi na treoracha céanna ach nach réigiún ar leith atá sa ‘Ghaeltact’ ó thaobh teangaidh agus taobh tíre de?