FÍSEÁN: ‘Tá Bearna scriosta, tá siad tosaithe sna Forbacha agus an Spidéal an chéad áit eile’

Iarrfar ar ionadaithe ó chomhairlí contae teacht os comhair Coiste Oireachtais chun ceisteanna a fhreagairt faoin ‘scigmhagadh’ a deirtear atá á dhéanamh acu faoin nGaeilge sa chóras pleanála

FÍSEÁN: ‘Tá Bearna scriosta, tá siad tosaithe sna Forbacha agus an Spidéal an chéad áit eile’

Tá sé i gceist ag baill coiste Oireachtais iarraidh ar ionadaithe ó chomhairlí contae teacht os a gcomhair chun ceisteanna a fhreagairt faoin “scigmhagadh” atá á dhéanamh faoin nGaeilge sa chóras pleanála.

An Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív a dúirt go raibh “scigmhagadh” á dhéanamh ag na comhairlí contae faoi “dhlí a tugadh isteach i dTithe an Oireachtais” maidir le tithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí nua sa Ghaeltacht.

Ba é Ó Cuív a mhol chomh maith go nglaofaí os comhair an Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais ionadaithe ó na seacht gcomhairle contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram.

Mhaígh Ó Cuív nach raibh aird mar ba chóir á tabhairt ag comhairlí contae áirithe ar an dualgas atá acu cosaint a thabhairt don Ghaeilge nuair a thugtar cead pleanála d’fhorbairt eastáit tithíochta sa Ghaeltacht.

Mhaígh Ó Cuív ag an gcruinniú a bhí ag an gCoiste Oireachtais le hionadaithe ó Údarás na Gaeltachta tráthnóna inné gurb amhlaidh go scriosfaí an Ghaeltacht de réir a chéile mura dtabharfaí ar na comhairlí contae cosaint cheart a thabhairt don teanga sa chóras pleanála.

“Tá Bearna scriosta agus tá siad tosaithe sna Forbacha,” arsa Éamon Ó Cuív.

Thug sé le fios go scriosfadh an fhorbairt tithíochta an Spidéal ina dhiaidh sin, ach feabhas a bheith curtha ar an gcóras uisce ansin.

Dúirt Ó Cuív nár bhain an fhadhb le Gaeltacht Chonamara amháin ach gur measa ansin í mar gheall ar “ollfhás na Gaillimhe”.

Tá cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail le roinnt míonna anuas.

Tá cuid de mhuintir na Gaeltachta i Ráth Chairn agus sa Rinn go mór i gcoinne cead pleanála a thabhairt d’fhorbairtí tithíochta sna ceantair sin agus imní ann faoin tionchar a bheadh acu ar an nGaeilge.

Moltar i bpolasaí nua nua atá seolta ag Conradh na Gaeilge go gcuirfí tithe ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i 90% de na tithe  nua in eastát tithíochta sna cheantair Ghaeltachta is láidre agus gur 35% a bheadh i gceist sna ceantair is laige ó thaobh na teanga.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Tá Bearna scriosta, tá siad tosaithe sna Forbacha agus an Spidéal an chéad áit eile’'

  • Breathnach

    Tá an Spidéal scriosta cheana féin. Tithe móra á dtógáil gan focal Gaeilge le cloisteáil ón dream a bhéas iontu. Iad meallta amach as an gcathair ag Údarás na Gaeltachta le bheith bainistiú muintir na háite.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Bal chóir leanúint ar aghaidh ag an gComhchoiste le ceistiú an Údaráis maidir lena n-ionchur ar iarratais pleanála sa Ghaeltacht. Ceal ama ag cruinniú an Chomhchoiste inné, cé go raibh diancheisteanna ag Andrias Ó Muimhneachán agus Éamonn Ó Cuív, ní raibh deis acu aon cheist breise a chur agus fágadh freagraí éiginnte feidhmeannaigh an Údaráis gan sásamh. Is léir go bhfuil easpa thola ar an Údarás a bheith bainteach le pleanáil ó thaobh chúrsaí teangan dó, cé gur comhlucht reachtúil é an tÚdarás i gcúrsaí pleanála. Agus pobal na Gaeltachta in ainm a bheith ag brath ar an Údarás céanna mar ghadhar faire dóibh.

  • Feardorcha

    Ag trácht ar scéal an Bheaglaoigh i gCorca Dhuibhne arís bhí sé suaithinseach nach raibh baint páirt ná iomrá ar Údarás na Gaeltachta sa sáinn phleanála inar thit an fear céanna. Seo an tÚdarás ag tabhairt na milliúin fánacha do Bhéarlóirí le ligint orthu go bhfuil Gaeilge acu agus ní fiú dóibh tráithnín muintir na Gaeltachta (a bhfuil níos mó acu ag maireachtaint taobh amuigh den Ghaeltacht ná ‘ge baile) a choimeád ina mbailte dúchais.
    Seo dúshlán an Údaráis: ceapaidís oifigeach ainmnithe agus aitheanta le bheith ag plé le cúrsaí pleanála i ngach ceann de na Gaeltachtaí. Bíodh an tÚdarás mar idirghabhálaí agus mar éascaitheoir. Faoi mar atá tá srianta breise leagtha ar bhailte Gaeltachta agus doicheall ag lucht pleanála sa CC don teanga is dealraitheach. Éist le muintir na Gaeltachta: tá cúrsaí pleanála ar barr liosta a ngearán go mion minic.

  • Breathnach

    Ní fiú leathphinghin na freagraí a thug an tÚdarás. Níl siad ag gníomhú ar son phobal na Gaeltachta.

  • Údarás gan údarás

    Nil aon mhaith leis na gcoistí seo. Tá sé ró-éasca ag feidhmeannaigh an Údaráis a bheith ag tabhairt freagraí doiléir agus ag tagairt do straitéis atá níos doiléire fós agus níl aon duine dhá gceistniú. Ní raibh an tÚdarás chomh lag agus chomh scaradh amach ón bpobal riamh cheana is atá siad anois.

  • Éamonn Ó Floinn

    Seo an fhadhb le forbairt na Gaeltachta. Murach daoine le Gaeilge atá ag bogadh isteach, scriosfar an teanga. Ach cen fáth a mbunófaí comhlacht sa nGaeltacht, muna féidir leo ach muintir na háite ó dhúchas a fhostú?

  • Micilín

    Tá ÚnaG ag seoladh isteach an sean litir chéanna mar ionchur do Chomhairle Chontae na Gaillimhe mar ionchur ar iarratais pleanala sa nGaeltacht. Tá an litir as dáta uilig agus gan aon tagairt sa litir do Phleananna Forbartha An Chontae, Na Gaeltachta nó do Phleananna Áitúla bhailte atá sa nGaeltacht. Níl siad gníomhach maidir leis an gceist seo.

  • Sinéad

    Tá níos mó gníomhairí teanga ag teastáil go géar sna Gaeltachtaí. Caithfidh muid ‘STOP’ a bhéicíl sula mbeidh sé imithe thar fóir agus imithe go dtí nach mbeadh réiteach ar an bhfadhb ann.

  • Gearóid

    Sé’n t’údar atá leis an achran seo ná nár tugadh údarás ar bith do Ú na G ariamh i ngnóthaí na Gaeltachta, agus a locht sin ar gach rialtas dar shuí ó bunaíodh í, gach Aire Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, An Roinn Comhshaoil, agus gach Comhairle Condae ina bhfuil Gaeltacht. Agus níos mó ná sin, tá an locht orainne, muid féin, a chuir suas leis leis na blianta. Is mithid dúinn uilig machnamh ar ár laigeachtaí. Tá’n córas briste, gan seans a chóiriú.