Conas go bhfuair an spideog bheith istigh in íomháineachas na Nollag?

Tá an chéad léiriú ar an spideog mar chuid d’íomháineachas na Nollag le fáil ar chártaí Nollag ar tosaíodh á dtáirgeadh ar bhonn gnó go luath roimh 1860…

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Tá an Nollaig buailte orainn agus cheana féin tá na spideoga ar a slí chugainn go tráthúil, iad ag déanamh orainn go deifreach ar an iliomad cárta agus is gearr go mbeidh stáitse onórach á chóiriú do chuid eile díobh ar an gcrann Nollag nó iad á socrú go daingean ar reoán geal an cháca. Is cuid de mhaisiúchán na Nollag anois í an spideog, agus murab ionann agus gnéithe eile de cheiliúradh na féile sin, is  traidisiún nuabhunaithe, geall leis, é ról an éin sa chomhthéacs seo.

Dealraíonn go raibh baint mhór ag fir phoist na Breataine leis an nasc seo idir an spideog agus an Nollaig a theacht chun cinn. Ba chomhartha suathantais é an dearg ríoga sa bhfeisteas a chaitheadh seachadóirí an phoist ó bunaíodh an Royal Mail i ndeireadh an ochtú haois déag agus leanadh leis an bhfaisean sin gur tugadh tosaíocht in éide an phoist don dath dubhghorm ag deireadh an naoú haois déag.

De bharr an tsuntais is gnách le daoine a chur i mbrollach dearg na spideoige, dhealródh gurbh éasca leo an téarma sin a lua leis an té ar chuid dá fheisteas é seacéad dearg. Ní hionadh mar sin go dtugtaí spideoga ar na fir phoist sa Bhreatain — postmen robins mar a deirtear leo in úrscéal Trollope, Framley Parsonage.

Thugtaí ‘robin redbreasts’ freisin ar na Bow Street Runners, fórsa gairmiúil póilíneachta a bhí ar an bhfód i Londain roimh bhunú an Metropolitan Police i 1829 toisc go mbíodh bástchóta dearg mar chuid dá n-éide.

Tá an chéad léiriú ar an spideog mar chuid d’íomháineachas na Nollag le fáil ar chártaí Nollag ar tosaíodh á dtáirgeadh ar bhonn gnó go luath roimh 1860. Ba mhinic íomhá d’fhear poist ag seachadadh cartaí Nollag mar mhaisiú ar na cártaí luatha seo ach léirigh ealaíontóir amháin spideog in áit an fhir phoist ar chárta agus ní fada gur lean go leor eile an eiseamláir sin. Dhein íomhá choitianta ar chártaí Nollag den spideog agus litir á hiompar ina gob aici nó í ag bualadh boschrann dorais.

Robin post 9

Timpeall an ama chéanna a raibh an spideog ag baint áite amach di féin in íomháineachas na Nollag, forbraíodh freisin an cló a bhíonn go rialta anois ar chompánach dá cuid san íomháineachas sin, mar atá, Saintí — an fireannach beathaithe croíúil faoi éide dhearg gona fhéasóg fhada bhán. Is ar chárta Nollag a chuir comhlacht i mBostún amach i 1866 a léiríodh den chéad uair an íomhá seo de siúd agus bhí anáil láidir ag an gcárta seo ar an léiriú a tugadh ar Dhaidí na Nollag as sin amach.

Seans gur chúnamh don spideog bheith istigh a fháil in íomháineachas na Nollag go raibh cáil na beannaitheachta uirthi le fada agus gur éan í a raibh bá ag daoine léi ar aon nós.

Spreagann a hiompar féin bá léi mar is béas léi seilbh a ghlacadh ar phaiste dá cuid féin i ngáirdín agus is taitneamhach le muintir an tí an spideoigín tionlacain sin a bheith ina n-aice. Ní leasc léi teacht i gcóngar an duine, tréith a fhágann tarraingteach í do gharraíodóirí nuair a thuirlingíonn sí taobh leo ag faire ar phéistín blasta a aimsiú ón ithir atá á saothrú. Ar shlí éigin, dhein muintir Shúilleabháin a gcuid féin ar fad di, óir is minic áirithe í sa scéalaíocht in iardheisceart na tíre mar ‘an spideoigín broinndearg de mhuintir Shúilleabháin as Éirinn’ a spreagann laoch chun gaisce. Caithfidh go raibh a ceangal le muintir Shúilleabháin daingnithe faoin seachtú haois déag mar tá sí luaite leo i dtéacs ó thús na haoise sin agus dhealródh leis gurb í atá suite go teanntásach in armas na portráide de Dhónall Cam a deineadh sa Spáinn i 1613. 

Ach is mar éan beannaithe thar aon ní eile a chuirtear an spideog  i láthair sa traidisiún béil, agus mar a tharlaíonn i gcás créatúirí eile, is ar an ngné is suntasaí den éan seo a dhíríonn an seanchas ina taobh.

Is é an míniú is coitianta ar fad a thugtar ar a brollach dearg ná gur theagmhaigh sí le fuil Chríost agus é á chéasadh. Tá insintí éagsúla i mbéaloideas na tíre seo ar an gcaoi ar tharla an teagmháil — í ag cur caonaigh lena chréachta nó ag iarraidh na tairní a bhaint as a lámha nó deilgní as an gcoróin spíne, nó fós, gur thom sí í féin ina chuid fola. Nascann insint eile arís an brollach dearg leis an Teitheadh chun na hÉigipte — gur chlúdaigh sí lorg na fola ó chosa Mhuire ar an turas sin. Is maith a thagann mír a foilsíodh in Ireland’s Own (20/8/1932) le claonadh na linne seo an spideog a dhlúthú le féile na Nollag, mar deirtear ann go raibh sí sa stábla i mBeithil agus gur toisc lámh an Linbh Íosa sa mhainséar a theagmháil léi atá a brollach dearg ó shin.

B’fhiú don léitheoir a d’fháilteodh roimh thuilleadh eolais faoin spideog breathnú ar The Life of the Robin le David Lack agus tá plé cuimsitheach ar ról an éin i dtraidisiún na tíre seo ag Liam Ó Dochartaigh in Béaloideas iml. 45-7 agus 50.

Fág freagra ar 'Conas go bhfuair an spideog bheith istigh in íomháineachas na Nollag?'