Conas cinneadh a sheachaint – iarr tuairisc, agus tuairisc eile… 

Oireann an mhoilleadóireacht maidir leis an oideachas tríú leibhéal don rialtas, d’Fhianna Fáil, agus do na páirtithe eile a bhfuil súil acu a bheith páirteach i rialtas ar ball

Conas cinneadh a sheachaint – iarr tuairisc, agus tuairisc eile… 

Maith dhom, a léitheoir dhil, an tús tuirsiúil seo. Ar an rialtas atá an milleán, le cabhair ón bhfreasúra i nDáil Éireann.

Cuireadh tuairisc faoi bhráid an rialtais dhá bhliain ó shin. Cuireadh an tuairisc faoi bhráid choiste Oireachtais. Anois, tá aire rialtais ag súil go scríobhfar tuairisc ar an gcéad tuairisc, a chuirfear faoi bhráid an rialtais in 2019.

Is é sin má chríochnaítear an tuairisc an bhliain seo chugainn. B’fhéidir nach mbeidh an tuairisc nua ar fáil go dtí 2020. Agus nuair a bheidh sí ar fáil? Cuirfear an tuairisc go dtí coiste Oireachtais arís. Ina dhiaidh sin, cá bhfios?

Oireann an mhoilleadóireacht seo don rialtas, d’Fhianna Fáil, agus do na páirtithe eile a bhfuil súil acu a bheith páirteach i rialtas ar ball. Ní bheadh sé ina ábhar imní dá mbeadh cinneadh nó caiteachas a theastaíonn amach anseo á phlé. Ach déanfar aimhleas na tíre ar go leor bealaí sa chás seo.

Admhaítear go forleathan i dTeach Laighean agus lasmuigh de go bhfuil córas nua ag teastáil chun an t-oideachas tríú leibhéal a mhaoiniú i gceart. Ar dhá chúis: (a) chun cuidiú le mic léinn agus lena dtuismitheoirí íoc as ardchostas an oideachais, agus (b) chun cuidiú leis na coláistí a gcaighdeán acadúil a ardú.

D’iarr an Rialtas ar iar-ardrúnaí Chomhdháil na gCeardchumann, Peter Cassells a bheith ina chathaoirleach ar choiste fiosraithe.  Tá tuairisc an choiste, a foilsíodh i mí Iúil 2016, ar fáil anseo.

Dúirt an coiste go mbeadh caiteachas breise €1billiún riachtanach as seo go 2025 chun caighdeán oideachais na gcoláistí a choimeád ar ardleibhéal, nó lena chur ar ais ar ardchaighdeán.

Is ina dhiaidh sin a bhreithnigh siad na costais a chuirtear ar mhic léinn nó/agus a dtuismitheoirí a íocann, mar shampla, táillí €3,000 sa bhliain i gcás fhochéimithe faoi láthair.

Ní beartas amháin ach trí rogha a mhol an coiste chun íoc as maoiniú breise an chórais:

1. Iasachtaí stáit a thairiscint do mhic léinn in ionad táillí, agus dualgas a n-aisíoctha a chur ar na mic léinn i gcomhréir lena dtuarastail níos deireanaí.

2. Táillí a choimeád ach €600 milliún a chur le caiteachas bliantúil an rialtais ar oideachas tríú leibhéal.

3. Táillí a chur ar ceal, agus oideachas tríú leibhéal a chur ar fáil saor in aisce do chách.

Dúirt Peter Cassells agus an tuairisc á foilsiú go raibh gach duine a phléigh an scéal leis an gcoiste ar aon tuairim. Shíleadar go léir nár oir an maoiniú a bhí ar fáil don riachtanas agus go gcaithfí é a athrú gan mhoill.

Dúradh an méid sin leis an Rialtas, agus go leor eile lena chois, dhá bhliain ó shin. Agus ó shin i leith?
D’iarr an tAire Richard Bruton ar choiste oideachais an Oireachtais moltaí an choiste a phlé d’fhonn teacht ar chomhthuiscint faoin rogha a dhéanfaí. Bhí ciall lena thuairim. Ó tháinig an ‘nuapholaitíocht’ i réim tar éis olltoghchán 2016, ní foláir móramh a chur le chéile chun beartas a chur chun cinn.

Tháinig Teachtaí Dála ar chomhthuiscint dá leithéid maidir le táillí uisce agus maidir le plean ‘Sláintecare’. Ní féidir cinneadh faoi mhaoiniú an chórais oideachais a dhéanamh sa Dáil reatha go dtí go dtiocfar ar chomhthuiscint den chineál céanna. Ach an dtiocfar?

Ní foláir fainic a chur ar léitheoirí ag an bpointe seo. Téann an scéal seo chun leadráin arís ón bpointe seo. Fillfear ar an gciall, ach seo mar a chuir trí bhabhta siléige moill ar an gcinneadh is gá a dhéanamh:

MOILL A hAON  Bhreithnigh an coiste oideachais an tuairisc ar feadh sé mhí sular iarr siad ar an Roinn Oideachais mionstaidéar a dhéanamh ar na roghanna thuas.

MOILL A DÓ: Thóg sé sé mhí eile sular thug an tAire Richard Bruton freagra ar iarratas an choiste. Dúirt sé leo go n-iarrfaí ar choimisiún an AE cuidiú leis an mionstaidéar.

MOILL A TRÍ: Ní bhreithneofar iarratas na Roinne sa Bhruiséil go Deireadh Fómhair ar a luaithe. Mar sin, ní thosóidh an mionstaidéar go dtí 2019, ar a luaithe.

Tá a fhios agat, a léitheoir uasail, cén chríoch a bheidh ar an scéal seo. Ní dhéanfar cinneadh ar bith roimh an olltoghchán. Cuirfear gach athrú suntasach ar an méar fhada, ainneoin gach admháil go bhfuil géarghá le hathrú. Ach cloisfear geallúintí breátha le linn an fheachtais toghcháin.

Idir an dá linn, íocfaidh mic léinn, nó a dtuismitheoirí, €3,000 sa bhliain leis an ‘nuapholaitíocht’ a choimeád ar snámh.

Fág freagra ar 'Conas cinneadh a sheachaint – iarr tuairisc, agus tuairisc eile… '