Conamara ina cheantar ‘bocht’ – tá scéal eile i dtaisce sa Chomhar Creidmheasa

An lear airgid atá curtha i dtaisce ag na baill an rud is suntasaí i leabhrán cuntais Chomhar Creidmheasa Chonamara – ionann agus €25 milliún

Conamara ina cheantar ‘bocht’ – tá scéal eile i dtaisce sa Chomhar Creidmheasa

Ag breathnú uait ó thuaidh tá Oileán an Choic amuigh i lár Chuan na Beirtrí Buí. Ansin níos faide ó thuaidh sa bpictiúr éiríonn Cnoc an Chaisil go hard os cionn an chuain.

Níos faide ó thuaidh arís, déanann na Beanna Beola cnocán do Chnoc an Chaisil féin. Tá tú buailte ar an spéir.

Ní ar chlúdach leabhar ealaíne atá an pictiúr seo ach ar chlúdach chuntas bliantúil Chomhar Creidmheasa Chonamara – cáipéis a tháinig i mo threo an lá cheana.

Ag breathnú dhuit ar na mionchuntais agus na figiúirí idir an dá chlúdach daite agus déarfá go bhfuil Comhar Creidmheasa Chonamara ag dul i dtreo na spéire anois freisin.

Tá, ar bhealaí go leor.

An lear airgid atá curtha i dtaisce ag na baill an rud is suntasaí atá sa leabhrán cuntais seo, ionann agus €25 milliún. Tá os cionn a thrí oiread ansin leis an lear atá tugtha amach ar iasacht. Dá réir sin, tá €15 milliún eile a d’fhéadfaí a ligean amach in iasachtaí ag Comhar Creidmheasa Chonamara, ach níl aon éileamh ar.

Ag cur airgid i dtaisce atá tromlach na mball.

‘Nach oraibh atá an t-ádh’, a dúirt mé liom féin agus mé ag cuimhneamh ar an gcoiste atá ann anois. Ar éigean a bhí muide in ann freastal ar an nglaoch ar iasachtaí nuair a bhí mise i mo chathaoirleach ar an gComhar Creidmheasa sna 1980idí. Bhí neart éilimh ar na hiasachtaí ach ní raibh mórán airgid á chur i dtaisce. Níorbh ionann an pictiúr i gConamara san am sin.

In iarthar Chonamara atá muid agus Comhar Creidmheasa an Chaisil a bhí ann i dtosach. Ba as an gceantar thart le cósta na Beirtrí Buí – ó thuaidh agus ó dheas – formhór an choiste. Thugtaí seirbhís don taobh tíre as Camas aníos nó gur shroich tú baile mór an Chlocháin. As sin go Baile Conaola agus Cloch na Rón agus soir chomh fada leis an Teach Dóite.

Ar an taobh ó thuaidh, bhí Comhar Creidmheasa Chrois na Tulaí i Rinn Mhaoile. Áirítear gurb iadsan an dá chraobh den ghluaiseacht ba thúisce a bunaíodh faoin tuath in Éirinn.

Rinneadh cónascadh idir an Caiseal agus Crois na Tulaí cúpla bliain ó shin ar mholadh ó cheanncheathrú ghluaiseacht na gComhar Creidmheasa in Éirinn.

Comhar Creidmheasa Chonamara a thugtar air anois agus seirbhís á thabhairt aige as Camus amach go dtí an Mám agus an Líonán, siar go cósta an Atlantaigh agus soir chomh fada leis an Teach Dóite. Tá cosamar 5,000 ball ar na leabhair. Ochtar atá ag obair acu ar phá agus a bhformhór go lán-aimseartha. Muide a bhíodh ag plé leis sna blianta a caitheadh, obair dheonach uilig a bhí ann!

Dá gcuirfeá cúrsaí i gcoibhneas agus i gcomórtas leis an lá inniu, bheadh os cionn a thrí oiread airgid sábháilte sa gciste i gComhar Creidmheasa an Chaisil sna 1980idí agus a bhí amuigh ar iasacht. Ach, níorbh é sin an pictiúr thart ar Chuan na Beirtrí Buí – ná thart ar chuan ná ar chnoc ar bith eile sa gceantar. Scaití, chaithfí roinnt moille a chur ar iasachtaí agus scaití eile leagtaí síos rialacha go mbeadh ar dhuine a raibh iasacht uaidh oiread áirithe airgid a bheith curtha í dtaisce aige i dtosach – fiú dá mba chliant maith a bheadh ann.

Chuirfeá an cheist cá as a bhfuil €24 milliún atá i dtaisce tagtha in 2020? An bhfuil an pictiúir níos fearr (ó thaobh airgid de) thart ar Chuan na Beirtrí Buí agus mórthimpeall ar chuanta agus ar chnoic Chonamara?

Is léir go bhfuil.

Is ábhar eile iad na cúiseanna atá leis sin.

Ach ní haon eisceacht é Comhar Creidmheasa Chonamara. Chuirfinn geall go bhfuil i bhfad níos mó i dtaisce ná atá amuigh in iasachtaí i mórán chuile chraobh tuaithe eile. Go deimhin, tá cuntas bliantúil Chomhar Creidmheasa Chonamara ag teacht leis an bpictiúir náisiúnta:

  • Iomlán i dtaisce: € 13.46 billiún
  • Iomlán ar iasacht: € 4.45 billiún.

Sin iad staitisticí Phoblacht na hÉireann, áit a bhfuil 238 craobh istigh faoi scáth Chónaidhm Náisiúnta na gComhar Creidmheasa. Tá os cionn scór craobh eile sa tír nach bhfuil aon bhaint acu leis an gCónaidhm. Is mór an díol spéise é go bhfuil 3.6 milliún ball sa ngluaiseacht sa Stát seo – sin as daonra beagnach cúíg mhilliún.

B’fhéidir go bhfuil leide ansin faoin gcúis atá leis an méid airgid atá istigh. Tráth den saol thugtaí ‘banc an fhir bhoicht” ar an gComhar Creidmheasa.

Anois, tá aicmí éagsúla bainteach leis agus iad sásta airgead a chur i dtaisce ann.

Sa mullach air sin, chaill go leor daoine muinín sna bancanna nuair a thit an tóin astu sa gcúlú eacnamaíochta. Ar bhealach an-phraiticiúil, tá beagán níos mó úis le fáil, más é an beagán féin é, ar airgead a bhíonn i dtaisce sa gComhar Creidmheasa.

Tá roinnt buntáistí eile ann freisin ó thaobh árachais don airgead atá sábháilte sa gcás agus go bhfaigheadh an duine ar leis an cuntas bás.

Tá caint ann freisin go mbíonn daoine i bhfad níos cúramaí lena gcuid airgid ó thit an drioll ar an dreall ó thaobh chúrsaí eacnamaíochta na tíre.

Ach pé rud is cúis leis, tá an pictiúr athraithe agus tá a lorg sin ar chuntais na gComhar Creidmheasa ar fud na tíre agus cuimse acu ag reáchtáil a gcruinnithe cinn bhliana an tseachtain seo amach romhainn. Beidh a gcruinniú cinn bhliana ag Comhar Creidmheasa Chonamara san oíche anocht.

Radharc ildaite atá thart ar Chuan na Beirtrí Buí mar a bhí ariamh ar pháipéar ach tá dath an airgid – mar atá ar fud na tíre – buille beag níos láidre ná a bhíodh sé sna blianta a caitheadh.

Fág freagra ar 'Conamara ina cheantar ‘bocht’ – tá scéal eile i dtaisce sa Chomhar Creidmheasa'