Comórtas Peile na Gaeltachta buaite den chéad uair ag Naomh Conaill

Ba iad Naomh Conaill a thug an lá leo sa chluiche sinsear in Ard an Rátha inniu agus bhuaigh Oileáin Árann an athuair an chraobh sóisir a thug siad leo anuraidh

Foireann Naomh Conaill ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana. Pictiúr le Seán Ó Mainín
Foireann Naomh Conaill ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana. Pictiúr le Seán Ó Mainín

Is iad Naomh Conaill seaimpíní Chomórtas Peile na Gaeltachta don chéad uair riamh tar éis dóibh Cill Chartha a bhualadh, 1-11 in aghaidh 0-6, sa chluiche ceannais sinsear in Ard an Rátha inniu.

Cé go mbeidh fir na nGleannta ag imirt i gCraobh Uladh an tseachtain seo chugainn, léirigh siad an meas atá acu ar an gcomórtas nuair nár fhág siad aon duine de na himreoirí is fearr acu ar an taobhlíne don chluiche seo. Sa deireadh bhí siad róláidir do Chill Chartha cé go raibh an toradh idir dhá cheann na meá gan ach ceathrú uaire fágtha.

Ba é cúl Eoin McGettigan, a scóráil cúl freisin i gcoinne Chill Chartha sa chluiche craoibhe idir na foirne seo cúpla seachtain ó shin, a chinntigh go mbeadh an bua ag Naomh Conaill. Cé go raibh forlámhas ar an imirt acu faoin dtráth sin, ní raibh Naomh Conaill ach dhá phointe chun cinn roimh do McGettigan a chúl, a raibh ruainne beag den ádh ag baint leis, a aimsiú

D’fhág an scór sin Naomh Conaill 1-7 in aghaidh 0-5 chun cinn agus ba iad fir na nGleannta is fearr chruthaigh don chuid eile den chluiche agus Leo McLoone agus Dermot ‘Brick’ Molloy ag cur leis an bhfarasbarr a bhí acu. Thug Molloy go háirithe sárthaispeántas uaidh agus d’aimsigh sé cúig phointe ar fad.

Sa chraobh sóisear, is iad Oileáin Árann na curaidh don dara bliain as a chéile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Na Dúnaibh, 2-3 i gcoinne 0-5.

Ba sa chéad leath a rinne na Gaillimhigh an obair chrua agus iad 2-2 in aghaidh 0-3 chun tosaigh ag leath ama. Ba é Aonghus Ó hIarnáin, a fuair an dá chúl sin sa chéad leath, laoch na nÁrannach.

Níor éirigh le Na Dúnaibh oiread agus pointe amháin a scóráil ón imirt i rith an chluiche ar fad agus ba ó chiceanna saora Aaron McLafferty agus Lorcan O’Connor a tháinig a scóranna uile.

Fág freagra ar 'Comórtas Peile na Gaeltachta buaite den chéad uair ag Naomh Conaill'