Comórtas náisiúnta buaite ag daltaí Thoraí a bhailigh 400 logainm

Deir Meitheal Logainm.ie go gcabhróidh saothar Choláiste Pobail Cholmcille ‘le caomhnú oidhreacht logainmníochta Thoraí don chéad ghlúin eile’

Comórtas náisiúnta buaite ag daltaí Thoraí a bhailigh 400 logainm

D’éirigh le daltaí Choláiste Pobail Cholmcille breis agus 400 mionlogainm a bhailiú don chomórtas náisiúnta d’iarbhunscoileanna a eagraíonn Meitheal Logainm.ie.

Chuir daltaí na scoile go leor taifeadtaí fuaime ar fáil chomh maith ina bhfuil teacht ar cheartfhuaimniú na mionainmneacha.

Thug Meitheal Logainm.ie cuireadh do dhaltaí iarbhunscoile sonraí maidir le mionainmneacha ina gceantar a chur ar fáil do Mheitheal Logainm.ie, uirlis sluafhoinsithe chun sonraí a bhaineann le mionainmneacha a bhailiú, a stóráil agus a roinnt.

Thug lucht Mheitheal Logainm.ie le fios go raibh “bailiúchán an-suntasach” déanta ag daltaí Choláiste Pobail Cholmcille, bailiúchán “a chuireann go mór le caomhnú oidhreacht logainmníochta Thoraí agus an cheantair máguaird”.

Dúradh go raibh taifead sa bhailiúchán “ar eolas luachmhar stairiúil, tíreolaíochta agus logainmníochta don chéad ghlúin eile chomh maith”.

Áirítear carraigeacha, scoilteanna, páirceanna, uaimheanna agus neart mionlogainmneacha eile mar chuid den bhailiúchán agus is féidir na mionlogainmneacha ar fad a bailíodh mar chuid den togra a chuardach anseo.

Tá treoir chuimsitheach maidir le hionchur logainmneacha ar fáil sna leathanaigh eolais ar shuíomh Mheitheal Logainm.ie.

Fág freagra ar 'Comórtas náisiúnta buaite ag daltaí Thoraí a bhailigh 400 logainm'