Beidh comórtais d’úrscéalta ficsean liteartha agus do dhánta i measc chomórtais liteartha an Oireachtais arís i mbliana.
D’fhógair An tOireachtas inné go mbeidh 22 comórtas ar Chlár na gComórtas Liteartha 2019, ina measc an comórtas ‘ Úrscéal Ficsean Liteartha’ agus an comórtas ‘Dán’, dhá chomórtas a raibh deireadh curtha leo le tamall.
Éigse Éireann a dhéanfaidh urraíocht ar an gcomórtas ‘Dán’.
Tá na comórtais á bhfógairt níos luaithe i mbliana ná mar a d’fhógraítí iad blianta eile ar mhaithe le breis ama a thabhairt do scríbhneoirí.
“Tuigeann muid an tábhacht agus an fiúntas a bhaineann le ham a thabhairt do scríbhneoirí a gcuid saothar a scríobh do na comórtais liteartha agus táimid ag súil go spreagfaidh an bhreis ama seo níos mó scríbhneoirí Gaeilge le dul i mbun pinn in 2019,” a dúirt Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha.
Dúirt sé go rabhthas ag súil chomh maith le “tuilleadh forbairtí a dhéanamh do chlár 2020 i mbliana”.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne don chomórtas ag www.antoireachtas.ie nó tríd an bpost. Is é an spriocdháta iontrála ná 1 Iúil 2019.
Fág freagra ar 'Comórtais ‘Úrscéal Liteartha’ agus ‘Dán’ á dtairiscint arís ag Oireachtas na Gaeilge'