Comórtais cháilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i nGaillimh, i nDún na nGall agus i Maigh Eo

Imreofar cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais na mbabhtaí cáilithe do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017 an deireadh seachtaine fada seo agus foirne ag iarraidh áit a bhaint amach ag an gcomórtas náisiúnta i dTuar Mhic Éadaigh

Comórtais cháilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i nGaillimh, i nDún na nGall agus i Maigh Eo

INPHO/James Crombie

Beidh formhór na bhfoirne a bheidh ag glacadh páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta 2017 ar eolas againn an Luan seo agus comórtais cháilithe á n-imirt i nGaillimh, i nDún na nGall agus i Maigh Eo ag an deireadh seachtaine.

Reáchtálfar Comórtas Peile na Gaeltachta i dTuar Mhic Éadaigh mí an Mheithimh agus cé go bhfuil áit sa chomórtas i Maigh Eo bainte amach ag roinnt foirne cheana féin, An Ghaeltacht, agus an Rinn mar shampla, tá cúpla spota i gcomórtais na sinsear agus na sóisear fós le líonadh.

Is ar Pháirc an Chathánaigh ar an gCeathrú Rua a imreofar babhtaí leathcheannais agus ceannais na Gaillimhe ar an Domhnach agus ar an Luan.

Sa chomórtas sinsir, tabharfaidh an fhoireann bhaile aghaidh ar Charna-Caiseal, a sháraigh Maigh Cuilinn chun an babhta seo a bhaint amach. Chruthaigh Bearna go maith agus an ceann is fearr a fháil ar an Spidéal agus Naomh Anna Leitir Móir chun an chéim seo a bhaint amach. Imreoidh siadsan in aghaidh Oileáin Árann sa chluiche leathcheannais eile tar éis do na hoileánaigh Micheál Breathnach a bhualadh an mhí seo caite.

Sa chomórtas sóisir, imreoidh an Cheathrú Rua in aghaidh Bhearna agus imreoidh Naomh Pádraig, An Fhairche in aghaidh Rinn Mhaoile, a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais an chomórtais náisiúnta i mBaile Bhuirne anuraidh.

Tá áit bainte amach ag Naomh Conaill, curaidh shinsir 2016, i dTuar Mhic Éadaigh cheana féin ach beidh deis an deireadh seachtaine seo ag foireann shinsir eile ó Dhún na nGall áit a chinntiú dóibh féin ag an gcomórtas náisiúnta.

Is i gCloich Chionnaola a bheidh comórtas cáilithe na bliana seo agus beidh an fhoireann bhaile páirteach i mbabhtaí na sinsear agus na sóisear. Imreoidh sinsir Chloich Cheann Fhaola in aghaidh Ard an Rátha i gcluiche leathcheannais amháin agus tabharfaidh Gleann Fhinne agus an Clochán Liath aghaidh ar a chéile sa chluiche eile.

I gcraobh na sóisear, imreoidh Cloich Cheann Fhaola in aghaidh an Chlocháin Léith agus Naomh Náille i gcoinne Ghaeil Fhánada sna babhtaí leathcheannais.

Imreofar cluichí ceannais na bhfear ar an Domhnach, chomh maith le cluiche ceannais sinsir na mban idir an Tearmann agus Gleann Fhinne.

Is ar an Satharn agus an Domhnach a bheidh comórtas cáilithe Mhaigh Eo ar súil i gCill Chomáin. I gcomórtas na sóisear, imreoidh Béal an Mhuirthead in aghaidh Bhaile an Chaisil agus tabharfaidh Oileán Acla aghaidh ar Chill Chomáin.

Imreoidh buaiteoirí na gcluichí sin sa chluiche ceannais ar an Domhnach, roimh chluiche ceannais na sinsear idir Béal an Mhuirthead agus Cill tSéadhna.


Comórtas Cáilithe na Gaillimhe (An Cheathrú Rua)

Dé Domhnaigh, 30 Aibreán

2.00i.n. – An Cheathrú Rua v Carna-Caiseal (Sinsir).

3.45i.n. – An Cheathrú Rua v Bearna (Sóisir).

5.45i.n. – Oileáin Árann v Bearna (Sinsir).

7.15i.n. – Rinn Mhaoile v Naomh Pádraig, An Fhairche (Sóisir).

Dé Luain, 1 Meitheamh

2.00i.n. – Cluiche Ceannais Sóisir.

4.00i.n. – Cluiche Ceannais Sinsir.

Comórtas Cáilithe Dhún na nGall (Cloich Chionnaola)

Dé Domhnaigh, 30 Aibreán

1.00i.n. – Naomh Náille v Gaeil Fhánada (Sóisir)

2.30i.n. – Cloich Cheann Fhaola v An Clochán Liath (Sóisir)

4.00i.n. – An Clochán Liath v Gleann Fhinne (Sinsir)

5.30i.n. – Cloich Cheann Fhaola v Ard an Rátha (Sinsir)

Dé Luain, 1 Meitheamh

11.30r.n. – An Tearmann v Gleann Fhinne (Sinsir na mBan)

1.30i.n. – Cluiche Ceannais Sóisir

3.00i.n. – Cluiche Ceannais Sinsir

Comórtas Cáilithe Mhaigh Eo (Cill Chomáin)

Dé Sathairn, 29 Aibreán

4.30i.n. – Béal an Mhuirthead v Baile an Chaisil (Sóisir)

6.00i.n. – Oileán Acla v Cill Chomáin (Sóisir)

Dé Domhnaigh, 30 Aibreán

2.00i.n. – Cluiche Ceannais Sóisir

3.30i.n. – Cill tSéadhna v Béal an Mhuirthead (Sinsir)

Fág freagra ar 'Comórtais cháilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i nGaillimh, i nDún na nGall agus i Maigh Eo'