Beidh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn i láthair ar Thrá na Beannaí i gCiarraí inniu chun comóradh a dhéanamh ar theacht i dtír agus gabháil Ruairí Mhic Easmainn cothrom an lae seo céad bliain ó shin.
Ag meán lae ar Thrá na Beannaí a chuirfear tús leis an gcomóradh stáit ar an eachtra stairiúil seo a d’fhág a lorg ar dhán na hÉireann.
Cuirfear tús leis an Searmanas Stáit ag meán lae ar Thrá na Beannaí, áit a dtáinig Mac Easmainn, Monteith agus Bailey i dtír go luath maidin Aoine an Chéasta 1916, tar éis dóibh an fomhuireán Gearmánach inar thaistil siad ón Ghearmáin a fhágáil.
Theip ar a n-iarrachtaí castáil leis an Aud, ar a raibh lastas 20,000 raidhfil, 10 meaisínghunna agus 1,000,000 urchar a bhí le tabhairt i dtír d’Éirí Amach na Cásca.
D’fhan Mac Easmainn, a bhí breoite agus tnáite i ndiaidh an aistir fhada, ag Dún Mhic Cionnaith, fad a d’imigh Monteith agus Bailey go Trá Lí leis an scéal a chur faoi bhráid cheannairí na nÓglach sa cheantar. Gabhadh Mac Easmainn agus cuireadh i bpríosún i Sasana é. Cuireadh tréas ina leith, fuarthas ciontach é agus crochadh é ar an 3 Lúnasa 1916 i bPríosún Pentonville.
Fágadh misean rúnda an Aud faoin gCaptaen Karl Spindler, oifigeach i gCabhlach Impireacht na Gearmáine. Ar an 9 Aibreán d’fhág Spindler calafort Lubeck ar chósta Mhuir Bhailt ar an Libau, long Ghearmánach ach í déanta suas faoi mar ba lastalonga de chuid na hIorua í, tír a bhí neodrach sa chogadh, agus ainm nua tugtha di, an Aud.
Dhá lá ina dhiaidh sin sheol Mac Easmainn ó Wilhelmshaven ar a bhealach go hÉirinn ar bhord an fhomhuireáin U19 le súil go mbuailfeadh sé leis an Aud i gContae Chiarraí.
Bhain an Aud Bá Thrá Lí amach ar an 20 Aibreán 1916 tar éis di aistear crua agus stoirm a chur di. Ach de dheasca teipeanna cumarsáide agus timpiste ghluaisteáin, inar bádh triúr Óglach a bhí chun bualadh le Mac Easmainn, ní raibh éinne ann chun teagmháil leis an long Ghearmánach.
I ndiaidh dó tamall fada a thabhairt ag fanacht ansin i mBá Thrá Lí, ar deireadh chas Spindler a long timpeall chun tabhairt faoin bhfarraige arís. I ngan fhios dó siúd bhí gluaiseacht an Aud á faire ag Cabhlach na Breataine.
Cé go raibh an Aud gafa, ní raibh Spindler ná a chomhghleacaithe sásta a lastas arm a ghéilleadh agus d’úsáid na mairnéalaigh Ghearmánacha lánáin réamhshocraithe phléascáin chun a long féin a chur go tóin poill.
Gabhadh Mac Easmainn ar Aoine an Chéasta 21 Aibreán 1916 nuair a tháinig sé i dtír ar Thrá na Beannaí. Ar a chloisteáil d’Eoin Mac Néill, ceannaire Óglaigh na hÉireann, go raibh Mac Easmainn gafa agus na hairm ón nGearmáin caillte, d’ordaigh sé an tÉirí Amach, a bhí beartaithe do Dhomhnach Cásca, a chur ar ceal. Ba é a tharlódh sa deireadh ná go gcuirfí tús leis an Éirí Amach ar an Luan dár gcionn, Luan Cásca 1916.
Mar chuid de shearmanas an lae inniu tabharfaidh an tUachtarán aitheasc uaidh, agus leagfaidh sé bláthfhleasc taobh le hancaire an Aud, a tógadh ó Chuan Chorcaí roinnt blianta ó shin. Beidh ceol ann le grúpaí ón gceantar agus déanfar an bhratach náisiúnta a ardú agus amhrán na bhFiann a chanadh. Léifear Forógra na Cásca chomh maith.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, a bheidh i láthair ag an gcomóradh inniu, gur deis é searmanas mar seo chun “na daoine a thug a mbeatha ar mhaithe lenár ndaonlathas a thabhairt chun cuimhne”.
“Inniu, déanaimid an daonnúlach agus an náisiúnach, Ruairí Mac Easmainn, a onórú. In éineacht le Robert Monteith agus Daniel Bailey, bhí ról cinniúnach aige in imeachtaí na bliana 1916, agus chuir sé Éire ar bhóthar an neamhspleáchais,” a dúirt McHugh.
Dúirt comhordaitheoir Chiarraí 2016, Kate Kennelly, gur chuir an méid a tharla ar Thrá na Beannaí céad bliain ó shin cor cinniúnach i scéal an Éirí Amach.
“B’eachtraí cinniúnacha iad teacht i dtír Mhic Easmainn ar Thrá na Beannaí go luath maidin Aoine an Chéasta, agus a ghabháil ina dhiaidh sin. Is ceart agus is cuí aitheantas a thabhairt don méid a thit amach i gCiarraí le linn na laethanta tábhachtacha sin,” a dúirt Kate Kennelly. Dúirt sí go raibh “scéal Chiarraí i gcroílár scéal an Éirí Amach”.
Níos déanaí inniu, ag 4pm, tabharfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn cuairt ar Mhúsaem Contae Chiarraí chun súil a chaitheamh ar taispeántas nua dar teideal ‘Mac Easmainn i gCiarraí: Aistear Réabhlóideach’.
Fág freagra ar 'Comóradh ar Thrá na Beannaí ar theacht i dtír agus gabháil Mhic Easmainn cothrom an lae seo céad bliain ó shin'