Comóradh ar obair fóirithinte James Hack Tuke

200 bliain ó shin a rugadh James Hack Tuke - pléifear a shaothar ag comhdháil i gCarna faoi stair na himirce i gConamara

Comóradh ar obair fóirithinte James Hack Tuke

Is tráthúil gur in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna an deireadh na seachtaine seo a reáchtálfar an chomhdháil a bhaineann le hobair fóirithinte James Hack Tuke i gConamara.  Tháinig Tuke i gcabhair ar phobail éagsúla in iarthar na hÉireann in aimsir an drochshaoil – Conamara agus iarthar Maigh Eo ina measc – sna 1880idí agus sna 1890idí. Cé gur tharraing a chuid iarrachtaí achrann air scaití, níl aon dabht ar staraithe ach gur le croí mór a tharraing Tuke an dualgas sin air féin.

Táthar ag gairm na Comhdhála seo in aon turas anois mar gur 200 bliain ó shin a rugadh James Hack Tuke.  Sasanach a bhí ann agus ó thaobh creidimh dó, bhain sé le Cumann na gCarad, nó na Quakers.

In York i Sasana a tháinig James Hack Tuke ar an saol in 1819.   Bhí stuaim agus cumas gnó ag baint lena mhuintir; bhíodh a athair ag iompórtáil tae as an India agus shaothraigh sé a shaibhreas ar an ngnó sin.  D’éirigh le James Hack Tuke, é féin, fáil isteach ina pháirtnéir i  gcomhlacht airgeadais.  Dá bharr sin uilig, thit uachta agus airgead ar James – an oiread agus nach mbeadh air aon dua a chur air féin an chuid eile dá shaol dá dtogródh sé é.

Ach intinn de chineál eile ag Tuke agus bhí a chuid fealsúnachta bunaithe ar an leagan amach atá ag Cumann na gCarad ar an saol.

Thug sé cuairt ar Chúige Chonnacht in 1847 tráth a raibh scrios déanta ag an nGorta Mór sa gceantar.  Cé nach raibh sé ach ocht mbliana fichead ag an am, d’fhéach sé le haird a tharraingt ar an gcruachás in Éirinn.  Ach cé gur scríobh sé litreacha agus aighneachtaí ba fear gnímh níos mó ná fear cainte agus peannaireachta a bhí ann.

Chaith sé dhá mhí in iarthar na hÉireann – cuid mhaith den am sin i gConamara – sna 1880idí ag roinnt amach ábhar beatha agus fóirithinte. Cumann na gCarad sa mBreatain a chuir an t-ábhar agus an t-airgead ar fáil.

I dtuarascáil a chuir sé faoi bhráid na Parlaiminte i Sasana dúirt sé go raibh an saol chomh dona céanna in áiteacha in iarthar na hÉireann sna 1880idí agus a bhí sé tar éis an Ghorta Mhóir.

Idir 1882 agus 1884 a chuir Tuke tús leis na scéimeanna imirce.  Bhí sé ina pholasaí aige gur teaghlach uilig a d’fhágfadh slán ag a ngabháltas agus a mbaile dúchais.  Cuireadh luach na paisinéireachta ar fáil dóibh agus is trasna an Atlantaigh a chuaigh a bhformhór.  Chreid Tuke gur dóigh gurbh fhearr a shocródh na himircigh síos thar lear dá n-imeodh an chlann uilig i dteannta a chéile. San am céanna bheadh fáil ar an talamh ag na comharsana sa mbaile rud a thabharfadh deis mhaireachtála ní b’fhearr dóibh.

I gCarna an tseachtain seo dúirt an Dr Gerard Moran, fear a bhfuil cuimse scríofa aige faoi James Hack Tuke go ligtear i ndearmad gurb é James Hack Tuke a spreag bunú Bhord na gCeantar Cúng sa tír seo.  “Tugtar an t-aitheantas sin do Arthur Balfour (Ard-Rúnaí na Breataine in Éirinn san am),” a deir an Dr Moran “ach dháiríre ba é Tuke a chuir cosa faoin iarracht sin agus faoin eagraíocht.”

Creideann an Dr Moran, a bhíonn ag léachtóireacht in Ollscoil Mhá Nuad agus in institiúidí oideachais eile,  go raibh Tuke an-tuisceanach sa mbealach a ndearna sé láimhsiú ar an imirce.  “Bhí sé socraithe aige sa gcaoi gur dhá theaghlach a ghabhfadh chuig ceantair nó cathracha éagsúla as grúpa ar bith a bhí ag dul go Meiriceá,” a deir an Dr Moran.

Dar le Moran nach raibh gaisce ná tóir ar aitheantas ag baint le Tuke.

Bhí dílseacht aige do dhaonnacht agus do mheon cabhrach Chumann na gCarad.  Mar shampla den mheon sin luann an Dr Moran scéilín faoi Tuke tráth a raibh sé ag teacht as Leitir Fraic go Carna ar charr capaill. Thug sé faoi deara go raibh an t-ainmhí ag éirí tuirseach. Dúirt sé le fear an chairr capaill gurbh fhearr dóibh stopadh agus go siúlfadh sé féin an chuid eile den aistear.

Chuir go leor daoine as iarthar Chonamara suim in obair agus i scéimeanna Tuke.   D’imigh 1300 duine as an gceantar idir Aibreán agus Meitheamh, 1882.  D’imigh go leor eile ina dhiaidh sin.  Ach, go háitiúil, ní maith a thaitnigh an polasaí seo le siopadóirí sa gClochán agus i mbailte eile; ba léir go raibh imní orthu go raibh a gcuid custaiméirí ag tréigean na háite.  I saol na polaitíochta, ní raibh Parnell, mar shampla amháin, an-tógtha leis an bplean.  Ach an té a bhí ag treabhadh anonn agus anall trí Chonamara mar a bhí James Hack Tuke, bhí cruatan gránna a bhí ag déanamh beagán do dhínit an duine le feiceáil aige chuile lá.

Bhí bean chéile James Hack Tuke ina chuideachta ar chuid dá thurais agus choinnigh sise cuntas ar na háiteacha a raibh sí agus an bhail a bhí ar na daoine.  Bhí Carna ar cheann de na háiteacha sin agus tá cuid den dialann sin curtha ar fáil don ócáid in Ionad na nImirceach ag an Dr Gerard Moran.

Tosóidh an chomhdháil trathnóna inniu (Dé hAoine) ag leathuair théis a seacht agus is í an tOllamh Christine Kinealy, an Stiúrthóir ar Institiúid an Ghorta Mhóir in Ollscoil Quinnipiac in Connecticut i Meiriceá a sheolfaidh an ócáid go hoifigiúil. Cuirfidh Caitríona Ní Cheannabháin agus a deartháireacha ceol ar fáil ag a 9 a chlog anocht (Dé hAoine). Leanfar d’imeachtaí na Cómhdhála amárach. Ansin beidh comhdháil faoi chúrsaí DNA in Ionad na nImirceach Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Comóradh ar obair fóirithinte James Hack Tuke'