Comóradh an RIC agus easpa cumais an Rialtais

Léiríonn cás comóradh an RIC éagumas an rialtais tráth a bhfuil a mhalairt ag teastáil go géar

Comóradh an RIC agus easpa cumais an Rialtais

Charlie Flanagan agus Leo Varadkar.. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Pléifidh Leo Varadkar agus Micheál Martin a bhfuil i ndán don rialtas agus don Dáil nuair a chasfar an bheirt ar a chéile inniu. D’oirfeadh sé don bheirt moill a chur ar ghairm olltoghcháin, ach ní léir socrú fós a dheimhneodh moill.

Tá a fhios ag an mbeirt acu nach bhfuil móramh seasmhach sa Dáil níos mó a choinneodh an margadh muiníne agus soláthair a rinne Fine Gael le Fianna Fáil in 2016 ar snámh. Is é bun-éirim an tsocraithe sin geallúint Fhianna Fáil go staonfadh an páirtí in aon vótáil sa Dáil ar cheisteanna airgeadais agus muiníne.

Dúirt an Taoiseach le gairid gur theastaigh socrú uaidh faoina ngeallfadh Fianna Fáil tacaíocht don rialtas seachas staonadh ó vótáil. Níl seans dá laghad ann go dtairgfear tacaíocht dá leithéid agus olltoghchán ar na bacáin. 

Dúirt Micheál Martin gur chóir teacht ar chomhaontú faoi chlár oibre na Dála as seo go dtí an Cháisc. Níor thairg sé (agus ní thairgfidh sé) leigheas ar an gcontúirt is mó atá ag bagairt ar an rialtas: vóta mímhuiníne san Aire Sláinte Simon Harris.

Is é bun agus barr an scéil mar sin nach bhfuil smacht ag Varadkar ná ag Martin ar shaolré na Dála. Beidh a rás rite má thograíonn Teachta Dála nó dhó vótáil in aghaidh an rialtais ar cheist mhuiníne nó airgeadais. Is mar gheall ar an gcúis éiginnteachta sin atá rogha chrua eile – olltoghchán i mí Feabhra – fós á meá ag an Taoiseach.

Idir an dá linn, tá sampla eile tugtha ag Leo Varadkar agus Charlie Flanagan beirt d’fhírinne léanmhar pholaitiúil: ní hé an freasúra a bhuann olltoghchán go minic ach an rialtas a chailleann é.

Nuair a bhí an comóradh oifigiúil ar Éirí Amach 1916 á phleanáil, bhí stuaim, tírghrá agus leathanaigeantacht follasach ó thús go deireadh. Ach chuir an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan na suáilcí sin i leataobh agus comóradh stáit ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann (RIC) á bheartú aige.

Níor chuir coiste comhairleach an rialtais moladh soiléir faoi bhráid an rialtais maidir le comóradh an RIC. Mhol na staraithe go mbreithneofaí tionscnaimh ar leith (“specific initiatives”) ach ní dhearna siad cur síos ar an gcineál comóradh a bheadh oiriúnach. Ainneoin na doiléire, agus gan dul i gcomhairle leis na staraithe, d’fhógair Flanagan searmanas cuimhneacháin ina mbeadh an Garda Síochána páirteach.

Ba léir míshásamh forleathan faoi thús na seachtaine agus an comóradh á cháineadh fiú amháin laistigh d’Fhine Gael. Ní raibh aon dul as ag Flanagan ach an searmanas a chur ar atráth Dé Máirt. Ar ndóigh, ní fios dáiríre freagra na gceisteanna seo. 

Cén uair a reáchtálfar comóradh stáit ar an RIC?

Cén cruth a bheas air?

An reáchtálfar ócáid chomórtha in aon chor?

Sa ráiteas inar fhógair Charlie Flanagan cur ar atráth an chomórtha, dúirt sé go rachadh sé i gcomhairle arís leis an gcoiste comhairleach a bhunaigh an rialtas, leis an gcoiste comórtha uilepháirtí,agus le daoine eile a bhfuil spéis acu san ábhar. Ba léir d’aon duine a bhí neamhchlaonta gurbh ionann a ráiteas agus admháil nach ndearna an tAire a chuid oibre i gceart go dtí seo.

Ní beag an dochar a rinne an chonspóid. Bhí ar aire rialtais amháin cúlú iomlán a fhógairt tar éis dó daoine nár aontaigh leis é a cháineadh go láidir. Tá údarás an Taoisigh lagaithe toisc gur thug sé lántacaíocht don phlean comórtha go dtí gur cuireadh ar ceal é… gabhaim mo leithscéal, go dtí gur cuireadh ar atráth é.

Tá míshásamh leis an Taoiseach agus le Charlie Flanagan léirithe ag comhaltaí d’Fhine Gael ar fud na tíre, ina measc na Teachtaí Dála Fergus O’Dowd agus Noel Rock, comhairleoirí an pháirtí i mBaile Átha Cliath agus, mar a tuairiscíodh ar RTE Raidió na Gaeltachta Dé Céadaoin, i nDún na nGall. 

Gan amhras, beidh an ghéarchéim sna hospidéil á plé níos minice ná cúrsaí comórtha idir seo agus lá an toghcháin. Ach ní chuideoidh drochbhreithiúnas agus místuaim lucht ceannais Fhine Gael lena gcás agus iad ag iarraidh fanacht i mbun rialtais ar dhóigh éigin tar éis na vótála.

Ní foláir cuimhneamh freisin ar ghné eile den díobháil a rinne an chonspóid chomórtha. Is dlúthchuid den easaontas polaitiúil i dTuaisceart Éireann nár aimsíodh comhréiteach fós chun déileáil le hiarsmaí ré na dTrioblóidí a chríochnaigh 23 bliain ó shin.

Ní dea-shampla ach a mhalairt atá á thabhairt ó dheas agus aighneas gránna dúisithe faoi eachraí a tharla céad bliain ó shin.

Fág freagra ar 'Comóradh an RIC agus easpa cumais an Rialtais'