Comhdháil inniu ag CnaG ar stádas na Gaeilge in Ollchomhairlí nua

Reáchtálfar Comhdháil in Ard Mhacha ar stádas na Gaeilge sna hOllchomhairlí nua inniu

9/10/2012. Eamon O Cuiv Dail Scenes
Éamon Ó Cuív a bheidh i láthair ag an gcomhdháil in Ard Mhacha. Pictiúr: Photocall Ireland

Beidh comhdháil faoi stádas na Gaeilge sna hOllchomhairlí nua á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge in Óstán Chathair Ard Mhacha .

Aistreofar an chumhacht ó na 26 chomhairle a bhíodh ann i dTuaisceart Éireann go na 11 comhairle nua an mhí seo chugainn. Díreoidh an chomhdháil seo ar ar féidir a bhaint amach don Ghaeilge sna hOllchomhairlí nua.

Beidh an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín agus an tAire Timpeallachta Mark H. Durkan i láthair chomh maith leis an Iar-Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív. Labhróidh ionadaí ón mBreatain Bheag ar a ndéantar ar son na Breatnaise in údaráis áitiúla na tíre sin freisin.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Cosanta Teanga agus Ionadaíochta Chonradh na Gaeilge, go gcaithfí na seirbhísí a chur ar fáil a chothaíonn agus a éascaíonn fás agus forbairt phobal na Gaeilge.

“Léirigh torthaí an tsuirbhé a rinne Millward Brown ar son Chonradh na Gaeilge ag tús na bliana seo go bhfuil tacaíocht leathan ann do sheirbhísí Gaeilge; 54% don phobal ó thuaidh i bhfábhar seirbhísí stáit a bheith ar fáil trí Ghaeilge dóibh siúd gur mian leo iad a úsáid.

“Tá gréasáin láidre pobal-bhunaithe de ghrúpaí Gaeilge fud fad an tuaiscirt, gan trácht ar fhorbairt na nGaelscoileanna, agus tá dualgais ar na hOllchomhairlí nua seo freastal ar an phobal seo de réir mar atá leagtha amach sa Chairt Eorpach.”

 

Fág freagra ar 'Comhdháil inniu ag CnaG ar stádas na Gaeilge in Ollchomhairlí nua'