Comhartha éigin ag teastáil go bhfuil Éire in ann an taoide a chasadh

Tá admhaithe ag Halgrímsson go bhfuil sé fós ag foghlaim faoi na himreoirí ach is ar éigean go raibh aon athrú le feiceáil ar imirt na hÉireann sa gcéad leath i gcoinne Shasana

Comhartha éigin ag teastáil go bhfuil Éire in ann an taoide a chasadh

Éire v An Ghréig, Staid Aviva – 7.45in (Beo ar RTÉ2)

Caithfidh imreoirí na hÉireann an taispeántas tubaisteach in aghaidh Shasana a chur díobh tapa go maith agus iad le casadh ar an nGréig anocht i mBaile Átha Cliath sa dara babhta de Shraith na Náisiún.

Dúshlán mór a bhí ann do Heimir Halgrímsson aghaidh a thabhairt ar Shasana sa gcéad chluiche aige mar bhainisteoir ach léiríodh an obair atá roimhe agus an bhearna ollmhór atá idir Éirinn agus leithéidí na Sasanach sa chailliúint 2-0. Ar ndóigh ba chrá croí ceart a bhí ann gurbh iad Declan Rice agus Jack Grealish a d’aimsigh na cúil ach bhí drochimirt na hÉireann níos gruama fós agus na heasnaimh chéanna atá ag cur as don fhoireann le cúpla bliain ríshoiléir i gcónaí.

Tá admhaithe ag Halgrímsson go bhfuil sé fós ag foghlaim faoi na himreoirí ach is ar éigean go raibh aon athrú le feiceáil ar imirt na hÉireann sa gcéad leath sin. D’fheabhsaigh cúrsaí de bheagán sa dara leath nuair a cuireadh imreoir breise isteach i lár na páirce ach níl aon amhras ann ach go raibh na maidí scaoilte le sruth ag Sasana ag an bpointe sin. Fiú agus é sin ráite, d’fhéadfadh trí nó ceithre chúl eile a bheith scóráilte go héasca ag na Sasanaigh murach sár-imirt Chaoimhín Kelleher i gcúl na hÉireann.

Níl cuairteoirí na hoíche anocht chomh láidir le Sasana ach tá taithí mhaith againn ar chumas na nGréagach agus an ceann is fearr faighte acu ar Éirinn faoi dhó sa gcomórtas cáilithe deireanach do Euro 2024. An chailliúint 1-2 san Aithin a d’fhág gur chinn an FAI gan conradh nua a thabhairt do Stephen Kenny agus gheobhaimid léargas anocht an bhfuil tada níos fearr le fáil  faoina chomharba.

Tá Gus Poyet, a bhí i gceannas ar an nGréig an uair sin agus a bhí luaite le post na hÉireann, imithe agus Ivan Jovanovic tagtha ina áit. Chuir Jovanovic tús maith lena ré agus bua 3-0 faighte ag na Gréagaigh i gcoinne na Fionlainne ag an deireadh seachtaine.

Beidh ar a laghad athrú amháin le déanamh ar an bhfoireann a chuaigh chun páirce i gcoinne Shasana agus gortú rúitín ag cur as do Shéamus Coleman. Tá Festy Ebosele tugtha isteach sa scuad in áit an Chonallaigh ach d’fhéadfadh go bhfeicfear Chieodze Ogbene ar thaobh na láimhe deise den chosaint. D’éirigh go maith leis nuair a thit sé siar ann i gcoinne Shasana ach bheadh air súil a choinneáil ar Kostas Tsimikas, a raibh an-tionchar aige sa chluiche siúd sa nGréig anuraidh.

Dúirt Halgrímsson ag an deireadh seachtaine nach bhfuil Evan Ferguson réidh chun an cluiche seo a thosú agus é ag filleadh ó ghortú. Is beag deis a fuair Adam Idah chun dul i bhfeidhm ar an imirt Dé Sathairn seo caite ach ba cheart go mbeadh níos mó seilbhe ag Éirinn ar an liathróid anocht agus má chuirtear Sammie Szmodics níos lárnaí chun tacú leis, beidh deis níos fearr ag Idah agus ag Éirinn dul ar an ionsaí.

Tá Éire fós an-lag i lár na páirce agus cinneadh aisteach a bhí ann Jayson Molumby agus Will Smallbowne a fhágáil leo féin ann in aghaidh Shasana. Tá imreoir eile ag teastáil san ionad sin, Alan Browne nó b’fhéidir Jason Knight, chun seans a thabhairt d’Éirinn greim a fháil ar an imirt.

Níor cheart go mbeadh aon duine ag súil le hathrú ollmhór san Aviva anocht ón méid atá feicthe roimhe seo ach tá comhartha éigin ag teastáil go bhfuil an taoide ag casadh.

Fág freagra ar 'Comhartha éigin ag teastáil go bhfuil Éire in ann an taoide a chasadh'