Comhaontú Aoine an Chéasta, Conamara, an imirce agus an Seanadóir George Mitchell

Déanfar Comóradh ar ghné ar leith de scéal Chomhaontú Aoine an Chéasta in Ionad Oidhreachta na hÉireann in Maine anocht

Comhaontú Aoine an Chéasta, Conamara, an imirce agus an Seanadóir George Mitchell

Déanfar ceiliúradh agus comóradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta i mBaile Átha Cliath inniu. Ar an 10 Aibreán, 1998, a rinneadh an beart a leag an bhunchloch don tsíocháin sa Tuaisceart. Tá an toscaire a bhí ag na Stáit Aontaithe i dTuaisceart na hÉireann san am sin, an Seanadóir George Mitchell, ar ais anseo agus é ag caitheamh súil siar agus súil chun cinn. Moladh é as a chuid oibre fiche bliain ó shin agus dúradh gur ar éigean a bheadh socrú ann murach é. Tabharfar aird ar leith ar a chuid tuairimí agus a chuid smaointe faoi chúrsaí an tuaiscirt inniu.

Ach, ait go leor murach fear de bhunadh Charna i gConamara, b’fhéidir nach mbeadh a lámh go deo ag an Seanadóir George Mitchell sa réiteach i dTuaisceart na hÉireann ná sa bpolaitíocht in Washington.

Tabharfar an scéal agus an ceangal sin idir mac imirceoirí as Conamara agus an Seanadóir George Mitchell chun cuimhne i gcathair Portland i Stát Maine anocht nuair a thaispeánfar an scannán Building Bridges – The Connections Between Maine’s Governor, Joseph Brennan and Senator George Mitchell.   Is é an Gobharnóir Brennan a rinne Seanadóir de George Mitchell an chéad lá ariamh agus chuile sheans go mbeidh sé ag ócáid na hoíche anocht in Ionad Oidhreachta na hÉireann in bPortland. Tá Joe Brennan ceithre bliana le cois na ceithre scór anois agus é ina chónaí ina chathair dhúchais, Portland i Stát Maine.

Bhí Joseph Brennan ina Ghobharnóir ar Maine ar feadh ocht mbliana, 1979-1987.   Tharla sé gur thit sé ar a chrann go n-ainmneodh sé Seanadóir as Maine go Washington luath go maith ina théarma i gcumhacht. San am sin – agus fós i gcuid de na Stáit – ba leis an ngobharnóir duine nua a ainmniú i leaba Seanadóra a d’éireodh as a chuid dualgas idir dhá thoghchán.   Bhí Edmund Muskie ar dhuine de bheirt Seanadóirí i Stát Maine san am agus d’ainmnigh an tUachtarán Jimmy Carter eisean mar Rúnaí Stáit Mheiriceá i mBealtaine 1980. D’fhág sin go raibh Seanadóir nua le ceapadh. Bhí George Mitchell gníomhach sa saol poiblí in Portland agus in Maine. Shocraigh an Gobharnóir Brennan go gceapfaí George Mitchell mar Sheanadóir thar ceann an Stáit i Washington.

As sin amach mhéadaigh clú agus cáil George Mitchell. Bhí sé sa Seanad go dtí 1995 agus chaith sé tamall de na blianta sin ina cheannaire ar na Daonlathaigh. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina thoscaire ag na Stáit Aontaithe i dTuaisceart na hÉireann agus sa Meánoirthear.

Ach céard faoi Joseph Brennan, an fear a chuir tús dháiríre le stádas George Mitchell sa saol náisiúnta sna Stáit agus go hidirnáisiúnta? D’fhág a sheanmháthair, Bríd Nic Dhonnchadha. a bhí ina baintreach go hóg, agus an t-aon mhac a bhí fanta aice – John – Roisín na Mainiach i gCarna i mí na Samhna 1900. Sé bliana d’aois a bhí John san am. Bhíodar fágtha go dona: bhásaigh Bearta Ó Braonáin, fear Bhríd, beagán blianta roimhe sin agus bhásaigh beirt pháistí leo.

Sa mbaile ba ghaire dóibh i gCarna, Caladh Mhaínse, bhí cailín darbh ainm Kate Mheairc Mhurchadha (Ní Mhaoilchiarain). D’imigh sise freisin go Portland i Maine nuair a d’éirigh sí aníos ina bean óg. Le himeacht aimsire casadh ar a chéile Kate Ní Mhaoilchiaráin agus John Brennan in Portland agus phósadar. Bhí Joseph Brennan ar dhuine dá gclann mhac.

Bhí go leor daoine as Conamara i gceantar Munjoy Hill in Portland san am. Bhíodar ag déanamh a ndíchill ach shaothraíodar an saol freisin.   Ba dheacair dóibh céimeanna níos airde a bhaint amach sa saol ach níor choinnigh na míbhuntáistí sin Joseph Brennan siar.

Cháiligh sé ina dhlíodóir. In aois 31, sa mbliain 1965, toghadh Joseph Brennan mar ionadaí sa bParlaimint Stáit i Maine. Choinnigh sé air ansin agus toghadh é ina ghobharnóir i 1979. Bhí sé ina Fheisire Comhdhála (Congressman) in Washington idir 1987 agus 1991. I 1996 cheap an tUachtarán Bill Clinton é mar bhall de Choimisiún Náisiúnta na Mara in Washington. Cheap an tUachtarán George W. Bush é don dara téarma ceithre bliana sa bpost sin in 2000.

Is é an tOllamh le Stair, Michael Connolly, a rinne an scannán faoin gceangal idir Joseph Brennan agus George Mitchell, feisire Mheiriceá sa Tuaisceart aimsir shocrú Aoine an Chéasta. Tarlaíonn sé gur as Caladh Mhaínse – baile dúchais mháthair Joseph Brennan – iad sinsir Michael Connolly freisin. Tá na ceangail seo uilig fite, fuaite i scéal na himirce as Conamara.

I mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste is mó a bheidh an aird inniu ar imeachtaí stairiúla mhí an Aibreáin 1998 i dTuaisceart na hÉireann. Ach, ní beag an bhaint a bhí ag daoine i bPortland i Maine leis an scéal uilig. Tabharfaidh sliocht na n-imirceoirí as Conamara é sin chun cuimhne in Portland Maine anocht.

Fág freagra ar 'Comhaontú Aoine an Chéasta, Conamara, an imirce agus an Seanadóir George Mitchell'