AN POD GAEILGE: ‘Níl a fhios ag Meiriceá céard atá ar siúl acu, ach tá a fhios ag Netanyahu céard atá uaidh’

Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ pléitear an cogadh sa Mheánoirthear

AN POD GAEILGE: ‘Níl a fhios ag Meiriceá céard atá ar siúl acu, ach tá a fhios ag Netanyahu céard atá uaidh’

 

Tá beagnach 2,000 duine curtha den saol ó thosaigh na Stáit Aontaithe agus Iosrael a gcogadh ar an Iaráin ar an 28 Feabhra. In éineacht le Bridget agus Maitiú an tseachtain seo tá Seosamh Mac Donncha, iarchoirnéal in arm na hÉireann agus saineolaí ar chúrsaí míleata agus an t-iriseoir agus colúnaí le Tuairisc, Póilín Ní Chiaráin. Pléitear an cogadh, na spriocanna nó easpa spriocanna a bhí leis, agus céard a d’fhéadfadh tarlú.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Níl a fhios ag Meiriceá céard atá ar siúl acu, ach tá a fhios ag Netanyahu céard atá uaidh’'