Ní ligfear ‘an lítear amháin féin ola’ trí Chaolas Hormuz – an Iaráin

Is beag bídeach nach bhfuil Caolas Hormuz dúnta ar fad faoin tráth seo agus an cogadh ag scaipeadh sa Mheánoirthear

Ní ligfear ‘an lítear amháin féin ola’ trí Chaolas Hormuz – an Iaráin

Ionsaíodh trí long ar a laghad inniu i gCaolas Hormuz agus ina chóngar, bealach ríthábhachtach iompar ola.

Tharla na hionsaithe seo tar éis don Iaráin a bhagairt nach “ligfí an lítear amháin féin ola” trí Chaolas Hormuz le ghabháil go dtí na Stáit Aontaithe, Iosrael ná a gcomhpháirtithe.

“Tá cúis mhaith againn targaid a dhéanamh d’aon árthach nó tancaer a bhíonn ar a mbealach go dtí na tíortha sin,” a dúirt Ebrahim Zolfaqari, urlabhraí údaráis mhíleata na hIaráine.

Dúirt Zolfaqari freisin go raibh sé i gceist an t-ionsaí ar an ionsaí a bhí mar pholasaí ag an Iaráin go dtí seo a athrú agus gur ionsaithe as a chéile a bheadh ann feasta.

“Bígí réidh,” a deir sé, “le $200 a íoc ar bhairille ola mar braitheann praghas na hola ar shlándáil an réigiúin agus tá sí sin scriosta agaibhse.”

Is beag bídeach nach bhfuil Caolas Hormuz dúnta ar fad faoin tráth seo agus an cogadh ag scaipeadh sa Mheánoirthear. Is é an caolas sin an bealach loingseoireachta is cruógaí sa domhan agus is tríd a sheoltar an cúigiú cuid d’ola na cruinne.

Agus cúrsaí ina gceart, seolann thart ar 3000 long sa mhí trí Chaolas Hormuz ach ní nach ionadh, tá an trácht sin laghdaithe de bharr an chogaidh seo.

Caolas é Hormuz atá sách domhain do na tancaeir amhola is mó ar domhan agus baineann táirgeoirí móra ola agus gáis an Mheánoirthir úsáid as – an Iaráin, an Iaráic, Cuáit, Catar, an Araib Shádach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

Tá níos mó ná 1,800 duine maraithe ó thosaigh an cogadh is déanaí seo, a bhformhór sin san Iaráin agus tá margaí fuinnimh na cruinne ina gcíor thuathail aige. Tá praghas ola ardaithe ar thomhaltóirí ar fud na cruinne.

Le aon lá dhéag rinneadh ionsaithe ar thrí cinn déag de longa i gCaolas Hormuz, i Murascaill na Peirse agus i Murascaill Óman.

In éiric ionsaí na Stát Aontaithe agus Iosrael an 28 Feabhra a mharaigh Príomhcheannaire na tíre, tá ionsaithe déanta go forleathan ag an Iaráin.

Rinne sí tuilleadh ionsaithe inniu agus tá tuairiscí ann ó roinnt tíortha timpeall na Murascaille go raibh diúracáin agus dróin á ndíriú ar a n-aerspás féin ó mhaidin.

Fág freagra ar 'Ní ligfear ‘an lítear amháin féin ola’ trí Chaolas Hormuz – an Iaráin'

  • Peter

    Ach a gcuid long féin (longa ola na hIaráine) ag seoladh leo gan mhaisle gan mháchail tríd an gcaolas céanna, dar leis an WSJ, agus iad lán go gunnail.
    An té nach bhfuil láidir …..