Tá taca adhmaid curtha in áit i gclochán coirceogach ársa i gCorca Dhuibhne a thit de bharr na drochaimsire le déanaí agus súil ag lucht caomhnaithe na hoidhreachta an clochán a atógáil sna seachtainí amach romhainn.
Tá an-tóir ag turasóirí ar na clocháin choirceogacha i nGleann Fán atá ar bhóthar Cheann Sléibhe – bealach cáiliúil turasóireachta in Iarthar Dhuibhneach – clocháin choirceogacha a luaitear leis na manaigh a chuir fúthu sa cheantar os cionn míle bliain ó shin.
Tuigtear do Tuairisc gur mar gheall ar an drochaimsir a bhí ann le dhá mhí anuas gur thit cuid de na clocháin choirceogacha as a chéile le déanaí. Dúirt duine a labhair le Tuairisc faoin scéal go meastar gur mar gheall ar an mbáisteach throm, an talamh báite, agus an ghaoth láidir a thit na clocha de cheann de na clocháin choirceogacha mhóra, a bhfuil trí sheomra ann.
Dúradh nárbh é seo an chéad uair ar tharla a leithéid agus gur atógadh na clocháin choirceogacha i lár an chéid seo caite nuair a thit cuid díobh mar gheall ar dhrochaimsir an uair sin.
Dúirt an duine, a bhíonn ag plé le caomhnú na hoidhreachta, go dtiteann “píosaí de na rudaí seo anois agus arís” agus go dtugann muintir na háite “aire” do na séadchomharthaí nuair a tharlaíonn a leithéid.
“Tá trí sheomra sa cheann seo a thit, ach níor thit ach taobh amháin de. Dá dtitfeadh a thuilleadh, b’fhéidir go mbeadh an rud go léir imithe, mar sin caithfear é a dheisiú,” a dúradh le Tuairisc.
Tuigtear do Tuairisc go bhfuil fráma adhmaid curtha in áit leis an gcuid eile den struchtúr a chosaint a fhad is a bheifear ag atógáil an chlocháin choirceogaigh.
“Cuireadh fráma adhmaid isteach chun í a choimeád ina seasamh, agus tá na seandálaithe, ailtirí, agus tógálaithe tagtha le plean a chur le chéile. Caithfear an-chuid ama ag smaoineamh air, caithfear féachaint ar na seanphictiúirí agus ar na cáipéisí a scríobhadh nuair a bhíothas á staidéar fadó.
“An phríomhaidhm a bheidh ann ná í a chur ar ais 100% mar a bhí. Beidh sé sin an-deacair le rud atá déanta as cloch mar seo. Tá an obair tosaithe, ach beidh páipéarachas i gceist do rud mar seo agus cuirfidh sé sin moill ar chúrsaí, tá ceadúnais agus rudaí mar sin le fáil. Tá an obair tosaithe leis an áit a réiteach,” a dúradh le Tuairisc.
WTF
Mholfainn an conradh athchóirithe ar na séadchomharthaí ársa seo a thabhairt do BAM.
Sean-taithí acu súd ar pháipéarachas, spallaíocht agus rudaí a ársú i gceart.