Tá an fear ar thángthas ar a chorp ar leataobh an bhóthair i Ros an Mhíl i gConamara ar an Luan ainmnithe agus socruithe a shochraide fógartha.
Pádraic Tom Phádraic Ó Loideáin as Cnoc Aduaidh i gCasla an fear a bhásaigh in aois a 74 bliain. Fágann Pádraic ceathrar deirfiúracha, nianna, neachtanna, gaolta agus comharsana faoi bhrón ina dhiaidh.
Beidh Pádraic á thórramh i dTeach Tórraimh Uí Neachtain ar an gCnoc tráthnóna agus léifear aifreann a shochraide i Séipéal na Tulaí ar an Aoine sula gcuirfear a chorp i reilig Mhaírois ar an gCloich Mhóir.
Caoimhín Mac Luinge
Ar dheis Dé go raibh a anam.