Tá iarrtha ag chomhairleoir de chuid an DUP go gcuirfí cosc ar an eagraíocht Ghaeilge Glór na Móna imeachtaí a reáchtáil i Halla na Cathrach i mBéal Feirste as seo amach ar mhaithe le “cothromaíocht agus comhionannas”.
Tagann an t-iarratas ón gcomhairleoir Sarah Bunting sna sála ar chinneadh Sheirbhís Ionchúiseamh Poiblí (PPS) an Tuaiscirt gan iarfhostaí de chuid Shinn Féin a chúiseamh as dochar a dhéanamh do phortráid d’iarmhéara Bhéal Feirste de chuid an DUP i ndiaidh ócáid cheiliúrtha a bhí ar siúl ag an eagraíocht Glór na Móna i Halla na Cathrach anuraidh.
Ag labhairt di ag cruinniú de chuid na comhairle cathrach an tseachtain seo, dúirt Bunting go mbaineann an t-iarratas seo le cosaint a dhéanamh ar “spás sibhialta” agus gur cheart go mbeadh meas ag daoine ar “dhínit na ndaoine uilig” a bhfuil a gcuid portráidí crochta ar na ballaí i Halla na Cathrach.
Dúirt Bunting gur cheart go gcuirfí cosc ar Ghlór na Móna ó áirithintí a dhéanamh amach anseo i Halla na Cathrach mar gur cuireadh cosc ar bhanna ceoil dílseach ó Ghlaschú in 2019, i ndiaidh dóibh amhráin sheicteacha a sheinm agus iad ag máirseáil timpeall an halla ag imeacht de chuid an Oird Oráistigh.
Dúirt sí gur chinn an Chomhairle ag an am gur sháraigh an eachtra sin “na téarmaí agus na coinníollacha” a bhí ag an Chomhairle agus go ndearnadh an cinneadh cosc a chur ar an “bhanna ceoil agus an lóiste Oráisteach” áirithe sin ó áirithintí amach anseo.
Dúirt sí go raibh sí “ag streachailt” chun an difear a fheiceáil idir an dá eachtra agus gur cheart go mbeadh na rialacha céanna á gcur i bhfeidhm i rith an ama
Mar fhreagra ar iarratas an chomhairleora cosc a chur ar Ghlór na Móna, dúirt an comhairleoir de chuid an SDLP, Donal Lyons gurbh é an tuiscint a bhí aige san ná gur cuireadh cosc ar an bhanna ceoil dílseach in 2019 agus nár cuireadh cosc ar an lucht eagraithe, [an lóiste Oráisteach].
Dúirt an comhairleoir de chuid Shinn Féin, Ryan Murphy ag an chruinniú gurbh é an tuiscint a bhí aigesean nár cuireadh cosc ar an lóiste Oráisteach ar thagair an Comhairleoir Bunting dó, ó áirithintí i Halla na Cathrach amach anseo.
Dúirt sé, go raibh an fiosrúchán déanta, gur chomhoibrigh a pháirtí leis agus go raibh an toradh faighte.
Thug Glór na Móna le fios ag an am go raibh “díomá an domhain” orthu gur tharla a leithéid i ndiaidh a n-ócáid cheiliúrtha in 2024.
Dúradh go raibh “iarrachtaí suntasacha” déanta chun fáil amach céard go díreach a tharla san eachtra ach go raibh eolas ríthábhachtach fós ar iarraidh.
Dúirt an PPS, mar shampla, nach rabhthas in ann teacht ar aon fhinnéithe, nach raibh aon cheamara CCTV ag obair san áit inar tharla an eachtra agus nár soláthraíodh aon liosta díobh siúd a bhí i láthair ag an ócáid.
D’fhreastail an té a bhí luaite leis an eachtra ar agallamh leis an PSNI dá dheoin féin mí na Samhna anuraidh ach dúirt an PPS gur “fheidhmigh an té a bhí á lua an ceart gan ceisteanna a fhreagairt”.
Choinnigh an PSNI agus an PPS ag fiosrú na heachtra ach dúradh an tseachtain seo a chuaigh thart go raibh deireadh leis an bhfiosrúchán toisc gur bheag seans go gciontófar aon duine.
Lorg Tuairisc ráiteas ó Ghlór na Móna faoin méid a dúradh ag an chruinniú de chuid na Comhairle Cathrach, ach ní bhfuair muid aon fhreagra go fóill.
Fág freagra ar 'Comhairleoir de chuid an DUP ag iarraidh cosc a chur ar eagraíocht Ghaeilge imeachtaí a reáchtáil i Halla na Cathrach'