Cinneadh déanta gan aon duine a chúiseamh maidir le heachtra inar deineadh dochar do phortráid i ndiaidh ócáid teanga

D’éirigh iarfhostaí de chuid Shinn Féin as a phost mar gheall ar an eachtra inar deineadh dochar do phortráid d’iarmhéara ar Bhéal Feirste de chuid an DUP ach deir Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí an Tuaiscirt nach bhfuil dóthain fianaise ann chun cás a thabhairt

Cinneadh déanta gan aon duine a chúiseamh maidir le heachtra inar deineadh dochar do phortráid i ndiaidh ócáid teanga

Wallace Brown

Tá sé fógartha ag Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí (PPS) an Tuaiscirt nach gcúiseofar iarfhostaí de chuid Shinn Féin as dochar a dhéanamh do phortráid d’iarmhéara Bhéal Feirste de chuid an DUP i ndiaidh ócáid Ghaeilge anuraidh.

Chuir Sinn Féin an té a bhí i gceist ar fionraí mar gheall ar an eachtra ina ndearnadh damáiste de phortráid den iarmhéara Wallace Brown i Halla na Cathrach i mBéal Feirste. D’éirigh an té sin as a phost agus as ballraíocht i páirtí Shinn Féin ina dhiaidh sin.

Dúradh ag an am gur baineadh an phortráid den bhalla agus gur briseadh an fráma gloine a bhí uirthi. Meastar gur chosain sé beagnach £2,500 an phortráid a dheisiú agus tá sé curtha ar taispeáint arís ó shin.

Rinne an PSNI an eachtra a fhiosrú mar choir fuatha ach d’fhógair an PPS inniu go raibh cinneadh déanta gan aon duine a chúiseamh mar “nach raibh aon dóchúlacht réasúnach ann go gciontófaí aon duine i gcion choiriúil ar an bhfianaise a bhí ar fáil”.

Tharla an eachtra i ndiaidh ócáid cheiliúrtha a bhí ar siúl ag an eagraíocht Glór na Móna. Dúirt an eagraíocht ag an am go raibh “díomá an domhain” orthu gur tharla a leithéid i ndiaidh na hócáide.

Dúradh go raibh “iarrachtaí suntasacha” déanta chun fáil amach céard go díreach a tharla san eachtra ach go raibh eolas ríthábhachtach fós ar iarraidh.

Dúirt an PPS, mar shampla, nach rabhthas in ann teacht ar aon fhinnéithe, nach raibh aon cheamara CCTV ag obair san áit inar tharla an eachtra agus nár soláthraíodh aon liosta díobh siúd a bhí i láthair ag an ócáid.

D’fhreastail an té a bhí luaite leis an eachtra ar agallamh leis an PSNI dá dheoin féin mí na Samhna anuraidh ach dúirt an PPS “d’fheidhmigh an té a bhí á lua an ceart gan ceisteanna a fhreagairt”.

Rinneadh damáiste don phortráid i ndiaidh ócáid a reáchtáladh ar an 19 Samhain 2024. Dhá lá ina dhiaidh sin, d’fhógair an Chéad-Aire Michelle O’Neill i dTionól Thuaisceart Éireann gur thug fostaí de chuid Shinn Féin le fios do Phríomhaoire an pháirtí go raibh baint acu leis an eachtra agus go raibh an duine sin curtha ar fionraí. D’éirigh siad as ina dhiaidh sin.

Choinnigh an PSNI agus an PPS ag fiosrú heachtra go dtí níos luaithe an mhí seo ach dúradh inniu go raibh deireadh leis an bhfiosrúchán toisc gur bheag seans go gciontófar aon duine.

“Eachtra í seo a tharraing go leor airde agus a chothaigh imní go leor agus go leor ceisteanna ag daoine faoi conas agus cen fáth ar deineadh damáiste don phortráid,” a dúirt urlabhraí de chuid an PPS.

“Ní iontas ar bith gur ceapadh go mbeadh cúiseamh sa gcás seo nuair a cuireadh ball de Shinn Féin ar fionraí agus gur éirigh an duine as ballraíocht sa bpáirtí.

“Ach ní féidir le hionchúisitheoirí imeachtaí a thionscnamh ach bunaithe ar an bhfianaise a bhíonn ar fáil faoin gcás agus sa chás seo bhí bearnaí suntasacha sa bhfianaise a chuir as don dóchúlacht go gcúiseofaí duine ar bith.D’ainneoin breis fiosrúchán a bheith déanta ag an PSNI ar iarratas ón PPS, níorbh fhéidir an easpa fianaise sin a shárú.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta gan aon duine a chúiseamh maidir le heachtra inar deineadh dochar do phortráid i ndiaidh ócáid teanga'

  • Seosamh Ó Beirgin

    Ní go beacht an chaoi is fearr chun an Ghaeilge a chur chun cinn, sílim.